Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 11ú Iúil 2021
An Cúigiú Domhnach Déag

Athair Dónal Ó Briain
Sagart Paróiste agus Cara Dílis
le Muintior am Pharóiste
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
________________________________________________
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Athair Dónal Ó Briain, Sagart Paróiste
A fuair bás le linn na seachtaine
Paddy (Mick) Lyons, Baile Mhic Íre.
Siobhán Uí Liatháin, Cnoc an Iúir
Maura O’Shea, Cluain Droichid
Mary Hennessy, Seana Gharraí
Conchúr Ó Ceallaigh, Seana Chluain
Dónal Ó Ceallaigh, Gort na Tiobraid
Gobnait Cronin, Plantation
Christy Kelleher, Cúl na Cathrach
Jerry & Mary McSweeney, Gort an Acra
Nóra & Patsy Lynch, Na hUlláin Thoir
Dónal & John O’Riordan, Cnoc an Iúir
John & Margaret (Maggie) Kelleher, Doirín Álainn
Margaret O’Riordan, Ráth Únach
Michael & Margaret O’Brien, Árdán Ghobnatan
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
AIFREANNTAÍ
- Baile Mhúirne
Satharn 6.30 i.n.
Domhnach 11.30 r.n.
- Cúil-Aodha
Domhnach 10.00 r.n.
_______________________________________________
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Amós , Fáidh 7:12-15
Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.
Dúirt Amaisiá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.” Dúirt Amós le hAmaisiá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosráél.’”
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA Sm 84
Freagra Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire agus tabhair dúinn do shlánú.
- Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh.’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inar dtír. Freagra - Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh. Freagra - Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabhadaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach,
agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 1:3-14
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost.
Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,
a bhronn orainn, i gCríost,
gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
Roimh thúsú an domhain
roghnaigh sé sinn i gCríost
chun bheith naofa gan locht os a chomhair.
Le barr grá dúinn
leag sé amach ó thús
de réir mhian a thola féin
go mbeimisne inár gclann aige
trí Íosa Críost,
i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras
ina Mhac muirneach.
Is sa Mhac sin,
as ucht a chuid fola,
atá ár bhfuascailt faighte againne,
maithiúnas ár gcionta,
de réir iomadúlacht an ghrásta
a roinn sé orainn go fial.
Le teann eagna agus gaoise
nocht sé dúinn rún a thola –
de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús
lena chur i gcrích i gCríost,
nuair a bheadh an t-ionú tagtha –
mar atá, an beartas
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.
Mar is i gCríost
a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí
agus a leagadh amach dúinn,
de réir intinne an té úd
a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin, a bheith ar na chéad daoine
a chuirfeadh a muinín i gCríost
chun moladh agus glóire Dé.
Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,
nuair a chuala sibhse briathar na fírinne
agus dea-scéal bhur slánaithe,
nuair a chreid sibh ann agus
gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht
nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;
chun moladh a ghlóire.Briathar Dé.
ALLELUIA VÉARSA Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 6:7-13
Ghlaoigh Íosa an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach.
San am sin ghlaoigh Íosa an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. D’ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata – arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”. Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” Agus ar dhul amach dóibh d’fhógair siad aithrí a dhéanamh agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
Soiscéal Dé
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. AMEN
_______________________________________________
NA MOLTA DIAGA
Moladh le Dia,
Moladh lena ainm Naofa,
Moladh le hÍosa Críost, fíorDhia agus fiorDhuine.
Moladh le hainm Íosa.
Moladh lena Chroí ró-naofa.
Moladh lena Fhuil ró-luachmhar.
Moladh le hÍosa i Naomhshacraimint na hAltóra,
Moladh leis an Spiorad Naomh, An Paraiclít,
Moladh le morMháthair Dé, Muire ró-naofa,
MMoladh lena Gabháil Naofa gan smál.
Moladh lena Deastógail ghlormhar.
Moladh le hainm Mhuire, Maighdean agus Máthair.
Moladh le Naomh Iósaef, a ceile ró-gheanmnaí.
Moladh le Dia ina aingil agus ina naoimh.
ÚDARÁS NA GAELTACHTA
SCÉIM PHRÍNTÍSEACHTA / Apprenticeship Scheme. Beidh ar iarrthóirí Clárú ar-líne ar shuíomh an Údaráis, agus an Foirm léiriú Spéise a líonadh. Tá gach eolas ar le fáil ar https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/
