Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 12ú Meann Fhomhair 2021
An Ceathrú Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
BAISTÍ : Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.
BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí laethiúil sa Pharóiste / Daily Masses in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays
An Céad Comaoine 2021
Baile Mhuirne 25/9/2021 @11:00
Cuil Aodha /Barr d’Ínse 2/10/2021 @11:00
Comhneartú (Confirmation)
Scoil Abán Naofa Dé Sathairn 9/10/2021 @ 1:00in
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn
Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Margaret Anne O Connell. Máigh Réidh, Báile Mhuirne
Betsy Ni Shuibhne, Cúil-Aodha (Uachtarán Dháimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn)
Mary McSweeney, Gort na Scairte
Gearóid Ó hÉalaithe, Baile Mhic Íre Thoir.
Síle Ní Mhulláin, Screathan, Cúil Aodha
Seán Ó Duinnín, Cuil Aodha
Joan, Micheál & Julia Uí Chríodáin
Mícheál Ó Tuama ( Mícheál Maidhc Hughe ), Doire Leathan
Fr. Michael Judge séipléineach New York City Fire Dept (9-11)
Eileen O’Neill, Montenotte, Corcaigh.
Julia Agnes Twomey, Na Ceapacha,
Matty agus Frances Twomey, Boston,
Jack agus Maud Brennan, Baile Átha Cliath
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 50:5-9
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,
níor theann mé ar gcúl.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
agus mo ghruanna leo siúd a bhí
ag piocadh na féasóige asam;
níor cheil mé mo ghnúis
ar mhasla ná ar sheile.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,
bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.
An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?
Tagaimis beirt i láthair, má tá.
An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?
Seasadh sé chugam amach!
Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom,
cé a thabharfadh ciontach mé?
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 114
Freagra Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Alleluia!
Ta grá agam don Tiarna
toisc gur chuala sé glór mo ghuí
agus toisc gur chlaon sé chugam a chluas
an lá ar ghlaoigh mé air. Freagra
2. Chrioslaigh téada an bháis mé
agus tháinig líonta ifrinn anuas orm
gur thit mé in angar is in anacra.
Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.
A Thiarna, tarrthaigh m’anam! Freagra
3. Is ceansa an Tiarna is is cóir,
is trócaireach é ár nDia.
Cosnaíonn an Tiarna lucht na simplíochta.
Bhí mé go hainnis agus shábháil sé mé. Freagra
4. Sciob sé m’anam ón mbás,
mo shúile ó dheora, mo chosa ó thuisleadh.
Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna
i ndúiche na mbeo. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Séamus 2:14-18
Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.
Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é? Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.
Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14:5,
Alleluia, alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 8:27-35 Glóir duit, a Thiarna.
Is tú an Críost.
San am sin d’imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d’fhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?” Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.” D’fhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Is tú an Críost.” Agus d’ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó. Ach d’iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.”
Soiscéal Dé