Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(5/6/2022)
Domhnach Cíngcíse
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Beidh Aifreann i Scrín Ghobnatan i mbliana ar an 17ú lá de mí Iúil ag 3 a clog iar nóin.
Annual mass at St. Gobnaits Shrine will return on July 17th 2022 at 3pm. Fáilte roimh cách.
Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes
Beidh cúntas airigidis an Paróiste ar fáil san EArdhamh taréís aifrinn deire seachtaine seo.
The parish accounts will be made available in the Sacristy this weekend.
Is mian leis an Athair Seán buíochas do ghabháil le cách atá ag cabhrú leis na Coistí Liotúrga, Airigidis, Aire Páistí agus Nuacht Litir.
Fr Seán would like to thank all who are helping with the various committees – Liturgy, Finance, Child Safeguarding and Newsletter.
Ní neart go cur le chéile.
Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh
Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.
Beidh an Ath Seán ar an Camino leis an Athair Paddy Ó Buachalla ó 6/6/19200 go 17/6/2021
Beidh Sagart eile ar diuité. Aifrinntí deire seachatine amháin ar fáil sa tréimhse sin.
Fr Seán and Fr Paddy Ó Buachalla are on the Camino from 6/6/19200 to 17/6/2021.
There will be weekend masses only but there will be a priest on duty during the period.
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
James Cronin, Carraig an Adhmaid.
Tommy Butler, Baile Mhic Íre agus Baile Lorcáin, Cill Chainnigh.
Diarmuid Kelleher. Londain agus Lios a’ Chréasaigh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Concubhar O Scanaill An Muillin
Nora Shorten. Béal Átha’n Ghaorthaidh.
Laurence Ó Buachalla. Bárr d’Ínse
Criostóir Ó Céilleachair. Culna Cathrach, Lios a’ Chraosaig
Con Ó Donnchú, Baile Mhic Íre
Tom Noon Cill a’ Mhantáín
Joan Lyons, Cnoc an Iúir Baile Mhúirne
Tim Creedon, Sráid Nua, MagCromtha
Domhnach Cincíse

CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:1-11
Líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt.
Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu:
“Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 103:1, 24, 29-31, 34
Freagra Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna,
agus dean agaidh na talún a athnuachan.
Malairt Freagra Alleluia!
1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise,
tá tú gléasta le solas mar le fallaing Freagra2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna!
Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! Freagra3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort
chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh:
leathann tú do lámh agus liontar iad. Freagra4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad
agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad,
agus athnuann tú aghaidh na talún. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:8-17
Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad.
Na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh.
faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.
Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.” Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
ROSC
Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
fear anuas ó na flaitheasa
léas do sholais mharthanaigh.Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
tar, a Bhronntóir tabhartas,
tar, a Sholais croítheacha.Só1ásai ró-charthanach,
aoi sámh cneasta an anama,
fionnuaire ‘alainn thaitneamhach.Sos i measc ár ndeacrachtaí,
fuarthán sóúil i ngreadaithe,
só1ás i ngol is i gcathuithe.A lasair aoibhinn bheannaithe,
líon is soillsigh croítheacha
na bhfírean mbocht n-anbhann.Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
níl ní ar bith in ár bpearsana,
ní ar bith níl gan pheaea ionainn.Nigh a bhfuil salach ionainn,
an méid is tur dínn, cneasaighse,
tabhair leigheas dúinn in ár geeasnaitheachtCuir i mboige ár gerapaitheacht,
a bhfuil fuar dínn, cneasaighse,
a bhfuil earn dínn, ceartaighse.Do d’fhíréana tabhairsé,
is go bhfuil a seasamh ort,
seoid do sheaeht naomhthabhartas.Tabhair luach saothair maitheasa,
tabhair bás faoi mhaise dóibh,
tabhai r aoibh neas parthais.
Amen. Alleluia!
Alleluia Vearsa
Alleluia, alleluia!
Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe, agus adhain iontu lasair do ghrá.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 14:15-16, 23-26 Glóir duit, a Thiarna.
Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.
Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é,
agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo.“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra.
Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,
ach leis an Athair a chuir uaidh mé.
Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh,
ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse,
múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oilithreacht Trí Lá go dtí Loch Dearg ag rith ón gCéadaoin 1ú Meitheamh go dtí 15ú Lúnasa (Sath 13ú Lúnasa isea an lá deireanach chun an oilithreacht a thosnú).
Costas €80/Cur in áirithe molta/Lascaine ar fáil do mhic léinn, daoine níos sine agus grúpaí.
Gach eolais faoi chur in áirithe agus grúpaí pharóiste eagraithe ar fáil ag www.loughderg.org. rphost info@loughderg.org nó glaoch 0(0353) 719861518
Loch Dearg, Pettigo, Co Dhún na nGall, F94 N289
Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.
Tá ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.
Grúpa Scríbhneoireachta Cruthaitheach Baile Mhúire ag bualadh ar an céad Aoine de gach mí ag a 4.00in sa leabharlann i mBaile Mhúirne.
Tá fáilte roimh éinne le suim sa scríbhneoireacht ar aon léibhéal teacht agus éisteacht lenár scéalta.
Ba bhreá linn baill nua a fheiscint chun cur lenár ngrúpa.
Tá reimhse mór sna topaic a bhíonn a scríobh againn.
Tá fáilte roimh éinne triail a bhaint as an caitheamh aimsir seo linn.
Ballyvourney Creative Writing Group have recommenced meeting on the 1st Friday of each month at 4.00 pm at Ballyvourney library.
We are inviting anyone interested in writing at any level to come along and listen to our offerings.
We would love some new members to add some variety to our group.
Our topics range from the sublime to the ridiculous and everything in between.
Come along and enjoy this lovely pastime with us
Oilithreacht go Lourdes ó bhaile 2022
Is trua nach bhfuilimid in ann dul go Lourdes don triú bhliain as a chéile. Tá Oilithreacht ó bhaile le searmanais i leith éagraithe ag dul ar aghaidh ón 3ú Meitheamh – 8ú Meitheamh
Beidh fáilte roimh gach éinne freastal ar na searmanais. Tá an clár searmanais ar fáil ón suíomh an deoise www.cloynediocese.ie nó ón leathanach Facebook ‘Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes https://www.facebook.com/cloynelourdes
Cloyne Diocesan Virtual Pilgrimage to Lourdes 2022
The curtailment of the Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes for a third year is a huge disappointment to all. A Lourdes Pilgrimage from home will take place from June 3th – June 8th 2022. All those who would like to attend any or all ceremonies are very welcome to do so. For the schedule of ceremonies and pilgrimage videos, please visit the Cloyne Diocese website or the Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes Facebook Page (@cloynelourdes) https://www.facebook.com/cloynelourdes
