Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(10/4/2022)
Domhnach na Pailme
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Seamainisí na Cásca.
Baile Mhuirne
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Déardaoin Naofa
Faoistíní 11:00 – 12:00
Aifreann Séireadh an Tiarna 7:00
Adhradh na Croise go 11:00i.n.
Aoine an Céasta
Stáisiúin na Croise 11:00
Satharn Cásca
Paidreacha na Maidne 11:00
Bhigil na Cásca 9:00
Domhnach Cásca 12:00
Aifreanntaí seachtain na Cásca ar 9:30 Luan, Máirt agus Deardaoin.
Cúil Aodha
Dé Máirt 10:30
Deardaoin Naofa 9:00 (Adhradh na croise go 10:30)
Aoine an Chéasta Páis Ár dTiarna 3:00 (RnaG)
Domhach Cásga Aifreann 11:00 (RnaG)
HOLY WEEK MASSES AND SERVICES
Baile Bhuirne
Monday 9:30 am
Tuesday 9:30 am
Holy Thursday Confessions 11.00-12.00
Mass of the Lord’s Supper at 7.00 pm and period of adoration of the Blessed Sacrament to 11:00
Good Friday Stations of the Cross at 11:00
Holy Saturday Easter Vigil 9.00 pm
Easter Sunday Mass 12:00
Easter Week Masses @9:30 Monday, Tuesday and Thursday
Cúil Aodha Tuesday 9.30 pm
Good Friday Liturgy of the Lord’s Passion 3:00 (RnaG)
Easter Sunday 11.00 (RnaG)
Is mian liom buíochas do ghabháil libh uilig as ucht bhur bhflaithiúlacht le bailiúcháin sna séipéil.
Ar son na Deoise: Eanair €565. Feabhra €679 Márta €450
Bailiúcháin na n’Imirceach (Lá le Pádraig) €470 Bailiúcháin don Úcráin €1170
Bailiúcháin uile dóirse na séipéal agus an dara bailiúcháin istig Eanair go Márta €11,400
Is chun costaisí Riar agus Bainistiú an Paróiste é seo – Árachas, Teas, Aibhléis, Oifig, Deisiú 7rl Go raibh maith agaibh. Táim ag súil le cúntaisí iomlán do chaiteachas agus teacht isteach an Paróiste do chur ar fáil díbh an Mí seo chughainn.
Is mian liom, leis buíochas do ghabhaáil libh as ucht bhur síntiúisí flathúil ins’na clúdaigh do Stáisiúin an Earraigh. Is féidir clúdaigh do Shíntiúisí na Cásca do chaitheamh isteach san Éardhamh nó tig an Athair Seán. Is do theacht isteach pearsanta an tsagairt iad seo maraon leis an mbailiúchan Domhnach Cásca.
Tá Crois na gCoinneal ar fáil arís don Cháisc d’ár n’inntiní féin agus na hÚcráine
Guím beannacht Dé oraibh uile faoi scáth Ghobnatan.
An tAthair Seán.
Adhradh na Sacraiminte Naofa gach Luan i séipéal Bhaile Muirne (Seachas Luan Cásca) óna 10:00 go 5:00. Fáilte roim cách.
Tá cártaí aifrinn agus cuimhneacháin sínithe ar fáil ag Siopa Ui Luasa. €12 an gnáth ofráil
Is féidir boscaí Trócaire agus cludaigh na isiúin SMA do thabhairt isteach go tig an tSagairt nó an Éardhamh
I wish to thank you all for your generosity in all the Church collections that took place recently.
Monthly Diocesan Purposes Collections
January €565 February €679 March €450
Emigrants Collection (La le Padraig) €470 Ukraine Collection €1170
Total door and second collections from January to March 2022 (other than specific collections stated above) €11,400
These collections support the management and maintenance of the parish eg insurance, heating, lighting, office management, repairs. Thank you.
