Nuacht litir 17/10/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 17ú Deire Fomhair 2021

An Naoú Domhnach Fichead Saor

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.

MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.

Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua

An tAthair Seán Mac Cárthaigh

Fógraí

Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:

Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
      

Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann Domhnaigh Cuil Aodha @10:00

Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin
There will be no masses in the Parish on Wednesdays

Comhneartú  (Confirmation)
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn

Is mian leis an Athair Seán a mhíle buíochas do chur in iúil dos na múinteoirí go léir agus an foireann uile, a chabhraigh in aon slí, le ullamhú na leannaí agus searmanaisí Céad Comaoine is Comhneartú sa pharóiste

A cháirde sa Pharóiste
I láthair na huaire táim ag cur eagar ar Rolla na mBaistí sa pharóiste. Táim taréis bheith i dteangbháil le roinnt clanna sa pharóiste cheana, le cúpla lá.
Ach tá cúpla bearna beag fágtha agam fós sa chúntas ó 2019 i leith. Má baisteadh páiste no garpháiste sa chlann agat ó 2019 i leith, bheinn buíoch duit dá líonfá amach an fuirm ag cúl an tséipéil chomh luath agus is féidir leat. Cur isteach sa saristy nó isteach chun an tí agam féin é (Tig an tSagairt cúnnta faoi láthair), más é do thoil é. Ni gá d’aon clann go rabhas i dteangabháil Leo chean féin é seo a dhéanamh.
An tAthair Seán MacCárthaigh S.P.

I am at present updating the baptismal records in the parish. I have already been in contact with some families in the parish in the past few days.
There are some small gaps in the register regarding baptisms that took place in the Parish since 2019. If you had a child or grandchild in your family baptized since 2019, I would be grateful if you could fill-in the form at the back of the church and return it to me as soon as possible. (This does not apply to families already contacted.)
Please return the completed form to the sacristy or to my house.
Thank you
An t-Athair Seán

An Comaoine Céad Aoine / First Friday visits

Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie

Na Stáisiúin / Stations

Beidh Stáisiúin an Fhomhair sna séipéil an turas seo.  Tá liosta nua dá chur le chéile des na ceantracha stáisiúin don earrach agus beidh fáilte faoi leith roim aon tig ar mhaith leo dul ar an liosta ina gceantar féin.  Is féidir é sin a dhéanamh ar an email oifig@paroistebailemhuirne.ie nó nóta beag in éardramh aon séipéal nó Tig an tSagairt.  Ach don Fomhar seo leannas na dátaí:

The Autumn Stations shall be held in the churches for now.  We are re-assembling the Stations List and hope to have it functioning for the Spring Stations.  Anyone who would like to go on these lists would be very very welcome.  You can do this by sending a note to either church sacristy, the Parochial House or by email at oifig@paroistebailemhuirne.ie  In the meantime this autumns Stations will be held as below:

Cúil Aodha – ceantracha uilig / all areas
Dé Sathairn 23/10/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 30/10/2021 @11:00
Baile Mhuirne – ceantracha uile/ all areas
Dé Sathairn 6/11/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 13/11/2021 @11:00

Adhradh na Naomh Sacraimente / Adoration of the Blessed Sacrement

Baile Mhuirne 
           Gach Luan taréis Aifreann 9:30 ó 10:00 go 17:00
            Every Monday after 9:30 mass from 10:00 to 17:00

Sionad ar Ceiliúradh Liotúrgach san Eaglas ar fuaid an Domhain fógartha ag an Pápa Proinsíos

Tosnú fógartha ag Eaboig Éireann in ullamhucháin do Rúnaíocht Ghinearálta do Shionad na nEaspag

Pope Francis invokes the whole Church to question itself on synodality – decisive theme for the life and mission of the Church.
A two-year journey (2021-2023) of reflection and sharing of the whole Church.

