Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(14/8/2022)
An Fichiú Domhnach Déag Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Nóta tabhachtach –
Dé Luain 15ú Lughnasa Lá Deasgabháil na Maighdne Muire
Aifreann Cuil Aodha @10:00
Baile Mhuirne @ 11:30
Ní Bheidh Adhradh na Croise Dé Luain nó arís Dé Luain 22ú
Ní bheidh aifrinntí laethiúil ón 22ú go 26ú Lughnasa
Nil bheidh aifrinntí maidin Shathairn
Faoistinní Dé Sathairn i mBaile Mhuirne ó 5:30 -6:30
Monday is the Holyday of the Assumption of Our Lady
Mass in Cúil Aodha at 10 am
Baile Mhuirne at 11.30 am
No adoration this Monday or Monday 22nd
No daily Masses 22nd- 26th
No Saturday morning masses
Confessions 5.30-6.30 on Saturday in Baile Mhuirne
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Mary Uí Liatháin (Ní Fhionnagáin) Bóthar Abán Baile Mhuirne & Doire na Sagart
Kathleen Nunan Drom Tairimh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Joan Ó Shea Carraig an Adhmaid
Máirín (May) Kelly, Dun Dá Radharc Cill na Martra
Máire Ni Dhrisceoil Oileán Chléire
Siobhán & Seán Uí Éalaithe, ínse Mhór
Máire Ní Éalaithe, Ínse Mhór
Danny (Connie) Ó Loingsigh , Cúil Aodha.
Donal Mac Suibhne, Gortnafunsion, Baile Mhic Íre
Stiofán Ó Reachtaire, Béal Átha’n Ghaorthaidh
John & Julia Dinneen, Carraig an Adhmaid
Máirín Dinneen, An Bhlárna
Con, Flurry & Kathleen Ó Suilleabháin, Baile Mhic Íre
Mary Cronin, Magh Réidh
Tadhg Ó Tuama, Baile Mhic Íre Uachtarach
Seán Ó Cróinín, Cnoc an Iúir
Fallon Butler, Sliabh Riach
Maidhc Cooney Doirín na Ceartan
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh. 38:4-6. 8-10
Rug tú mé i m’fhear achrannach don tír ar fad

Labhair na ceannairí seo leis an rí:
“Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n-aimhleas.”
“Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n-aghaidh.” Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
Chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí:
“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”
Ansin d’ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: “Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 39
Freagra Tar i gcabhair orm, a Thiarna.
1. Bhí dóchas agam, Bhí dóchas agam sa Tiarna,
agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh. Freagra
2. Tharraing sé mé as díog na díthe,
as láib an tsalachair.
Chuir mo chosa ina seasamh ar charraig
agus dhaingnigh mo choiscéimeanna. Freagra
3. Chuir sé amhrán nua i mo bhéal,
duan dár nDia.
Feicfidh mórán is beidh eagla orthu,
beidh a ndóchas sa Tiarna. Freagra
4. Maidir liomsa, cé gur dealbh dearóil mé,
tuigeann an Tiarna dom.
Is tú mo tharrthálaí is mo chúnamh:
ná déan moill, a Dhia! Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig 12:1-4
Rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.
A bhráithre, ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d’fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidhchun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d’fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Gníomh 16: 14
Alleluia, Alleluia!
Oscail ár gcroí, A Thiarna, Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 12: 49-53 Glóir duit, a Thiarna.
Ní chun síocháin a thabhairt a tháinig mé ach easaontas.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin! Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!
An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.
Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile,
triúr le beirt agus beirt le triúr; athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart