Nuacht litir 10/10/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 10ú Deire Fomhair 2021

An t-Ochchtú Domhnach Fichead Saor

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.

MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.

Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua

An tAthair Seán Mac Cárthaigh

Fógraí

Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:

Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
      

Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann Domhnaigh Cuil Aodha @10:00

Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays

Comhneartú  (Confirmation)
Scoil Abán Naofa Dé Sathairn 9/10/2021 @ 1:00in
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn

A cháirde sa Pharóiste
I láthair na huaire táim ag cur eagar ar Rolla na mBaistí sa pharóiste. Táim taréis bheith i dteangbháil le roinnt clanna sa pharóiste cheana, le cúpla lá.
Ach tá cúpla bearna beag fágtha agam fós sa chúntas ó 2019 i leith. Má baisteadh páiste no garpháiste sa chlann agat ó 2019 i leith, bheinn buíoch duit dá líonfá amach an fuirm ag cúl an tséipéil chomh luath agus is féidir leat. Cur isteach sa saristy nó isteach chun an tí agam féin é (Tig an tSagairt cúnnta faoi láthair), más é do thoil é. Ni gá d’aon clann go rabhas i dteangabháil Leo chean féin é seo a dhéanamh.
An tAthair Seán MacCárthaigh S.P.

I am at present updating the baptismal records in the parish. I have already been in contact with some families in the parish in the past few days.
There are some small gaps in the register regarding baptisms that took place in the Parish since 2019. If you had a child or grandchild in your family baptized since 2019, I would be grateful if you could fill-in the form at the back of the church and return it to me as soon as possible. (This does not apply to families already contacted.)
Please return the completed form to the sacristy or to my house.
Thank you
An t-Athair Seán

An Comaoine Céad Aoine / First Friday visits

Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie

Na Stáisiúin / Stations

Beidh Stáisiúin an Fhomhair sna séipéil an turas seo.  Tá liosta nua dá chur le chéile des na ceantracha stáisiúin don earrach agus beidh fáilte faoi leith roim aon tig ar mhaith leo dul ar an liosta ina gceantar féin.  Is féidir é sin a dhéanamh ar an email oifig@paroistebailemhuirne.ie nó nóta beag in éardramh aon séipéal nó Tig an tSagairt.  Ach don Fomhar seo leannas na dátaí:

The Autumn Stations shall be held in the churches for now.  We are re-assembling the Stations List and hope to have it functioning for the Spring Stations.  Anyone who would like to go on these lists would be very very welcome.  You can do this by sending a note to either church sacristy, the Parochial House or by email at oifig@paroistebailemhuirne.ie  In the meantime this autumns Stations will be held as below:

Cúil Aodha – ceantracha uilig / all areas
Dé Sathairn 23/10/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 30/10/2021 @11:00
Baile Mhuirne – ceantracha uile/ all areas
Dé Sathairn 6/11/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 13/11/2021 @11:00

Adhradh na Naomh Sacraimente / Adoration of the Blessed Sacrement

Baile Mhuirne 
           Gach Luan taréis Aifreann 9:30 ó 10:00 go 17:00
            Every Monday after 9:30 mass from 10:00 to 17:00

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Concubhar Ó Loinsigh, Tóchar, Cúil Aodha.
Phil Ó Loinsigh..

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Síle Uí Cheallaigh (Ní Luasa) Sliabh Riach & Cill Mhichíl
Con O Brien,  Cúm a’ Ghadhair
Dónal Ó Laoire, Reidh na nDoirí
Máire Uí Éigeartaigh, Na Cillíní
Eibhlín Ní Mhuimhneacháin,  Gort na Scairte & Cill na Martra
Máire Ui Shuibhne, Gort na Scairte
Patsy Crowley, Bothar Abán
Free & Pauline Lynch, Cúil-Aodha
Dónal & Susan Uí hEalaithe. Na Milíní
An tSuir Eibhlín Ní hEalaithe Na Milíní
Connie, Síle agus Denis Ó Loinsigh.


