Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Nodhlaig
(24-25/12/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adhradh mar is gnáth
Dé Máirt 9:30rn
Dé Ceadaoin 11.00rn
6:00 in (Oiche Nodhlag)
Deardaoin Lá Nodhlag 11:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Deardaoin Lá Nodhlag 10:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Deardaoin Lá Nodhlag 8:30rn
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé Ceadaoin Oiche Nodhlag 8:00in
Deardaoin Lá Nodhlag 11:30rn
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin Oiche Nodhlag 9.00pm
Déardaoin (Lá Ndhlag) 9.30 am(rn)
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Dé Ceadaoin Oiche Nodhlag 6:30
Faoisteann don Nodhlaig
CluanDroichead Dé Luain 7:30-8:30in (pm)
Baile Mhuirne Dé Máirt 12:00-1:00 agus 7:30 – 8:30in
Dé Ceadaoin 924ú) 12:00 – 1:00in
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
John Hoare, Na Cúil (Cools)
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
28/12/2-25
FÉILE AN TEAGHGLAIGH NAOFA Blian A
(Blian A: 2025)
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Sírach – 3:2-6, 12-14
An té ar bhfuil eagla an Tiarna, tugann sé onóir dá thuismitheoirí
Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,
agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.
An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.
An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.
An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n-ábhar áthais dó,
agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,
agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.
A mhic, glac cúram d’athar ort féin i ndeireadh a shaoil agus ná cuir brón air fad is beo dó.
Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;
ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.
Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d’athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,
agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
Briathar an Tiarna Buíochas le Diatiarna
Salm le Freagra Sm 127 L: 1-5 R/v 1
Freagra Is aoibhinnaidh tú toradh do shaothair féin.
do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ins shlite
1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ins shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin. Beidh úgo sona séanmhar. Freagra
2. Beidh do bhean amhail finiúin thorthach i gcearlár di thí
beidh do clann mar bhuinneáin olóige agus iad mórthimpeall do bhoird. Freagra
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an tiarna thú as Sión amach gach láde do shaol. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh: 3:12-21
Saol an teaghlaigh i nDia
A bhraithre, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua
croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne. Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a
bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna
daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna. Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin.
Agus bígí buíoch. Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna
Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd. Saol an Teaghlaigh
A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.
A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu.
Briathar an Tiarna Buíochas le Diatiarna
Alleluia Véarsa Col 3 :15-16
Alleluia, alleluia
Bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí;
bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc.
Alleluia
SOISCÉAL
The Lord be with you. And with your spirit
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 2:22-40 Glory to you, O Lord.
Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael.
Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna – mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” – agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”
Bhí fear in Iarúsailéim
darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:
“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a
Thiarna, de réir d’fhocail, faoi shíocháin,
mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”
Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair:
“Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar – agus gabhfaidh claíomh trí d’anam féin – chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”
Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn I mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d’oíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d’fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196