Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(31/7/2022)
An Ochtú Domhnach Déag Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Re Aifreanntaí speisialta
Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G on August 7th
Beidh Aifreann Bhaile Mhuirne ar 12:00 Dé Domhnaigh seo chughainn 7/8/2022
Mass in Baile Mhuirne on next Sunday @12:00
Beidh aifreann ag Scrín Ghobnatan ar an 7ú Lúnasa ar 3:00 i.n.
Annual Shrine Mass at St. Gobnaits at 3:00pm on August 7th
Nóta tabhachtach –
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Donachadha (Din Matty) Ó Tuama. Na Milíní, Cúil Aodha
Peggy Uí Chróinín (Ní Dhuinnín) Londain & Cúil Aodha
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Máirín Ní Ríordain Doirín Aluinn
Sile Bn Uí Scannail (“Free” -Ní Loinsigh) Doire na Sagart.
Johnny (Mike Hugh ) Ó Tuama – Doire Leathan, agus Londain
Timmie Ó Riordáin, Cnoc an Iúir
Kitty O Connor Doire na Sagart
Seán Ó hEigeartaigh, Na Cillíní, Baile Mhuirne
Eighneachán Ó Flanagáin. An Muileann
Connie Ó Loinsigh. Doire na Sagart
Seamus Hoare, Cill na Martra
Jack Ó Luasa. Inse Mhór, Cuil Aodha agus Londain
Tadhg Ó Súilleabháin, An Ghráig,
Cáit Bean De Mórdha, Baile an Ghleanna
Joe Cotter, Londain agus Cúl na Catharach
Máire Ní Laocha, Cúm na Cloiche, Baile Mhuirne
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Cóhelet 1:2.2: 21-23
Cén tairbhe a bhaineann duine as a shaothar?
Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!
Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo. Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine? Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí.
Baois is ea é seo chomh maith.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Malairt Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ar nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:
‘Ná calcaigí bhur gcroí.’ mar a tharla i MerÍba,
mar a tharla an lád ud ag Masá san fhásach
mar ar chuir bllur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
___________________________________________
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 3:1-5. 9-11
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
A bhráithre, agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé. Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh – nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin: Críost an uile agus é san uile ní.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, Alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,. déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 12: 13-21 Glóir duit, a Thiarna.
An cnuasach atá déanta agat, Cé aige a mbeidh sé?
San am sin dúirt duine as an slua le h Íosa :
“A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”
Ach dúirt seisean leis:
“A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”
Dúirt sé leo ansin:
“Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige,
ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”
Labhair sé parabal leo:
“Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?’ Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d’anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart