Nuacht Litir 12/6/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(12/6/2022)

Domhnach an Trionóid Naofa

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00

Beidh Aifreann i Scrín Ghobnatan i mbliana ar an 17ú lá de mí Iúil ag 3 a clog iar nóin.
Annual mass at St. Gobnaits Shrine will return on July 17th 2022 at 3pm. Fáilte roimh cách.

Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes

Beidh cúntas airigidis an Paróiste ar fáil san EArdhamh taréís aifrinn deire seachtaine seo.
The parish accounts will be made available in the Sacristy this weekend.

Is mian leis an Athair Seán buíochas do ghabháil le cách atá ag cabhrú leis na Coistí Liotúrga, Airigidis, Aire Páistí agus Nuacht Litir.
Fr Seán would like to thank all who are helping with the various committees – Liturgy, Finance, Child Safeguarding and Newsletter.
Ní neart go cur le chéile.

Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh
Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.

Beidh an Ath Seán ar an Camino leis an Athair Paddy Ó Buachalla ó 6/6/19200 go 17/6/2021
Beidh Sagart eile ar diuité. Aifrinntí deire seachatine amháin ar fáil sa tréimhse sin.
Fr Seán and Fr Paddy Ó Buachalla are on the Camino from 6/6/19200 to 17/6/2021.
There will be weekend masses only but there will be a priest on duty during the period.

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

An tSiúr Siobhán Ní Scannaill, Cúil Aodha
Joan O’Brien (Ní Thuama, Na Ceapacha), Nua Eabhrach
Concubhar Ó Ceallaigh, Seana Chluain
Proinsíos, Máire agus Dónal Ó Ceallaigh, Gort na Tiobraid
Gerard McSweeney, Oifig a’ Phoist, Baile Mhic Íre
Máire Nic Shuibhne, Gort an Acra
Ned Horgan, Siabh Riach
Denis Dineen, An Muileann
Carmel Lynch, Lios Tuathail
Dan Twomey, Cúil Iarthair
Christy Kelleher, Cúl na Catharach
Máirín Lyons (Ní Thuama) Na Cillíní, Baile Mhic Íre


CÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar na Seanfhocal       8:22-31
Sular cruthaíodh an domhan féin, rugadh an Eagna

Dúirt Dia:

Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair,
roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé,
i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
Ní raibh na duibheagáin fós ann,
ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit,
sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
De bhrí nár thóg sibh ceann d’aon chomhairle do mo chuid,
agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás
agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,
agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;
lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
Óir bhí fuath acu don eolas,
agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,
agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,
agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.”

Briathar an Tiarna     Buíochas le Dia.

Salm le Freagra                Sm 8
Freagra                               A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d’ainm ar fud na cruinne!

1. Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar,
an ré agus na réaltaí a rinne tú,
cad is duine ann go dtógfá ceann de,
na mac an duine go ndéanfa curam de?            Freagra

2. Is beag nach ndearna tú dia de;
chuir tú barr glóire agus gradaim air.
Thug tú ceannas ar oibreacha do himh dó,
agus chuir tú gach aon ní faoina chosa.             Freagra

3. Caoirigh agus eallach agus eile,
agus ainmhithe uile an mhachaire;
éanlaith an aeir agus iasc na mara
agus a ngluaiséann ar raonta na farraige.        Freagra

DARA LÉACHT       

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Romanaigh          5:1-5
Cuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad dúinn.

A bhráithre, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia  Vearsa                    Apac 1:8
Alleluia, alleluia!
Glóir don Athair, don Mac agus don Spiorad  Naomh, do Dhia, an té ata, a bhí agus atá le teacht.
Alleluia!

SOISCÉIL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin        16:12-15         Glóir duit, a Thiarna.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’

Dúirt Íosa leis na deisceabail:

Tá mórán eile le rá agam libh,
ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé,
agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé: ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oilithreacht Trí Lá go dtí Loch Dearg ag rith ón gCéadaoin 1ú Meitheamh go dtí 15ú Lúnasa (Sath 13ú Lúnasa isea an lá deireanach chun an oilithreacht a thosnú).

Costas €80/Cur in áirithe molta/Lascaine ar fáil do mhic léinn, daoine níos sine agus grúpaí.

Gach eolais faoi chur in áirithe agus grúpaí pharóiste eagraithe ar fáil ag www.loughderg.org. rphost info@loughderg.org nó glaoch 0(0353) 719861518

Loch Dearg, Pettigo, Co Dhún na nGall, F94 N289

Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.

ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.

Grúpa Scríbhneoireachta Cruthaitheach Baile Mhúire ag bualadh ar an céad Aoine de gach mí ag a 4.00in sa leabharlann i mBaile Mhúirne.
Tá fáilte roimh éinne le suim sa scríbhneoireacht ar aon léibhéal teacht agus éisteacht lenár scéalta.
Ba bhreá linn baill nua a fheiscint chun cur lenár ngrúpa.
Tá reimhse mór sna topaic a bhíonn a scríobh againn.
Tá fáilte roimh éinne triail a bhaint as an caitheamh aimsir seo linn.
Ballyvourney Creative Writing Group have recommenced meeting on the 1st Friday of each month at 4.00 pm at Ballyvourney library.
We are inviting anyone interested in writing at any level to come along and listen to our offerings.
We would love some new members to add some variety to our group.
Our topics range from the sublime to the ridiculous and everything in between.
Come along and enjoy this lovely pastime with us

Oilithreacht go Lourdes ó bhaile 2022

Is trua nach bhfuilimid in ann dul go Lourdes don triú bhliain as a chéile. Tá Oilithreacht ó bhaile le searmanais i leith éagraithe ag dul ar aghaidh ón 3ú Meitheamh – 8ú Meitheamh

Beidh fáilte roimh gach  éinne freastal ar na searmanais. Tá an clár searmanais ar fáil ón suíomh an deoise www.cloynediocese.ie nó ón leathanach Facebook ‘Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes https://www.facebook.com/cloynelourdes

Cloyne Diocesan Virtual Pilgrimage to Lourdes 2022

The curtailment of the Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes for a third year  is a huge disappointment to all. A Lourdes Pilgrimage from home will take place from  June 3rdJune 8th2022.  All those who would like to attend any or all ceremonies are very welcome to do so. For the schedule of ceremonies and pilgrimage videos, please visit the Cloyne Diocese website or the  Cloyne Diocesan Pilgrimage to Lourdes Facebook Page (@cloynelourdes) https://www.facebook.com/cloynelourdes

Leave a Comment