Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 5ú Meann Fhomhair 2021
An Tríú Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán don paróiste 087 354 6364 (Parish Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
BAISTÍ : Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.
BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí laethiúil sa Pharóiste / Daily Masses in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays
Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie
Leis mar eolas/Also as general information..
Tá roinnt cláracha gairid paidreoireachta déanta ag an Athair Seán i rith na seachtaine, ag Scrín Ghobnatan, do chainéal Teilifíse Shalom agus beidh le feiscint le linn Mí Deire Fomhair
Fr Sean has recorded some short Prayer tv programs in Scrín Ghobnatan during the week and these will be broadcast online by Shalom World TV during October
Beidh foireann Nation Wide RTE ag taifead ar Aifreann Chúil Aodha Dé Domhnaigh 5/9/2021 mar chuid de comoradh 50 bliain bháis Seán Uí Riada.
The RTE Nationwide team will be filming at Cúil Aodha Mass on 5/9/2021 as part of their preparations commemorating the death of Seán O Riada 50 years ago this October
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Christy Ó Cuill, Cill ÁIrne agus Béal Átha an Ghaorthaigh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Tomás Ó Mulláin, Screathan.
Máire Uí Chathaláin (de Búrca), Cúirt Mhic Shéafraidh & Liosbuí, Cill na Martra
Concubhar ‘Neilus’ Ó Liatháin
Cáit Bean Uí Liatháin, Cúil Aodha.
Anna agus Maidhcí Diarmáin Ó Duinín Cúil Aodha
Pat Twomey, Baile Mhic Corcoráin, Cluain Droichead.
Liam Ó hÉigeartaigh, Baile Mhúirne
Mai Ní Shíocháin, Má Réidh, Baile Mhic Íre
Con Ó Céileachair, Baile Mhic Íre agus Cúm a’ Ghadhair.
Tadhg Mac Suibhne, Baile Mhic Íre
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 35:4-7
Réiteofar cluasa na mbodhar agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.
Abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,
tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh,
agus é ag teacht do bhur slánú.”
Déanfar a súile do na daill an uair sin
agus réiteofar cluasa na mbodhar;
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.
Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach
agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
déanfar linn den talamh spallta
agus toibreacha uisce de thír an tarta.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Salm le Freagra Sm 145
Freagra Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
Malairt freagra Alleluia!
1. Is é an Tiarna a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois;
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. Freagra
2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach Freagra
3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Séamus 2:1-5
Thogh Dia an mhuintir atá bocht le bheith ina n-oidhrí ar an ríoch.
Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh. Mar má thag
ann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléast isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,” nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra?
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa 1Sam3:9, Eo 6:68.
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 7:31-37 Glóir duit, a Thiarna.
Thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.
San am sin ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh Íosa tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d’iarr siad air a lámh a chur air. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” – focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.” Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. Agus d’ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d’ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt, agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”
Soiscéalan Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Guigí ar son:
Tosnaíon bliain foghlaimthe na n-abhar sagart an mhí seo. Guimís inniu ar son ár dtriur ógánach, ó Dheoise Chluana, atá ag staidear chun na sagartóireachta:
Let us pray for our three students studying for the priesthood for the Diocese of Cloyne whose seminary year begins this month:
Will O Shea – ón nGeata Bán, ag tosnú a Chéad bhliain
Tiernan Burke – ón Teampal Geal nó Whitechurch
agus Jackie Lucey – ó Chluan Droichead

Comhdháil Ghobnatan
Cumann Uinsean de Pól
Anois agus an bhliain scoil nua ag tosnú, aithníon an Cumann go bhfuil brúgh ar chlannta faoi’n dtráth seo. Táimídne Ansa Chun cabhrú agus tacú le aon clann faoi dheacracht an tráth seo. Iarraimíd agus fáíltímíd leis roim aon scoláire triú léibhéil faoi chruatan airigidis, teangbháil a dheanamh linn. Glaoigh orainn ag 086/2400574 or 021/4270444 ar guthán.
Tá gach teangbháil faoi rún.
St Gobnait’s Conference
St Vincent De Paul Society
As the new school year commences the Society is very aware that added financial strain can be placed on families at this time.
The Society is there to help, support and assist any family who may be in difficulty at this time,
We also urge any 3rd level student who may be facing financial hardship to contact us.
Please Telephone 086/2400574 or 021/4270444. All calls will be treated in strictest confidence
_______________________________________________________________________________________
Cumann Peile Naomh Abán
