Nuacht litir 24/10/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 24ú Deire Fomhair 2021

An Fichiú Domhnach Fichead Saor

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish

Féách Nuachtlitir miosuil do laetheanta speisialta as seo go Nodhlaig

See monthly newsletter to see arrangements from now to December

Baile Mhuirne
      

Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann Domhnaigh Cuil Aodha @10:00

Stáisiúin an Fhomhair  Cúil Aodha 11:00 Dé Sathairn 23/10/2021


IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Féach socraithe ar leith do Mhí na Samhna sa Nuachtlitir miosúil

See monthly Fograí newsletter for special arrangement for November – Month of the dead.

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Jerry Lynch Baile Mhic Íre
John O’ Riordan Baile Mhic Íre Thoir

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Dónal Ó Liatháin Cuil Aodha
Pádraig Breathnach, An Ceathrú Rua
Síle Cotter, Cúl na Cathrach
Brian Ó Ríordáin ó Chaol an Phréacháin,
James O’Driscoll, Dún Manmhaoí
Eileen O Ríordáin, Baile Mhic Íre
Máirín Folan, Na Ceapacha
Paddy Kissane, Sliabh Riach
Jack Shine, Na Flatts, Baile Mhic Íre
Máire Ní Cheocháin Uí Chrualaoí Baile an Cholaigh agus Murnach Beag
Ronnie McShane, Baile Atha Cliath agus Londain.

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh Irimia      31:7-9
Tabharfaidh mise sólás an dall agus an bacach agus mé á dtreorú ar ais.

Mar seo mar a deir an Tiarna:
Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib!
Tógaigí gártha do cheann na náisiún!
Fógraígí! Molaigí! Gáirigí:moses-leads
‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’

Féach, tabharfaidh mé ar ais iad
as an tír thuaidh,
agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;
iad go léir, an dall agus an bacach,
an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;
tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.

Is le gol a d’imigh siad,
tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;
déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,
slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.
Óir táim i m’athair ag Iosrael,
agus is é Eafráim mo chéadghin mic.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 125
Freagra                              Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.

1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile
ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas.                Freagra

2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha:
‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach.                          Freagra

3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,
ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar le gairdeas. Freagra

4. Ag imeacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor,
agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas,
agus a bpunanna á n-iompar acu.       Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Liter cuig na Eabhraig                5:1-6
Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.

jesus-high-priestGach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.” Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 8:12                                                                           
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna; an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!

SOISCÉAL              

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        10:46-52      Glóir duit, a Thiarna
Rabúní, mo radharc a bheith agam!

eyeSan am sin tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó d’Íosa fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!” Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”

Stad Íosa agus dúirt:
“Glaoigí anseo air.”
Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis:
“Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!
Chaith sé siúd de a bhrat, d’éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.

Ansin labhair Íosa leis:
“Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé.
Dúirt seisean leis:
“Rabúní, mo radharc a bheith agam!”
Dúirt Íosa leis:
“Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.
Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.

Soiscéal Dé

Leave a Comment