I hope to furnish you with a summary of the total income and expenditure for the parish for the financial year 2021 next month. I wish to thank parishioners for your generosity and kindness to me through the Lent Stations Envelopes (parish dues). Easter Envelopes now available at the church and can be dropped into Fr Sean’s house or into the sacristy at any time. The Dues envelopes as well as the Easter Sunday church collection are your contribution to my income.
God bless you all.
An tAth Seán
Adoration of the Blessed Sacrament will take place this Monday in Séipéal Ghobnatan Baile Bhuirne from 10 am to 5 pm. All are welcome.
Easter Mass cards or Sympathy cards are available in O Luasa’s Shop. Suggested offering is €12.
Trócaire Boxes or SMA Mission Appeal Envelopes may be returned to the sacristy or Fr Seán’s house at your convenience
The Candle Cross is on display for Holy Week to light a candle for your intentions and for the people of Ukraine.
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Dónal Lynch, Trá Lí agus Na hUlláin Thoir
Joan Cronin nee Kelly. CluanTairibh agus Skerries
Nóra agus Noirin Dromey Toames (Aifreann an lea inniu ar a son)
Pat Cronin, Tunlán & Na Milíní
Peter Cronin, Screathan
Jermiah Casey, Flatts/ Na Cillíní
Máire Dineen, Na Ceapacha
Bláithín Ní Laoire, An Muileann
Seán de Róiste, Gort na Tiobraid
Maurice Ó Connell, Carraig an Adhmaid
Eugene & Eileen McCarthy, Na Cillíní/The Flats
Nóra Roche, Sliabh Riach
Hugh Mike Hugh Twomey, Derrylahan & Slievereagh
Frank Riordan. West Bromwich
Con Kelleher, Baile an Chollaigh & Seana Chluain
Peadar Ó Liatháin, Cúil-Aodh
Paraic Ó Conghaile Ross a’ Mhíl Co na Gaillimhe
Concubhar Mac Suibhne Cúl a’Bhuachaigh
Tadhg Ó Caochluí Ínse Geimhleach agus Neidín.
Nóra, Síle & Dan Twomey , Cúm na Cloiche,
Martín de Búrca(usa) agus Rathúna, Baile Mhic Íre.
Diarmuid Ó Muirithe An Ínse Mhór
Ar son daoine atá breoite
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
DOMHNACH NA PÁISE nó NA PAILME
Beannú na Pailme
SOISCÉAL: Lúcás 19:28-40
San am sin, ghluais Íosa roimhe ag dul suas go Iarúsailéim. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoicar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:“Téigí isteach sabhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nachraibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. Agus má fhiafraíonnaon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar gobhfuil gá ag an Tiarna leis.’” D’imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt séleo. Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuigea bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarnaleis,”agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar ansearrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh ambrat ar an mbóthar. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlógsíos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d’áthas, ag moladh Dé deghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,á rá:
“Is beannaithe an té atá ag teacht
ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”
Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar dodheisceabail.”
D’fhreagair sé agus dúirt:
“Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost,screadfaidh na clocha amach.”
An tAifreann
AN CHÉAD LÉACHT: Iseáia 50: 4-7
Thug an Tiarna Dia dom
teanga an aos léinn.
Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta
spreagann sé briathar ionam.
Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm
chun go n-éiste mé ar nós an aos léinn.
An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,
níor theann mé ar gcúl.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;
níor cheil mé mo ghnúis
ar mhasla ná ar sheile.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,
bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
SALM LE FREAGRA. Sm 21
Freagra : A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
I. Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:
cuireann siad cár orthu is croitheann a gceann.
‘Bhí a mhuinín as an Tiarna aige: saoradh séisean é;
fuasclaíodh seisean é, mas air atá a ghreann.’ Freagra
2. Tá mórán madraí i mo thimpeall:
tá mé crioslaithe ag paca bithiúnach.
Tollann siad mo lámha is mo chosa:
is féidir liom mo chnámha uile a chomhaireamh. Freagra
3. Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu
agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
Ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna.
Is tú mo chúnamh: brostaigh agus cuidigh liom. Freagra
4. Inseoidh mé d’ainm do mo bhráithre,
molfaidh mé thú i lár na comhdhála:
molaigí an Tiarna, sibhse lerb eagal é;
ceiliuraigí é, a shliocht Iácób go léir;
tugaigí urraim dó, a shíol lsrael go léir. Freagra
DARA LÉACHT : Filipigh 2: 6-11
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas,
níorbh éadáil Íosa bheith ar chomhchéim le Dia,
Ach lom sé é féin.
Agus chuir áir riocht an sclábha
agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna,
d’ísligh sé é féin
agus bhí umhal go bás –
go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa
go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann
agus go ndearbhódh gach teanga,
in ómós do Dhia an tAthair,
gurb é Íosa Críost an Tiarna.
PÁIS ÁR dTIARNA ÍOSA CRÍOST de réir N. LÚCÁS (Leagan Gearr)
D’Eirigh seanóirí an phobail agus na Hardsagairt agus na scríobhaithe agus sheoladar Íosa I láthaor Phioláit.
Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun
ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.” D’fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.” Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.” Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”
Ar a chloisteáil sin do Phioláit, d’fhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine,
agus nuair a
fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b’é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige. Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air. Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall. Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é. Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.
Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith. Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”
Ach b’éigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile. Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” – duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú. Chuir Pioláit caint orthu arís, mar b’áil leis Íosa a scaoileadh saor. Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d’iarr siad a thabhairt dóibh; scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú – an té a d’iarr siad – ach thug sé Íosa suas chun a dtola.
Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh. Ach d’iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’ Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’ Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!” Bhí beirt choirpeach eile á seoladh mar aon leis chun a mbásaithe.
Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. D’fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.” Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”
Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.” Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”
Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas. Réabadh brat an Teampaill ina lár. Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.” Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta. Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.
Fógraí áitiúil
Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Mhuirne. Tá glanadh suas mór an Earraigh le reachtáil ar feadh an céad dá seachtain eile. Is mian linn cuireadh do thabhairt do gach eein cabhrú linn le pioca suas brúscar tríd an bParoiste ar fad, suas go teorainn an chontae.
Beidh cruinnithe bailithe bruscair ar bun an Luan/Máirt 4ú/5ú agus 11ú/12ú. Beidh na cruinnithe seo ag bailiú le chéile ag clós an tséipéil ar 6:30. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh cúla aghaidh nua le feiscint ann.. Tá pacáistí bailith ar fáil do dhaoine gur mian Leo dul Amach ina n’aonar. Chun breis eolais téir i dteangbháil le Ballyvourney TidyTowns ar Facebook, nó 0857880675. Ní neart go cur le chéile
BALLYVOURNEY COMMUNITY BIG SPRING CLEAN: The Ballyvourney Big Spring Clean will be running for the next 2 weeks. We need everyone to get involved, litter-picking throughout the parish, up to the County Bounds. Organised litter picks are on Monday 4th and 11th, and Tuesday 5th and 12th, meeting at the Church Carpark at 6.30pm. It would be fantastic to see some new faces, all help welcome! Litter Packs are also available for those who would prefer to go out in their own time. For more information contact Ballyvourney TidyTowns on Facebook, or 0857880675. Ní neart go cur le chéile
Coiste Bailte Slachtmhara Chúil Aodha
Beidh ár gcruinniú bailithe brúsacir blaintuil againn ar an Satharn 23ú Aibreán ag tosnú ag Árus Éamon Mac Suibhne ar a 10.00. Beidh málaí bruscair ar fáil ach tabhair leat do láimhíní féin agus High-Viz jacket agus cara. Cuireann an ócáid bliantiuil seo leis an ceantar go mor dúinn féin agus éinne a thugann cuairt ar an áit. Beidh taé agus brioscaí ar fáil san Árus ag deire na hoibre.
Our annual roadside litter pick will take place on Saturday 23rd April commencing at 10.00 am at the Halla. Refuse bags will be provided but please bring your own gloves, high viz jackets and a friend. This annual event improves the environment for ourselves and those who visit the area. Tea and biscuits will be provided at the Halla at the conclusion of the morning’s work.