Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(10/7/2022)
An Cúigiú Domhnach Déag Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Re Aifreanntaí speisialta
Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G om August 7th
Nóta tabhachtach –
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Baisteadh 2022
Déanaimid comhgháirdeachas leis na daoine seo a ghlac sacraimint an Bhaiste i rith an chéad sé mhí den bhliain.
We congratulate the following who received the sacrament of Baptism in the first 6 months of 2022
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Diarmuid McCarthy. SeanaChluan
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
An tAthair Domhnal Ó Briain S.P. Baile Mhuirne/Cúil Aodha agus Gort Rua
Cal Mac Cárthaigh, Na hUlláin Thiar. Baile Mhic Íre
Dónal Ó Loingsigh Cill Dheagláin, Co na Mí & Baile Bhúirne
Free Ó Loinsigh Cúil Aodha
Paddy (Mick) Lyons, Baile Mhic Íre.
Siobhán Uí Liatháin, Cnoc an Iúir
Maura O’Shea, Cluain Droichid
Mary Hennessy, Seana Gharraí
Conchúr Ó Ceallaigh, Seana Chluain
Dónal Ó Ceallaigh, Gort na Tiobraid
Gobnait Cronin, Plantation
Christy Kelleher, Cúl na Cathrach
Jerry & Mary McSweeney, Gort an Acra
Nóra & Patsy Lynch, Na hUlláin Thoir
Dónal & John O’Riordan, Cnoc an Iúir
John & Margaret (Maggie) Kelleher, Doirín Álainn
Margaret O’Riordan, Ráth Únach
Michael & Margaret O’Brien, Árdán Ghobnatan
Alec Twomey, Ceatharlach
CÉAD LÉACHT
Sliocht as LeabharDeotranaimí 30:10-14
Tá an briathar an-ghar duit le comhlíonadh.
Dúirt Maois lesi an bpobal: má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán.
‘Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air. Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 68
Freagra Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine ísle, agus athbheofar bhur gcroí
1. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna,
an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá
agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna;
iompaigh chugam de réir do thrócaire. Freagra
2. Maidir liomsa, nuair is daibhir dobrónach mé,
tógadh do chúnamh mé, a Dhia.
Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán;
déanfaidh mé é a mhóradh le haltú buíochais. Freagra
3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é;
athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta,
is ní thugann droim láimhe da bhraighdeanaigh. Freagra
4. Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh
agus atógfaidh sé cathracha Iúda.
Beidh siad ina n-oidhreacht ag sliocht a sheir bhíseach,
ag an muintir a thugann grá dá ainm. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 1:15-20
Is trí an Chríost a cruthaíodh an t-iomlán.
Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe
mar is trídsean a cruthaíodh
a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise.
Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
Comhgháir an tSoiscéil Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 10:25-37 Glóir duit, a Thiarna.
Agus cé hé mo chomharsa?
San am sin d’éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh:
“A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
Dúirt sé leis:
“Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”
D’fhreagair sé agus dúirt:
“‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’”
Dúirt sé leis:
“Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”
Ach ó b’áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa:
“Agus cé hé mo chomharsa?”
Thug Íosa freagra air á rá:
“Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”
Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.”
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Comhdháil Ghobnatan – Cumann Naomh Uinsean de Pól
Tá fhios ag bhúr gcumann áitiúil go bhfuil mórán clannta go bhfuil boilsciú agus costas maireachtála an lae inniu ag goiliúint go mór orthu. Fearannmíd fáilte caoin roim éinne gur mhaith leo tacaíocht nó cúnaimh ár gcumann do theacht chuchu. Tá gach comhrá agus gníomh déanta faoi rún daingean. Seo iad na uimhreacha le dul i dteagabháil linn 086/ 2400574 or 021 4270444
St Gobnait’s Conference – St Vincent De Paul Society.
Your local conference is very aware that many families and individuals are finding the spiralling cost of living extremely challenging at this time. Anyone who wishes to avail of the supports the Conference may be able to offer are invited to make contact with the conference in strictest confidence on either of the telephone numbers listed here 086/ 2400574 or 021 4270444