Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 29ú Lughnasa 2021
An Dara Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán don paróiste 087 354 6364 (Parish Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
BAISTÍ : Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.
BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí laethiúil sa Pharóiste / Daily Masses in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays
Leis mar eolas/Also as general information..
Tá roinnt cláracha gairid paidreoireachta déanta ag an Athair Seán i rith na seachtaine, ag Scrín Ghobnatan, do chainéal Teilifíse Shalom agus beidh le feiscint le linn Mí Deire Fomhair
Fr Sean has recorded some short Prayer tv programs in Scrín Ghobnatan during the week and these will be broadcast online by Shalom World TV during October
Beidh foireann Nation Wide RTE ag taifead ar Aifreann Chúil Aodha Dé Domhnaigh 5/9/2021 mar chuid de comoradh 50 bliain bháis Seán Uí Riada.
The RTE Nationwide team will be filming at Cúil Aodha Mass on 5/9/2021 as part of their preparations commemorating the death of Seán O Riada 50 years ago this October
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Pádraig Breathnach (Pádraig Chóil Breathnach), An Trá Bháin & Ceathrú Rua
Concubhar Ó Loinsigh. Doirín Áluinn, Baile Mhuirne
Eoghan Breathnach, Baile Átha Cliath
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Fiachra Ó hAodha, Cúil-Aodha
Joan Bn Uí Chriodáin. Óstán Ghobnatan, Baile Mhic Íre.
Concubhar ó Laoghaire, Doire’n Chuillinn
Mary O’Riordan, Na Flatts, Carraig an Adhmaid.
Máire Uí Chróinín, Béal Átha’n Ghaorthaidh
John & Mary Weir, Má Réidh
Seán Ó Liatháin, Sliabh Riach
Peggy Uí Ríordáin, Baile Mhic Íre
Maidhcí agus Nóra Uí Shuilleabháin. Cúil Aodha
Kathleen Moloney, Gleann Draoi agus Tulla
Maidhc Dainín Ó Sé, Carrachán,
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Deotranaimí 4:1-2. 6-8
Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna.
Dúirt Maois leis an bpobal:
Más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh. Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad. Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’ Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air? Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Salm le Freagra Sm14
Freagra A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phuball?
1. Cé a lonnóidh ar do Shliabh Naofa, a Thiarna?
An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann firéantacht,
a labhraíonn go díreach óna chroí
agus nach ndéanann tromaíocht lena theanga. Freagra
2. An té nach ndéanann olc dá chomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;
an té ar beag aige an drochdhuine
agus ar mór aige aos eagla an Tiarna. Freagra
3. An té nach ngabhann siar ar a bhriathar,
bíodh gur mhionnaigh sé chun a dhíobhála féin;
an té nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht
is nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
An té sin a dhéanfaidh amhlaidh,
ní bhainfear dá threoir é go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Séamus 1:17-18. 21.27
Caithfidh sibh an briathar Dé a chur i ngníomh chomh maith.
A clann ionúin, níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.
Glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.
Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh.Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 7:1-8. 14-15. 21-23 Glóir duit, a Thiarna.
Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine.
San am sin na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite – óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear; agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis – d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?”
Dúirt sé leo:
“Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:
‘ Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola
ach is fada uaim atá a gcroí;
is díomhaoin dóibh bheith do m’adhradh
óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’
“Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine,
Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo:
“Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. Níl aon ní lasmuigh den duine a d’fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost