Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(3/4/2022)
An Cúigú Domhnach den Carghaíos
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)
Adhradh an Naomh Shacraimint
An seachtain seo is Dé Ceadaoin a bheidh Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament this week will be on Wednesday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Kathleen Mac Cárthaigh. Mayfeild, Corcaigh
Eileen Hyde (Eibhlín de h-Íde)
Sheila, Dan & Nóra Twomey, Cúm na Cloiche
Michael Murphy, Baile Mhic Íre
Patrick & Katie Lehane, Cúil Iarthach
Concubhar Ó Loinsigh, Cúil-Aodha
Nóra De Róiste Sliabh Riach
John Cronin, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Joan Creedon, Cúm na Cloiche & Baile Mhic Íre
Ellen Kelleher, Seana Chluain
Mairéad O’Shea, Gleann Daimh
Seán Kelleher, Baile Mhic Íre
Martin Burke, Ráth Úna
Free Lynch, Baile Mhic Íre
Kathleen Herlihy, Baile Mhic Íre
Benny Carew Glasheen, Corcaigh agus Port Lairge
Paddy agus Joan Creedon
Diarmuid Murray. Cnoc Buí Cúil Aodha
Denis & Kathleen Mac Suibhne, Iomaire,, Maigh Chromtha.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia 43:6-21
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam chun tart mo phobail thofa a chosc.
Seo a deir an Tiarna,
a rinne bealach mór tríd an bhfarraige,
cosán thar an mbóchna thréamanta;
a sheol carbaid agus capaill chun catha
agus slua ollmhór lena gcois;
luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh,
múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,
ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,
tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach
agus cosáin san uaigneas.
Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,
na mic tíre agus na hulchabháin,
óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,
aibhneacha sa dúiche fhiáin,
chun tart mo phobail thofa a chosc.
An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,
déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
Salm le Freagra Sm 137
Freagra Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.
1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile
ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas. Freagra
2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha:
‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach. . Freagra
3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,
ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar le gairdeas. Freagra
4. Ag iméacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor,
agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas,
agus a bpunanna á n-iompar acu. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Filipigh 3: 8-14
Ar mhaithe le Críost lig mé gach ní ar ceal chun go mbeadh cúid agam ina bhás.
Ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m’fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh. Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhásle hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam – an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.
Véarsa Ez 33:11
‘ Ní mian liomsa bás an chiontaigh,’ a deir an Tiarna,
tach go n-iompódh sé óna aimhleas féin agus go mairfeadh sé.’
SOISCÉAL: Eoin 8:1-11
An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.
San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”
Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo:
“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”
Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar antalamh. Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi:
“A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí.
Dúirt Íosa léi:
“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost