Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach den Aidbhint Bliain A
(7/12/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt 9:30rn
Dé hAoine 9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 11:00rn
Dé hAoine – 10:30rn (Céad Aoine)
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead

AN DARA DOMHNACH DEN AIDBHINT Bliain A
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Faidh Is 11:1-10
Tugann sé breithiúnas cothrom i leith na ndearóile.
Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;
tá spiorad an Tiarna ag lonnú air, spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna. (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta, ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha
agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.
Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine,
agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.
Is í an chóir bréid cheangail a choime,
agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,
an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;
tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht
agus gasúr óg á mbuachailleacht.
Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais, agus a gceanna beaga in aon ál le chéile; tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra, ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,
óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiarna mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.
Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 71:1-2, 7-8, 12-123, R/v7
Freagra Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.
1. Tabhair do bhreithiúnas, a Dhia, don rí agus d’fhíréantacht do mhac an rí.
Go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a
agus cothrom do na bochta. Freagra
2. Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena nó go meathfaidh an ghealach.
Beidh a réimeas ó mhuir go muir, ón Abhainn Mór go críoch na cruinne. Freagra
3. Óir saorfaidh sé na bochta nuair a ghlaofaidh siad air agus na hainniseoirí gan chúnamh.
Glacfaidh sé trua don duine lag agus sábhálfaidh sé an duine dealbh. Freagra
4. Go moltar a ainm go brách an fad a bheidh an ghrian ann.
Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 15:4-9
SlánaIonn Críost gach aon duine.
Abhráithre, gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa ar shlí go mbeidh sibh d’aontoil agus d’aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa:
“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do d’ainm le duan.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Vearsa Lc 3:4, 6
Alleluia, Alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna, déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha3:1-12 Glóir duit, a Thiarna.
Déanaigí aithrí mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.
Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:
“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh san fhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’”
Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo:
“A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d’Abrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.
Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí;
ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise,
agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh;
cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196