(21/8/2022)
An tAonú Domhnach Fichead Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Nóta tabhachtach –
Ní Bheidh Adhradh na Croise Dé Luain nó arís Dé Luain 22ú
Ní bheidh aifrinntí laethiúil ón 22ú go 26ú Lughnasa
Nil bheidh aifrinntí maidin Shathairn
Faoistinní Dé Sathairn i mBaile Mhuirne ó 5:30 -6:30
Monday is the Holyday of the Assumption of Our Lady
Mass in Cúil Aodha at 10 am
Baile Mhuirne at 11.30 am
No adoration this Monday or Monday 22nd
No daily Masses 22nd- 26th
No Saturday morning masses
Confessions 5.30-6.30 on Saturday in Baile Mhuirne
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire agus Leap
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Concubhar Ó Loinsigh. Doirín Áluinn, Baile Mhuirne
Jeremiah Lucey, Tullough, Coolmountain agus Inse Mhór, Cuil Aodha
An Canónach Jackie Corkery. Ceanntuirc agus Athíneach
Maidhcí Ó Duinnín Doire an Chuilinn.
Fiachra Ó hAodha, Cúil-Aodha
Tomás Ó Mulláin, Screathan
Connie, Sheila & Denis Lynch, Na Cillíní
Hanna agus Michael Mac Suibhne Gort na Scairte
Batt agus Jimmy Ó Laoire, An Ráth
Tim Ó Suilleabháin Sliabh Riach
John Dwyer, Ardgroom agus Ross mhic Treoin
Donal Kellleher, MagCromtha agus Cúl na Catharach
Hannah Twomey. Na Ceapacha
ÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 66:18-21
Tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir go dtí mo shliabh beannaithe.
Seo mar a deir an Tiarna:
Tá mé ag teacht chun ciníocha na n-uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir. Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir – ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta – go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna. Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freaga Sm 116
Freagra Imígí faoin domhan uile; fógraígí an dea-scéal.
Malairt freagra Alleluia!
Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile;
moladh na náisiúin go léir é. Freagra
Óir is daingean é go deimhin, a bhuanghrá dúinn;
maireann a dhílseacht go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir chuig na Eabhraigí 12:5-7
Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht.
A bhráithre, tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.” Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air? Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd. Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14:5, 6
Alleluia, alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 13:22-30 Glóir duit, a Thiarna.
Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.
S
eo mar a bhí Íosa ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. Dúirt duine éigin leis:
“A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?”
Dúirt sé leo:
“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. Tar éis d’fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ Beidh sibh á rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’ Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.
Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart