Nuacht Litir 24/4/22022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(24/4/2022)

An Dara Domhnach den Cháisc

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne


An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach  @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)

Adhradh an Naomh Shacraimint

Gach Dé Luain (seachas Lá Saoire Bainc) bíonn Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Every Monday (Except for Bank Holoidays) Adoration of the Blessed Sacrament takes place after Mass, until 5:00 pm, in Baile Mhuirne.


Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Domhnal Ó Ríordáin, (Danny Dan Donailín) Cluanta Chárthaigh. Réidh na nDoirí

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Nora Nic Suibhne Gort na Scairte
Tadhgín , Síle agus Eibhlin Uí Riordáin, Cúil Aodha
Ellen Lehane, Na Cillíni.
Connie Lynch, Na hUlláin Thoir
Eileen McSweeney, Sliabh Riach
Jerry Crowley, An Muileann
Gobnait Kissane, Sliabh Riach
Elizabeth Cullinane, Sasana
Matty agus Frances Twomey, Boston.
Mikey agus Betty Twomey, Sasana
Nora O Shea, Corcaigh,
Maura Kelly ( née Horgan) Slievereagh agus Baile an Chollaigh
Julia FitzGerald, Cluain Chaoin


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal       5:12-16
Chuaigh líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna níba mhó i méad.   

mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul ibpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu, agus bhí líon nabhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí sa tslí go mbíodh nahothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus arshráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ardhuine éigin acu. Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, agtabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 117
Freagra                                  Tugaigí buíochas den Tiarna teisc gur maith é:
                                                   óir maireann a ghrá de shíor.
Malairt eile                          Alleluia,
Alleluia, Alleluia,

I. Bíodh teaghlach Isráél á rá:
‘Maireann a ghrá de shíor.’
Bíodh teaghlach Árón á rá::
‘Maireann a ghrá de shíor.’
Abradh an dream lerb eagal an Tiarna:
‘Maireann a ghrá de shíor.’          Freagra

2. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn,
ach chuidigh and Tiarna liom.
Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach:
is é a thug slán mé
Cluintear gártha lúcháire is caithréime
I bpubaill na bhfíréan                  Freagra

3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna:
bíodh áthas is gliondar orainn. Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as an Leabhar   Apacailipsis         1:9-13. 17-19
Ba mharbh dom, achanois is beo dom ar feadh na síoraíochta.

Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,  á rá:
Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.
D’iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir, agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic.
Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá:
“Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam. Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.

Alleluia Véarsa       Eo 20:29

Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú  mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!

SOISCÉAL              

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         20:19-31        Glóir duit, a Thiarna.
Ocht lá ina dhiaidh sin, tháinig Íosa.

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo:
“Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
Dúirt Íosa leo ansin arís:
Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”

Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.
Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”

Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.
Dúirt na deisceabail eile leis:
“Chonaiceamar an Tiarna.”
Ach dúirt seisean leo:
Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”

Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt:
“Síocháin daoibh!
Ansin dúirt sé le Tomás:
“Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!
Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”

Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo.   Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

Leave a Comment