Nuacht Litir 28/8/2022

Paroiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

(28/8/2022)

An Dara Domhnach Fichead Saor

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.

 

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Nora (Bob) Mason (Ní Mhuimhneacháin). Baile Atha Cliath agus Cúil Aodha
Peigí Ní Dhuinnín Uí Chróinín, Londain agus Cúil Aodha

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Concubhar Ó Loinsigh. Doirín Áluinn, Baile Mhuirne
Pádraig Chóil Breathnach as An Sruthán ar an gCeathrú Rua
Nuala Ní Loinsigh, Doire na Sagart, Baile Mhúirne
Mich agus Nóra Uí Chathasaigh, Túnlán, Baile Mhic Íre
Tomás Ó Muláin, Screathan, Cúil Aodha
Fiachra Ó hAodha, Cúil-Aodha
Joan Bn Uí Chriodáin. Óstán Ghobnatan, Baile Mhic Íre.
Concubhar ó Laoghaire, Doire’n Chuillinn
Mary O’Riordan, Na Flatts, Carraig an Adhmaid.
Máire Uí Chróinín, Béal Átha’n Ghaorthaidh
John & Mary Weir, Má Réidh
Seán Ó Liatháin, Sliabh Riach
Peggy Uí Ríordáin, Baile Mhic Íre
Maidhcí agus Nóra Uí Shuilleabháin. Cúil Aodha
Kathleen Moloney, Gleann Draoi agus Tulla


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Shíorach        3:17-20. 28-29
Isligh thú féin agus beidh gnaoi an Tiarna ort.

A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;
agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,
agus beidh gnaoi an Tiarna ort.
Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,
ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.
Is éachtach í cumhacht an Tiarna, agus tugann lucht na huirísle onóir dó.
Níl leigheas ar ghalar an uaibhrigh, mar phréamhaigh planda den olc ann.
Déanfaidh an duine críonna machnamh ar pharabal ina chroí,
agus cluas le héisteacht is mian leis an eagnaí.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 67
Freagra                             De bharr do chineáltais, a Dhia, rinne tú soláthar do lucht an ghátair.

1. Déanfaidh na fíréin gairdeas i bhfianaise Dé;
déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm;
gairdigí don Tiarna; bíodh áthas oraibh roimhe.                  Freagra

2. Athair na ndílleachtaí is caomhnóir na mbaintreach,
is é sin Dia ina áras naofa.
Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;
seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais.    Freagra

3. Dhoirt tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d’oidhreacht:
bheathaigh tú do phobal agus iad ar an ngorta. ;
Is ann a lonnaigh do phobalsa de bharr dó chineáltais,
ar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.          Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Heabhraig        12:18-19. 22-24
Tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo.

A bhráithre, ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe,
mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling, blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach, agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Eo 14:23
Alleluia, alleluia!

Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás     14:1. 7-14    Glóir duit, a Thiarna.
Gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.

Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.

Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:
Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.

Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó:
“Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

Leave a Comment