Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 26ú Meann Fhomhair 2021
An Séú Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí laethiúil sa Pharóiste / Daily Masses in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann Domhnaigh Cuil Aodha 3/10/2021 ar a 11:00 (RnaG 7rl)
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays
An Céad Comaoine 2021
Baile Mhuirne 25/9/2021 @11:00
Cuil Aodha /Barr d’Ínse 2/10/2021 @11:00
Comhneartú (Confirmation)
Scoil Abán Naofa Dé Sathairn 9/10/2021 @ 1:00in
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn
A cháirde sa Pharóiste
I láthair na huaire táim ag cur eagar ar Rolla na mBaistí sa pharóiste. Táim taréis bheith i dteangbháil le roinnt clanna sa pharóiste cheana, le cúpla lá.
Ach tá cúpla bearna beag fágtha agam fós sa chúntas ó 2019 i leith. Má baisteadh páiste no garpháiste sa chlann agat ó 2019 i leith, bheinn buíoch duit dá líonfá amach an fuirm ag cúl an tséipéil chomh luath agus is féidir leat. Cur isteach sa saristy nó isteach chun an tí agam féin é (Tig an tSagairt cúnnta faoi láthair), más é do thoil é. Ni gá d’aon clann go rabhas i dteangabháil Leo chean féin é seo a dhéanamh.
An tAthair Seán MacCárthaigh S.P.
I am at present updating the baptismal records in the parish. I have already been in contact with some families in the parish in the past few days.
There are some small gaps in the register regarding baptisms that took place in the Parish since 2019. If you had a child or grandchild in your family baptized since 2019, I would be grateful if you could fill-in the form at the back of the church and return it to me as soon as possible. (This does not apply to families already contacted.)
Please return the completed form to the sacristy or to my house.
Thank you
An t-Athair Seán
An Comaoine Céad Aoine / First Friday visits
Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie
Na Stáisiúin / Stations
Beidh Stáisiúin an Fhomhair sna séipéil an turas seo. Tá liosta nua dá chur le chéile des na ceantracha stáisiúin don earrach agus beidh fáilte faoi leith roim aon tig ar mhaith leo dul ar an liosta ina gceantar féin. Is féidir é sin a dhéanamh ar an email oifig@paroistebailemhuirne.ie nó nóta beag in éardramh aon séipéal nó Tig an tSagairt. Ach don Fomhar seo leannas na dátaí:
The Autumn Stations shall be held in the churches for now. We are re-assembling the Stations List and hope to have it functioning for the Spring Stations. Anyone who would like to go on these lists would be very very welcome. You can do this by sending a note to either church sacristy, the Parochial House or by email at oifig@paroistebailemhuirne.ie In the meantime this autumns Stations will be held as below:
Cúil Aodha – ceantracha uilig / all areas
Dé Sathairn 23/10/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 30/10/2021 @11:00
Baile Mhuirne – ceantracha uile/ all areas
Dé Sathairn 6/11/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 13/11/2021 @11:00
Adhradh na Naomh Sacraimente / Adoration of the Blessed Sacrement
Baile Mhuirne
Gach Luan taréis Aifreann 9:30 ó 10:00 go 17:00
Every Monday after 9:30 mass from 10:00 to 17:00
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Beitsí Ní Shuibhne Cuil Aodha
Hannah agus Pádraig Mac Suibhne Cuil Aodha
Traolach agus Mary Uí Shuibhne. Atharlach.
Peggy Kelleher, New Street, MagCromtha
Noirin Spillane, Carraig Tuathail
Diarmuid Eugie Ó Suilleabháin, Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha
Ruth Ó Riada, An Murnach Beag
Mícheál Máirtín Ó Lionáird, Gort na Scairte
Timothy Ó Céilleachair, Sliabh Riach
Seán agius Siobhán Uí Éalaithe, An Ínse Mhór
Julia Ní Chróinín, Na Milíní agus Mala
Eugene agus Éibhlín Mac Cárthaigh Na Flatts, Baile Mhic Íre
Nonie Ní Loinsigh Rathúna
Síle Uí Chuana Cill na Martra
Kitty Ní Chéilleachair Cúm a’ Ghadhair, Baile Mhúirne
Margaret Ó Connail, Sean Dair.
Síle Úi Chuana , Cill Na Martra
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Uimreacha 11:25-29
An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad.

Tháinig an Tiarna anuas sa Néal agus labhair le Maois agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht. ach ní dhearnadar sin arís.
D’fhan beirt fhear sa champa – Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n-ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: “Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!” Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: “A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!” Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 18
Freagra Cuireann proiceapta an Tiarna áthas ar an gcroí.
I. Tá dlí an Tiarna go foirfe,
tugann sé fortacht don anam,
tá foráil an Tiarna go daingean,
tugann sí teagasc do na haineolaigh. Freagra
2.Tá eagla an Tiarna go híon
ag maireachtáil de shíor;
tá breitheanna an Tiarna go fíor,
is tá siad uile go cóir. Freagra
3. Múineann siad eolas do do ghiolla;
cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
Cé a fheadann a chIonta a chomhaireamh?
Glan mé ó pheacaí folaigh. Freagra
4. Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar
sula bhfaighe sé mo bhua.
Ansin is ea a bheidh mé gan smál,
saor ar thrompheaca. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Séamus 5:1-6
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid.
Anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d’ith na leamhain bhur gcuid éadaigh. Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir. Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna, déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 9:38-43. 45.47-48 Glóir duit, a Thiarna.
An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
San am sin dúirt Eoin le h Íosa: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d’ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.” Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m’ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm; óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
“Má thugann duine ar bith cupán d’fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh,
deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil. “
‘Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann, an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí Áitiúil /Local News
Ceol na Talún
Beidh an sraith telefise Ceol an Talún dá chraoladh arís ar TG4 gach Deardaoin (8:00) agus Máirt (7:30) ag tosnú 30/9/2021. Deanadh é thaifead i rith na bliana 1995/96 agus Muintir na hÁite ar fad atá ann.
The tv series Ceol na Talún will be re broadcast on TG4 8:00 every Thursday with repeats on Tuesdays (7:30) starting 30/9/2021. This was filmed during the year 1995/96 and features many in our comunity.
Blaigeárdaíocht/A current Scam
Tá uimhir 086, / 087 etc … ag glaoch ar daoine go bréagach dá rá gur ón Roinn Leasa Shoisialigh é. Scam is ea. Ná freagar mura bhfuil aithe agat ar.
There are scam phone calls coming to peoples mobile phones from an O86/087 etc numbers. It sometimes claims to be from Social Welfare etc. It is a scam. If you dont recognise the number – better not to answer.
Post Lán aimsireach/ A Full time job
Tá post lán aimsireach i mBaile Mhic Íre le fáil ó Bácús na hÉireann.
Obair tráthnóna ag bácáil atá i gceist.
Labhair le Lynch’s Bakery / Arán na hÉireann faoi ag.
A full time vacancy baking in Arán na hÉireann in the Bakery in Baile Mhic Íre needs to be filled.
It is an afternoon job. If interested go to the link below on their facebook website to apply.