Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(17/4/2022)
Domhnach Cásgca
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Seamainisí na Cásca.
Baile Mhuirne
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Déardaoin Naofa
Faoistíní 11:00 – 12:00
Aifreann Séireadh an Tiarna 7:00
Adhradh na Croise go 11:00i.n.
Aoine an Céasta
Stáisiúin na Croise 11:00
Satharn Cásca
Paidreacha na Maidne 11:00
Bhigil na Cásca 9:00
Domhnach Cásca 12:00
Aifreanntaí seachtain na Cásca ar 9:30 Luan, Máirt agus Deardaoin.
Cúil Aodha
Dé Máirt 10:30
Deardaoin Naofa 9:00 (Adhradh na croise go 10:30)
Aoine an Chéasta Páis Ár dTiarna 3:00 (RnaG)
Domhach Cásga Aifreann 11:00 (RnaG)
HOLY WEEK MASSES AND SERVICES
Baile Bhuirne
Monday 9:30 am
Tuesday 9:30 am
Holy Thursday Confessions 11.00-12.00
Mass of the Lord’s Supper at 7.00 pm and period of adoration of the Blessed Sacrament to 11:00
Good Friday Stations of the Cross at 11:00
Holy Saturday Easter Vigil 9.00 pm
Easter Sunday Mass 12:00
Easter Week Masses @9:30 Monday, Tuesday and Thursday
Cúil Aodha Tuesday 9.30 pm
Good Friday Liturgy of the Lord’s Passion 3:00 (RnaG)
Easter Sunday 11.00 (RnaG)
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Betty (Eily) Reilly, Ní Shuilleabháin (Eugie) Cuil Aodha agus Londain.
Síle Ní Shuilleabháin (Maidhcí) Cúil Aodha agus Londain
Bláithín Ní Laoire, An Muileann
Seán de Róiste, Gort na Tiobraid
Concubhar Ó Loingsigh, (Conny Conny) Cuil Aodha
Jeremy Lynch, Baile Easboig, Corcaigh.
Jerry Casey, Gort an Imill
Danny Ó hÉalaithe, Baile Mhic Íre
Patrick & Katie Uí Litháin Cúil Iarthach
Danny & Nóra O’Sullivan, Gort na Tiobraid.
Joan Murphy, Doirín Álainn
Mary agus Jerry Ó Loinsigh, Na Flatts
Eileen agus Eugene MacCárthaigh, Na Flatts
Neóin McCarthy, Cúil a Bhuachaigh
Dan agus Frankie Cronin, An Plantation, Baile Mhic Íre
Peadar Ó Liatháin, Cuil Aodha – Cléireach, Dámhscoil Mhúscraí
Síle (Judy) de Búrca, Liosbuí Beag, Cill na Martra
Paraic Ó Conghaile Ross a’ Mhíl Co na Gaillimhe
Tom Corcoran Baile Atha Cliath agus Lothra, Co Tiobrand Arainn
Jeremiah, Micheál agus Ellie Uí Thuama, Pruchas, Cill na Martra
Judy de Búrca, Liosbuí Beag, Cill na Martra
Ar son daoine atá breoite
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
AIFREANN NA CÁSCA
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D’itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ,o mhairbh
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra : Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá:
‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan:
is í a dheaslámh a d’ardaigh me.
Ni éagfaidh me-mairfidh mé
agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 3:1-9
Lorgaígí na nitha atá thuas mar a bhuil Críost
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Leagan Eile
Sliocht as cead Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua
A bhráithre, ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh – agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia versa
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha.
Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!
(Blian C 2022ad)
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9 Glóir duit, a Thiarna.
Níorbh fholáir é aiséirí ó mhairbh
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa.
“Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí Áitiúil
Kevin Bell – Dinéar le Rinnce Óstán Ghobnatan 23/4/2022 @8:00
Dinner/Dance Abbey Hotel 23/4/2022 @8:00
Kevin Bell will attend to acknoledge proceed from charity auction 2020
Raffle in aid of Kevin Bell Trust on the night
Ticéadaí/Tickets: DairyGold. Baile Mhuirne