Paidir an tSionaid: Adsumus Sancte Spiritus

Seasaimid i Do láthairse, a Spioraid Naoimh,
agus sinn/muid ag teacht le chéile i D’ainm.
Agus Tusa amháin mar threoraí againn
socraigh Tú féin síos inár gcroíthe;
Múin dúinn an tslí a chaithfimid dul
agus conas is féidir linn leanúint di.
Táimid lag agus claonta chun peaca;
ná lig dúinn ainriail a chur chun cinn.
Ná lig don aineolas sinn/muid a chur amú,
ná don chlaonpháirtíocht ár ngníomhartha a mhúnlú.
Lig dúinn teacht Ort inár n-aontacht
chun go dtriallfaimid le chéile chun na beatha síoraí
gan dul ar strae ó bhealach na fírinne ná ón gceart.
Iarraimid é seo uile Ort,
Tusa a bhíonn ag obair de shíor agus i ngach uile áit,
i gcomaoin an Athar agus an Mhic,
trí shaol na saol. Amen.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Peter (King) Ó Luasa, Na hUlláin, Baile Mhuirne.
Jeremiah Ó Duinnín Cúil Aodha
Paddy Joe Ó Duinnín Cúil Aodha & Baile an Teampail
Máirín Magnier. Cill Úird (Kilworth)
Peggy O’Riordan, Baile Mhic Íre Thoir.
Gobnait Leech (Nee Hegarty) Baile Mhúirne & Great Yarmouth
Micheál Ó hIarlaithe, Gort na Tiobraid
Eibhlín ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte agus Cill na Martra
Treasa Ní Mhuimhneacháin, Gort na Scairte
Peigí agus Tom Noone
Michael Murphy, Rearour, Aherla
Finbarr O Laoire Curraithe Béal Atha Ghaorthaidh


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh Íseáia        53:10-11
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol.

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,carrying the cross
feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,
agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

Tar éis saothar a anama,
feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.
Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,
á luchtú féin le hualach a gcionta.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia.

Salm le Freagra         Sm 32
Freagra                         Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.

1. Is dílis é briathar an Tiarna,
agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.   Freagra

2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbas
is go gcothódh sé iad in am an ghorta.          Freagra

3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.            Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as an litir chuig na Eabhraig       4;14-16
Druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta.

Jesus deep in thoughtA bhráithre, ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa          Marcas 10:45  
Alleluia, alleluia!
Tháinig Mac an Duine chun go ndéanfadh sé féin freastal,
agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.
Alleluia!

SOISCÉAL           

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        10: 42-45       Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.

San am sin tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuig Íosa á rá leis:
A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.”
Dúirt seisean leo:
“Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?”
Agus dúirt siadsan leis:
“Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.”
Dúirt Íosa leo:
“Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”
Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
Dúirt Íosa leo:
“An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh; ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.” Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin.

Jesus servesAgus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo:
“Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.

Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Soiscéal an Tiarna.  Moladh duit, a Chriost


Fógraí áitiúil sa Pharóiste

Fógra ón Dochtuir Neville

Tá instealladh in aghaidh an Flu ar fáil anois.  Is féidir glaoch ar an Ionad Sláinte chun é chur in áirithe.

The Flu Vaccine is now available and can be booked by ringing the Health Center.

Ceol na Talún

Beidh an sraith telefise Ceol an Talún dá chraoladh arís ar TG4 gach Deardaoin (8:00) agus Máirt (7:30)  ag tosnú 30/9/2021. Deanadh é thaifead i rith na bliana 1995/96 agus Muintir na hÁite ar fad atá ann.

The tv series Ceol na Talún will be re broadcast on TG4 8:00 every Thursday with repeats on Tuesdays (7:30) starting 30/9/2021. This was filmed during the year 1995/96 and features many in our comunity.

Blaigeárdaíocht/A current Scam

Tá uimhir 086, / 087 etc … ag glaoch ar daoine go bréagach dá rá gur ón Roinn Leasa Shoisialigh é.  Scam is ea.  Ná freagar mura bhfuil aithe agat ar.

There are scam phone calls coming to peoples mobile phones from an O86/087 etc numbers.  It sometimes claims to be from Social Welfare etc.  It is a scam.  If you dont recognise the number – better not to answer.

Leave a Comment