Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(17/7/2022)
An Séú Domhnach Déag Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Re Aifreanntaí speisialta
Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G om August 7th
Nóta tabhachtach –
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Baisteadh 2022
Déanaimid comhgháirdeachas leis na daoine seo a ghlac sacraimint an Bhaiste i rith an chéad sé mhí den bhliain.
We congratulate the following who received the sacrament of Baptism in the first 6 months of 2022
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Diarmuid McCarthy. SeanaChluan
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Christine Bn Uí Liatháin, Sliabh Riabhach Baile Mhuirne
Peg agus John (the Yank) Ó Duinnín Doire an Chuilinn.
Eibhlín Ní Mhuimheancháin Gort na Scairte agus Cill na Martra
Treasa Ní Mhuimhneacháin, Gort na Scairte
Peggy O’Riordan, Baile Mhic Íre Thoir.
Dónal & Susa Uí Éalaithe, Na Milíní
An tSiúr Eibhlín Ni Éalaithe, Na Milíní, Corcaigh & An Aifric
Gobnait Leech (Nee Hegarty) Baile Mhúirne & Great Yarmouth
Micheál Ó hIarlaithe, Gort na Tiobraid
Peter (King) Ó Luasa, Na hUlláin, Baile Mhuirne
Peigí agus Tom Noone
Monsínear Pádraig Ó Fiannachta, An Daingean agus Fionntrá
Billy Walsh. Baile Mhuirne.
Theresa Buckley. MagCromtha.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Geineasas 18:1-10
A thiarna, más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta.
Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha I mbrothall an lae. D’fhéach sé suas agus b’shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil. Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.”
“Déan mar a deir tú,” ar siad.
Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”
Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d’ullmhaigh seisean é faoi dheifir. Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?”
“Tá sí sa bhoth,” ar sé.
“Fillfidh mé ort,” arsa an t-aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 14
Freagra A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phuball?
1. Cé a lonnóidh ar do Shliabh Naofa, a Thiarna?
An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann fíréantacht,
a labhraíonn go díreach óna chroí
agus nach ndéanann tromaíocht lena theanga. Freagra
2. An té nach ndéanann ole dá chomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;
an té ar beag aige an drochdhuine
agus ar mór aige aos eagla an Tiarna. Freagra
3. An té nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht
is nach nglacann le breab in aghaidh an neamh chiontaigh.
An té sin a dhéanfaidh amhlaidh,
ní bhainfear dá threoir e go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 1:24-28
Rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta atá nochta anois dá phobal naofa.
A bhráithre, is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine: an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa. Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d’fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna, Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh 10:38-42
Chuir Marta fáilte roimh Íosa chun a tí. Is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire
San am sin tháinig Íosa isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt:
“A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m’aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”
Dúirt an Tiarna léi á freagairt:
“A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart