Nuacht Litir 21/12/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Advent: Incarnating Love – Sisters of St. Joseph of Carondelet

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint Bliain A

(21/12/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

John Hoare, Na Cúil (Cools)
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead

 

 

AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT, Blian A

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar
Íseáia       7:10-14
Ta an óghbhean ag iompar.

Labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt: “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.
D’fhreagair Áchaz: Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”
Ansin dúirt sé:Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine
go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.
Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú,
agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air. is é sin, Tá Dia-linn.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 23:1-6 R/v. 7. 10
Freagra                        Tagadh an Tiarna isteach! Is e Rí na glóire é.

I.  Leis an Tiarna an chruinne agus a bhfuil inti: an domhan go léir agus a maireann ann.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é, agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.             Freagra

2. Cé a rachaidh suas ar chnoc an Tiarna? Cé a bheidh ina sheasamh ar a láthair naofa?
An té a bhfuil lámha gan smál agus croí glan aige, an té ar beag air nithe gan tairbhe.            Freagra

3.  Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin agus luach saothair ó Dhia a shlánaitheoir.
A leithéid siúd a bhíonn á lorg, a bhíonn ar thóir Dhia Iácób.                                                       Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh       1:1-7
Íosa Críost, de shliocht Dháivi, Mac Dé.

Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé. An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa,
is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví: ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh. Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost. Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón TiarnaÍosa Críost.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia.

Alleluia!                       Mth 1:23
Alleluia, alleluia!
Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh si mac agus bhéarfar
Emmanúél mar ainm air
-ainm a chiallaionn ‘Tá-Dia-linn’.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.                      Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 1:18-24        Glóir duit a Thiarna. 
Seasfaidh flaitheas Dháivi go daingean i la’thair an Tiarna.

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú.
BMuire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do I mbrionglóid agus dúirt:Joe and mary
A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar ‘Imeánuéil’ mar ainm air”– ainm a chiallaíonn:’Tá Dia linn.’

Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

FÓGRA
Dear Parishioners,
We are all very aware of the declining number of priests in our diocese and the reduction to masses. A meeting has taken place in recent weeks in each deanery in the diocese to discuss at a more local level. To this end, looking at our own parish, a very important meeting will take place this coming Wednesday (December 3rd) at the school hall at Scoil Abán Naofa regarding the inevitable changes to mass times and frequency in the future. This will be an informative meeting to discuss our present situation and what we want to see going forward. All are welcome.
7.00-7.45 as Béarla/in English
8.00 – 8.45 as Gaeilge
A chairde an pharóiste,
Tuigimid go léir go bhfuil ganntanas sagart mórthimpeall na deoise, agus níos lú Aifrinntí á rá dá bharr sin.
Le déanaí, reachtaíodh cruinnithe sa deoise maidir leis seo. Uime sin, ag féachaint go háitiúil ar ár bparóiste féin, beidh cruinniú tábhachtach an Chéadaoin seo chugainn (3ú Nollaig) chun é seo agus todhchaí an pharóiste a phlé. Oíche eolais a bheidh i gceist.

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196