Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(1/5/2022)
An Tríú Domhnach den Cháisc
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 2/5/2022 11:00
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt 10:30
Ní bheidh aifreann i gCúil Aodha
An Aoine 6/5/2022 agus
An Mháirt 10/5/2022
Adhradh an Naomh Shacraimint
Gach Dé Luain (seachas Lá Saoire Bainc) bíonn Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Every Monday (Except for Bank Holoidays) Adoration of the Blessed Sacrament takes place after Mass, until 5:00 pm, in Baile Mhuirne.
An Céad Comaoine 2022
Cuil Aodha 14/5/2022 @ 11:00
Baile Mhuirne 21/5/2022 @ 11:00
Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach dara Domhanch den Mhí
The 2nd collection on second Sundays of each month are for Diocesan Purposes
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Katy Uí Loinsigh, Na Cillíní, Baile Mhuirne.
Paddy agus Joan Uí Chríodain. Cúm na Cloiche
Denis (Free) Lynch, Doire na Sagart, Baile Mhuirne.
Máire Uí Uidhir, Claon Ráth
Gobnait Kissane, Sliabh Riach
Katie Lynch, Na Cillíní
Ned Spillane, Carraig Tuathail
Michael agus Nóra Lucey, Cúm a’ Ghadhair
Michael agus Anne O’Brien, Curra Liath
Paddy Kelleher, Na Ceapacha
John agus Ellen Uí Liatháin, Na Cillíní
Dan agus Nóra McCarthy Cuil a Bhuachaigh
Archdeacon Criostoir Ó Tuathaigh, An Muileann
Mary Egan, Churchtown, Malla.
Mary Ellen Twomey, Na Ceapacha,
Joan Murphy Doirín Aluinn
Patrick Mac Sweeney (Paddy from Galway)
Ar son daoine atá breoite
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 5:27-32. 40-41
Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh.
Cheistigh an t-ardsagart iad:
“Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”
D’fhreagair Peadar agus na haspail eile:
“Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine. Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, á chrochadh ar chrann. D’ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d’Iosrael. Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”
Chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.
D’imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm Le Freagra Sm 29
Freagra : Molfaidh mé thú, a Thiarna,
de bhrí gur shaor tú mé.
Malairt Freagra : Alleluia!
I. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé,
is nár thug tú do mo naimhde gairdeas a dhéanamh umam.
A Thiarna, threoraigh tú m’anam amach as ifreann,
is dhealaigh tú mé ón dream a théann síos san uaimh.
Freagra
2. A naomha, abraigí dánta molta don Tiarna
is tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Óir ní mhaireann a fhearg ach nóiméad,
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Tig an gol um thráthnóna,
is an gáire arís ar maidin. Freagra
3. Éist liom, a Thiarna, is déan trócaire orm;
a Thiarna, bí mar chabhair dom.
Rinne tú rince de m’olagón;
a Thiarna, mo Dhia, molfaidh mé thú go brách. Freagra
DARA LÉACHT Apacailipsis 5:11-14
Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris
Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte. Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.” Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.” Agus dúirt na ceithre dúile: “Amen.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!
A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainn
Ie linn duit bheith ag labhairt linn.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 21:1-19 Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.
San am sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin: Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.
Dúirt Síomón Peadar leo:
“Táimse ag dul ag iascach.”
“Rachaimidne leat,” ar siad.
D’imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac.
Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.
Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?”
“Níl,” ar siad á fhreagairt.
Dúirt sé leo: “Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus
sibh iasc.”
Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti. Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.”
Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime – mar bhí sé gan é – agus chaith sé é féin isteach san fharraige. Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d’iasc ina ndiaidh.
Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.
Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.”
Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d’éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.
Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.”
Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.
Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh.
Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar:
“A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?”
“Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.”
Dúirt Íosa leis: “Déan m’uain a chothú.”
Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?”
“Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.”
Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.”
Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?”
Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?”
Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.”
Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”
“Amen, Amen, a deirim leat.
Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat;
ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha,
agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.”
Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia.
Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Nuacht
Paidir an Phápa do Mhí Bealtaine
A Thairna Dia do roghnaís Muire mar mháthair ar do Mhac.
Do roghnaís í ón gcéad lá don curam seo agus, mar sin, choinnís í saor ó smál Pheaca an tSínnsear.
Iarraimíd ar Mhuire bheith i bpáirt linn inár bpaidreacha. Go n’éistí is go n’iompaí an ghlúinn óg ó pheaca, le glaoch Chríost, trí chumhacht teachtaireacht an tsoiscéil. Treoiraigh a gcosán ionas go roghanóigh siad an maith agus an naofa igcónai.
Osclaigh a gcluasa is a gcroíthe chun do ghlaoch chun freastal ort féin is a gcomharsaine. Tabhair misneach dóibh agus iad ag díriú ar an cruatan ina saol. Daingeanaigh iad ina gcreideamh, agus a muinín, i do ghrá is do thrócaire. Osclaigh a súile chun gátar a ndreatháireacha is a ndriofúireacha ionas go gcabhróigh siad leo igcónai.
Go n’iompaí siad chun Comaoin na Naomh, ach go h-áirithe chun Muire, Banríon na nAingeal agus na fearaibh is mnátha óga uile a shiubhalaigh Cosán an tSaoil. Go dtuillfigh siad ar deire, trí’na gcuid paidreacha agus dea shampla, grástaí an Bheatha Shíorraí. Aiméin