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabharh Eagna      7:7-11
Igcóimheas lé Eagna, níl in ór an domhain ach beagán gainimh

Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;
rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam.
ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga,
agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.Wisdom of god 2
Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi,
mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimh
agus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi.
B’ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleacht
agus b’fhearr liom í ná an solas féin
mar ní mheathfaidh a loinnir go deo.
Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léi
agus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 89
Freagra                                  Tabhair dúinn ár sáith de do bhuanghrá is déanfaimid gairdeas.

1. Múin dúinn ár laethanta a áireamh
chun go mbainfimis amach críonnacht chroí.
Fill, a Thiarna!-cá fhad?
agus bí trócaireach le do sheirbhísigh.           Freagra

2. Tabhair dúinn go luath ár sáith de do bhuanghrá
is déanfaimid gairdeas is lúcháir de shíor.
Cuir áthas orainn i ndíol na laethanta a bhuair tú sinn,
i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc.  Freagra

3. Forlsigh do chuid oibre do do sheirbhísigh,
taispeáin do chlú dá gclann.
Bíodh caoinchineáltas an Tiarna anuas orainn.
Bí fabhrach d’obair ár lámh.                             Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig        4:12-13
Tá briathar Dé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.

Word of God 5A bhráithre, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa               Mt 11:25 
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!

SOISCÉAL            

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas       10:17-30     Glóir duit, a Thiarna.
Imigh leat, díol a bhfuil agat agus lean mise.

San am sin ag cur chun bóthair d’ Íosa rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d’fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?
Dúirt Íosa leis:
Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.’”
Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m’óige.”
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis:
“Tá aon ní amháin in easnamh ort fós;
imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é
agus beidh stór agat ar neamh;
tar ansin agus lean mise.”
Chuir an chaint sin buaireamh air agus d’imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.

Jesus above allBhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail:
“Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!” Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d’fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé! Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Ba mhó ná sin an t-ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile: “Cé is féidir a shlánú, más ea?” Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt:
“Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d’fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.
Dúirt Íosa:
Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a d’fhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall ormsa agus ar an soiscéal nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Soiscéal an Tiarna.    Moladh duit, a Chriost


Fógraí áitiúil sa Pharóiste

Fógra ón Dochtuir Neville

Tá instealladh in aghaidh an Flu ar fáil anois.  Is féidir glaoch ar an Ionad Sláinte chun é chur in áirithe.

The Flu Vaccine is now available and can be booked by ringing the Health Center.

Ceol na Talún

Beidh an sraith telefise Ceol an Talún dá chraoladh arís ar TG4 gach Deardaoin (8:00) agus Máirt (7:30)  ag tosnú 30/9/2021. Deanadh é thaifead i rith na bliana 1995/96 agus Muintir na hÁite ar fad atá ann.

The tv series Ceol na Talún will be re broadcast on TG4 8:00 every Thursday with repeats on Tuesdays (7:30) starting 30/9/2021. This was filmed during the year 1995/96 and features many in our comunity.

Blaigeárdaíocht/A current Scam

Tá uimhir 086, / 087 etc … ag glaoch ar daoine go bréagach dá rá gur ón Roinn Leasa Shoisialigh é.  Scam is ea.  Ná freagar mura bhfuil aithe agat ar.

There are scam phone calls coming to peoples mobile phones from an O86/087 etc numbers.  It sometimes claims to be from Social Welfare etc.  It is a scam.  If you dont recognise the number – better not to answer.

Post Lán aimsireach/ A Full time job

Tá post lán aimsireach i mBaile Mhic Íre le fáil ó Bácús na hÉireann.

Obair tráthnóna ag bácáil atá i gceist.

Labhair le Lynch’s Bakery / Arán na hÉireann faoi ag.

Aran na hEireann

A full time vacancy baking in Arán na hÉireann in the Bakery in Baile Mhic Íre needs to be filled.

It is an afternoon job.  If interested go to the link below on their facebook website to apply.

Application here

Leave a Comment