Nuacht litir 29/5/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(29/5/2022)

Domhnach Deasgbhála

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt & Aoine 10:30

Beidh Aifreann i Scrín Ghobnatan i mbliana ar an 17ú lá de mí Iúil ag 3 a clog iar nóin.
Annual mass at St. Gobnaits Shrine will return on July 17th 2022 at 3pm. Fáilte roimh cách.

Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes

Beidh eolas agus fógraí i dtaoibh cursaí airigidis an Paróiste dá phlé an deire seachtaine seo.
Information and announcements about the parish accounts will be made this weekend.

Is mian leis an Athair Seán buíochas do ghabháil le cách atá ag cabhrú leis na Coistí Liotúrga, Airigidis, Aire Páistí agus Nuacht Litir.
Fr Seán would like to thank all who are helping with the various committees – Liturgy, Finance, Child Safeguarding and Newsletter.
Ní neart go cur le chéile.

Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh
Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.

Beidh an Ath Seán ar an Camino leis an Athair Paddy Ó Buachalla ó 6/6/19200 go 17/6/2021
Beidh Sagart eile ar diuité. Aifrinntí deire seachatine amháin ar fáil sa tréimhse sin.
Fr Seán and Fr Paddy Ó Buachalla are on the Camino from 6/6/19200 to 17/6/2021.
There will be weekend masses only but there will be a priest on duty during the period.

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
James Cronin, Carraig an Adhmaid.
Joan Nally. Baile Atha Cliath (Mac Cárthaigh, Gort Uí Rathaille)

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Mary Finnegan, Doire na Sagart.
Diarmuid O Muirithe, Doire ‘n Chuilinn
Dan agus Nellie Dineen, Cloch Aidhneach
Nell Casey, Ráth Úna
Tadhg Kelleher, Cúm a’ Ghadhair
Jerry Murphy, Doire na Sagart
Siobhán Uí Liatháin, Cnoc an Iúir
Jerry & Mary Lynch, Baile Mhic Íre
Dónal & John O’ Riordan, Cnoc an Iúir
Michael Ó Ríordáin, Rathúna
Peg Hoare, Baile Mhic Íre
Mary Lucey, Baile Mhic Íre Thoir
Frank Stack, Carraig Dubh agus Atha an Chóiste
Michael McCarthy, ChurchTown South, Baile an Locha
Frances Kelly, Manassas, Virginia.

Ar son daoine atá breoite
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal    1:1-11
Tógadh suas os comhair a súl é .

Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”

Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”
Ach d’fhreagair sé iad:
“Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Salm le Freagra                 Sm 46
Freagra                                Gabhann Dia in airde le gártha molta;
                                                 gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Malairt Freagra               
Alleluia!

I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile,
gairdigí do Dhia le teann lúcháire!
Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,
ina ardrí os cionn na cruinne.                      Freagra

2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dó
Seinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó.   Freagra

3. Is é Dia rí na cruinne go léir.
Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dó
Tá Dia ina rí ar na náisiúin;
tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa.           Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig nahEifísigh  1:17-23
Chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é

A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa         Mth 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!
Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;
‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Alleluia!

SOISCÉAL         

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás  24:46-53
Agus le linn dó iad a bheannú tógadh suas ar neamh é.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail :

Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo. Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladhag m’Athair.

Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”

A
nsin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim agus áthas mór orthu, agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé.

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oilithreacht Trí Lá go dtí Loch Dearg ag rith ón gCéadaoin 1ú Meitheamh go dtí 15ú Lúnasa (Sath 13ú Lúnasa isea an lá deireanach chun an oilithreacht a thosnú).

Costas €80/Cur in áirithe molta/Lascaine ar fáil do mhic léinn, daoine níos sine agus grúpaí.

Gach eolais faoi chur in áirithe agus grúpaí pharóiste eagraithe ar fáil ag www.loughderg.org. rphost info@loughderg.org nó glaoch 0(0353) 719861518

Loch Dearg, Pettigo, Co Dhún na nGall, F94 N289

Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.

ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.

Paidir an Phápa do Mhí Bealtaine
A Thairna Dia do roghnaís Muire mar mháthair ar do Mhac.
Do roghnaís í ón gcéad lá don curam seo agus, mar sin, choinnís í saor ó smál Pheaca an tSínnsear.
Iarraimíd ar Mhuire bheith i bpáirt linn inár bpaidreacha. Go n’éistí is go n’iompaí an ghlúinn óg ó pheaca, le glaoch Chríost, trí chumhacht teachtaireacht an tsoiscéil. Treoiraigh a gcosán ionas go roghanóigh siad an maith agus an naofa igcónai.
Osclaigh a gcluasa is a gcroíthe chun do ghlaoch chun freastal ort féin is a gcomharsaine. Tabhair misneach dóibh agus iad ag díriú ar an cruatan ina saol. Daingeanaigh iad ina gcreideamh, agus a muinín, i do ghrá is do thrócaire. Osclaigh a súile chun gátar a ndreatháireacha is a ndriofúireacha ionas go gcabhróigh siad leo igcónai.
Go n’iompaí siad chun Comaoin na Naomh, ach go h-áirithe chun Muire, Banríon na nAingeal agus na fearaibh is mnátha óga uile a shiubhalaigh Cosán an tSaoil. Go dtuillfigh siad ar deire, trí’na gcuid paidreacha agus dea shampla, grástaí an Bheatha Shíorraí. Aiméin

Grúpa Scríbhneoireachta Cruthaitheach Baile Mhúire ag bualadh ar an céad Aoine de gach mí ag a 4.00in sa leabharlann i mBaile Mhúirne.
Tá fáilte roimh éinne le suim sa scríbhneoireacht ar aon léibhéal teacht agus éisteacht lenár scéalta.
Ba bhreá linn baill nua a fheiscint chun cur lenár ngrúpa.
Tá reimhse mór sna topaic a bhíonn a scríobh againn.
Tá fáilte roimh éinne triail a bhaint as an caitheamh aimsir seo linn.
Ballyvourney Creative Writing Group have recommenced meeting on the 1st Friday of each month at 4.00 pm at Ballyvourney library.
We are inviting anyone interested in writing at any level to come along and listen to our offerings.
We would love some new members to add some variety to our group.
Our topics range from the sublime to the ridiculous and everything in between.
Come along and enjoy this lovely pastime with us

Oilithreacht go Lourdes ó bhaile 2022

Is trua nach bhfuilimid in ann dul go Lourdes don triú bhliain as a chéile. Tá Oilithreacht ó bhaile le searmanais i leith éagraithe ag dul ar aghaidh ón 3ú Meitheamh – 8ú Meitheamh

Beidh fáilte roimh gach  éinne freastal ar na searmanais. Tá an clár searmanais ar fáil ón suíomh an deoise www.cloynediocese.ie nó ón leathanach Facebook ‘Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes https://www.facebook.com/cloynelourdes

Cloyne Diocesan Virtual Pilgrimage to Lourdes 2022

The curtailment of the Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes for a third year  is a huge disappointment to all. A Lourdes Pilgrimage from home will take place from  June 3th – June 8th 2022.

All those who would like to attend any or all ceremonies are very welcome to do so. For the schedule of ceremonies and pilgrimage videos, please visit the Cloyne Diocese website or the  Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes Facebook Page (@cloynelourdes) https://www.facebook.com/cloynelourdes

Leave a Comment