Tá ár laoch ar lár – tá an tAthair Domhnal Ó Briain S.P. imithe chun Dé agus baclainn Ghobnatan. Méala mór a bhás dá chlann, a bhráthaireacha i gCríost agus a cháirde. Déinimíd comhbhrón leo uilig. B’é ár ndreatháir spioradálta é sa phobal seo agus threoraigh is chabhraigh sé linn i gconaí i réimsí spioradáltachta charthanacht Chríost. Ach ba chara pearsanta linn uilig sa pharóiste seo é leis. Táimíd dubh-bhrónach ina dhiaidh ach go bhfuil fhios againn é bheith romhainn, i gcuideachtain ár gcáirde is gaolta uilig, i gcomhluadar Ghobnatan anois. Tá ár mbuíochas leis as ucht an bheatha a chaith sé linn agus sinn móralach as ucht a chomhluadar inár dteannta. Beannacht dílis Dé lena anam anois.
Fágfaidh sochraid an Athar Domhnall Tigh Tórraimh Uí Chathasaigh, Inse Geimhleach, Déardaoin ar a 5.00pm agus gluaisfidh via Dhoire an Aonaigh agus Réidh na nDoirí, an Ráth agus siar Dhoire an Chuilinn, thar shéipéal Chúil Aodha soir, ag sroisint Séipéal Bhaile Mhúirne timpeall 6.00pm. Beidh an séipéal oscailte go dtí 9:00pm. Beidh Aifreann Príobháideach na sochraide ar an Aoine ag 2:30pm. Adhlacadh díreach ina dhiaidh i gclós an tséipéil lasmuigh. Is fédir an aifreann seo a leanúint ar idirlín ag an seoladh seo Craodhladh Aifrinn sochraide
Guítear faoi bhrat agus faoi dhídean Ghobnait Naofa é.
Beidh srianta Covid i bhfeidhm go daingean.
Sad to say our hero and Parish Priest Fr Domhnal Ó Briain has passed away peacefully this morning, to the company of Gobnait and our Lord. Our commiserations to his family, Bishop Crean, fellow clergy and friends. Funeral arrangements are as follows:
In accordance with the current government guidelines, Fr. Donal’s funeral cortège will leave Casey’s Funeral Home, Inchigeela on Thursday at 5.00pm and travel to St. Gobnait’s Church, Ballyvourney via Doireanaig, Renanirree, Tig Na Meala, Coolea, arriving at Ballyvourney at approximately 6.00pm where Fr. Donal will repose in St. Gobnait’s Church until 9.00pm.
A Private Requiem Mass will take place on Friday at 2.30pm. Funeral afterwards to the adjoining churchyard
Requiem Mass can be viewed live on the following link http://www.munsterfunerallivestream.ie/fr-donal-o-brien