Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 19ú Meann Fhomhair 2021
An Cúigiú Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí laethiúil sa Pharóiste / Daily Masses in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays
An Céad Comaoine 2021
Baile Mhuirne 25/9/2021 @11:00
Cuil Aodha /Barr d’Ínse 2/10/2021 @11:00
Comhneartú (Confirmation)
Scoil Abán Naofa Dé Sathairn 9/10/2021 @ 1:00in
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn
A cháirde sa Pharóiste
I láthair na huaire táim ag cur eagar ar Rolla na mBaistí sa pharóiste. Táim taréis bheith i dteangbháil le roinnt clanna sa pharóiste cheana, le cúpla lá.
Ach tá cúpla bearna beag fágtha agam fós sa chúntas ó 2019 i leith. Má baisteadh páiste no garpháiste sa chlann agat ó 2019 i leith, bheinn buíoch duit dá líonfá amach an fuirm ag cúl an tséipéil chomh luath agus is féidir leat. Cur isteach sa saristy nó isteach chun an tí agam féin é (Tig an tSagairt cúnnta faoi láthair), más é do thoil é. Ni gá d’aon clann go rabhas i dteangabháil Leo chean féin é seo a dhéanamh.
An tAthair Seán MacCárthaigh S.P.
I am at present updating the baptismal records in the parish. I have already been in contact with some families in the parish in the past few days.
There are some small gaps in the register regarding baptisms that took place in the Parish since 2019. If you had a child or grandchild in your family baptized since 2019, I would be grateful if you could fill-in the form at the back of the church and return it to me as soon as possible. (This does not apply to families already contacted.)
Please return the completed form to the sacristy or to my house.
Thank you
An t-Athair Seán
Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Jeremiah agus Mary Kelleher Doirín Aluinn
Peig de Búrca, Ráth Úna
Gerard Lyne, Lauragh, Co Ciarraí
Mary Horgan, Daingean na Saileach
Dan, Moll, John, Paddy agus Julia (Ní Choill)
Jackie Dinneen, Baile Mhic Íre Thoir
Michael & Nóra Lucey, Cúm a Ghadhair
Michael & Annie O’Brien, Curra Liath
Gerard & Noreen Mac Suibhne, Oifig an Phoist Baile Mhic Íre
Nuala Mercier (nee McGann) Inis & Baile Atha Cliat
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar hEagna 2:12. 17-20
Daoraimis chun báis náirigh é.
Deir na héagráifigh leo féin:
Déanaimis luíochán roimh an bhfíréan
mar cuireann sé as dúinn,
agus ní áil leis ár ngníomhartha;
casann sé linn ár gcionta in aghaidh an dlí
agus cuireann sé cúl le cine inár leith.
Feicimis mar sin an fíor a ndeir sé:
faighimis amach cén chríoch a bheidh air féin.
Más é fíormhac Dé é, déanfaidh Dia é a chosaint
agus a shaoradh ó lámha a naimhde.
Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadh
go bhfeicfimid an cheansacht atá ann
agus go mbainfimid triail as a fhoighne.
Daoraimis chun báis náirigh é
mar beidh cabhair le fáil aige – is é féin a dúirt linn é.”Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 53
Freagra Tá an Tiarna ag cosaint mo bheatha.
1. Slánaigh mé, a Dhia, le d’ainm;
déan mo chúis a agairt le do neart.
Éist, a Dhia, le m’urnaí;
tabhair cluas do bhriathra mo bhéil. Freagra
2. Óir d’éirigh lucht an díomais i m’éadan;
ta daoine gan trua ar thóir m’anama;
níl aird ar bith acu ar Dhia. Freagra
3. Tá Dia ag teacht i gcabhair orm;
tá an Tiarna ag cosaint mo bheatha.
Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar,
agus molfaidh mé d’ainm toisc gur maith é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Liter Séamus 3:16-4:3
Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.
A clann ionúin, mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt. Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill. Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.
Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 8:12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna; an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Marcas 9:30-37 Glóir duit, a Thiarna.
Tabharfar Mac an Duine. Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.
San am sin ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh Íosa agus dá deisceabail tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo: “Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a churair.
Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d’fhiafraigh sé díobh:
“Cad a bhí áchur trí chéile agaibh sa tslí?” Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.”
Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo: “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m’ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí eile/some other notices
Bladárdaíocht/A current Scam
Tá uimhir 086 … ag glaoch ar daoine go bréagach dá rá gur ón Roinn Leasa Shoisialigh é. Scam is ea. Ná freagar mura bhfuil aithe agat ar.
There are scam phone calls coming to peoples mobile phones from an O86 number. It sometimes claims to be from Social Welfare etc. It is a scam. If you dont recognise the number – better not to answer.
Post Lán aimsireach/ A Full time job
Tá post lán aimsireach i mBaile Mhic Íre le fáil ó Bácús na hÉireann.
Obair tráthnóna ag bácáil atá i gceist.
Labhair le Lynch’s Bakery / Arán na hÉireann faoi ag.
A full time vacancy baking in Arán na hÉireann in the Bakery in Baile Mhic Íre needs to be filled.
It is an afternoon job. If interested go to the link below on their facebook website to apply.
