Nuacht Litir 24/7/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(24/7/2022)

An Seachtú Domhnach Déag Saor

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.

Re Aifreanntaí speisialta

Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G on August 7th

Beidh aifreann ag Scrín Ghobnatan ar an 7ú Lúnasa ar a 3 a clog.                                                                                                Annual Shrine Mass at St. Gobnaits at 3pm on August 7th

Nóta tabhachtach

Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.

Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha

Baisteadh 2022
Déanaimid comhgháirdeachas leis na daoine seo a ghlac sacraimint an Bhaiste i rith an chéad sé mhí den bhliain.
We congratulate the following who received the sacrament of Baptism in the first 6 months of 2022

Elsie Joan Audrey King,
Micheál Conchubhar Ó Donnchú,
Hannah May Nic Charthaigh,
Kieran Martin Ó Lúasa,
Anna Ní Scanaill,
Oran Jeffery Con Swann,
Dónal Óg Matthew Ó hÉalaithe,
Feidhlim Máirtín Ó Riordáin,
Ethan Thomas Ó Riordáin,
Fionn Dónal Ó Riordáin,
Mairéad Ella Papalski,
Caolan Dónal Mac Cárthaigh,
Tess Mary Nic Charthaigh,
Christopher Abán Déiseach,
Isla Laboure Ní Chonaill,
Sophie Senkane Costin-Healy,
Edgar Robert Staszcak,
Alex Jeziorski

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Nóra Uí Thuama, Réidh na nDoirí                                                                                                                                              Peggy Uí Chróinín (Ní Dhuinnín) Londain & Cúil Aodha

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

 

Máire Ni Ríordain Doirin Áluinn
Eileen McCarthy (Ní Luasa, Ínse Mhór) agus Port Láirge
Mary Monaghan Coombs (nee O’ Mara) Londain.
Dónal (Danny) Ó Cuill, Barr d’Ínse
Donnachadha agus Máire Uí Loinsigh, An Tóchar, Cúil Aodha.
Mary Jo O Ríordáin, Ráth Úna                                                                                                                                                 Eibhlín Ní Mhuimhneacháin                                                                                                                                                      Sheila Walsh (Ní Thuama), Dún Droma & Sliabh Riabhach


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Geineasas        18:20-32
“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom, agus labhróidh mé arís.”

Ansin dúirt an Tiarna:
Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom! Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n-aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.”Abs prayer for Sodom

D’imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d’fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt:
“An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach? Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti? Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d’fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”
D’fhreagair an Tiarna:
Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.”

“Seo mé,” arsa Abrahám á fhreagairt, “agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?”
Ní dhéanfaidh mé,” ar sé, “ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.”
Agus labhair sé leis arís: “Abair,” ar sé, “gur daichead a gheofar inti.”
Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “ar son daichead.”

Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,” ar sé ansin, “agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.”
D’fhreagair seisean:
“Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.”

Tá sé de dhánaíocht ionam,” arsa Abrahám ansin, “labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.”
“Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.”

Ansin dúirt sé:
“Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.”
D’fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra.           Sm 137
Freagra:                          Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom, a Thiarna.

I. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán
mar gur éist tú le briathra mo bhéil.
I bhfianaise na n-aingeal móraim thú;
sléachtaim i dtreo do theampaill naofa.                                 Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílse;
mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú;
nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom
agus thug tú neart breise do m’anam.                                   Freagra

3. Dá airde é, is cúram dó an t-íseal;
ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,
coinníonn tú beo mé in aghaidh fhraoch m’eascairde.         Freagra

4. Leathann tú do lámh in aghaidh fhearg mo naimhde,
tarrthaíonn do dheaslámh me.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí;
na tréig obair do lámh.                                                            Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as Liter  cuigh na Colosaigh              2:12-14
d’Athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile.

A bhráithre, comhadhlacadh sibh in éineacht le Críost sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeall ghearradh na colainne; ach d’athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile, agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 1: 14. 12
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás        11:1-13      Glóir duit, a Thiarna
Iarraigí, agus tabharfar daoibh.

Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá  dheisceabail leis:
A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.
Dúirt sé leo:

“Nuair a ghuíonn sibh, abraigí:

A Athair, go naofar d’ainm;
go dtaga do ríocht;
ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
agus maith dúinn ár bpeacaí,
óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn;
agus ná lig sinn igcathú.”

Agus dúirt sé leo:
Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom, óir tá cara liom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair’; agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir liom éirí chun iad a thabhairt duit’; – deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
hospitality

Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

Leave a Comment