Nuacht Litir 13/11/2022

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(13/11/2022)

An Tríú Domhnach Triochad Saor

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged



Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30

Cúil Aodha
An Domhnach 10:00

Cill na Martra
Dé Sathairn  8:00
An Domhnach 11:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn  8:00

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh  aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or  removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.

Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Bill agus Máirín Mac an tSaoi Cuil Aodha
Seán Ó Loingsigh, An Tóchar
Máire Ní Cheocháin, Baile an Cholaigh agus Murnach beag
Den o Connell, Cnoc Sathairn, Cilll na Martra
Nora Bn Ui Chroinin Na Milíní
Valerie O Donoghue, LAdhair na Gaoithe
Pádraig de Búrca, Liosbuí Beag, Cill na Martra
Siobhán de Barra, Baile na Manach (Co Átha Cliath)
Michael Kelly Doire an Chuiling agus Brí Chualann
Mary Meagher, An Bhlárnain
Siobhán Ní Scannail. An Sórd. Baile Atha Cliath
John (Jackie) Twomey. Baile Mhic Íre & Maigh Chromtha
Donnchadh Ó Cróinín Ínse Mhór Cúil Aodha
Padraig & Síle Uí Liathain Cathair, Beal Atha An Ghaoraidh
Jean Yves Blouin. Peumerit Quintin, An Bhriotáin


CÉAD LÉACHT

Slíocht as leabhar Malaci        3:19-20
Soilseoidh grian na ffréantachta oraibh.

Féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua.

Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m’ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, bhfuil íocshláinte ina gathanna aici.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 97
Freagra                         Tá an Tiarna ag teacht  a rialú na náisiún go cothrom.

I. Canaigí sailm don Tiarna leis an gcruit
agus le fuaim na cláirsí.
Tugaigí gárthale fuaim stoic is adhairce
don Tiarna, ár Rí.                                              Freagra

2. Bíodh an fharraige agus a bhfuil inti ag búirthí
an domhan agus a maireann ann.
Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos;
déanadh na sléibhte gairdeas
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht
a rialú na cruinne.                                            Freagra

3. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir
agus na náisiúin go cothrom.                         Freagra

DARA LÉACHT 

Slíocht as dara litir Naomh P0l chuig na Teasalónaigh       3:7-12
An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.

A bhráithre, tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc, ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d’oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d’fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.

Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh:
An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.” Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Lc  21: 36   
Alleluia, Alleluia!
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh sibh ag seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.                 Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás       21:5-19        Glóir duit, a Thiarna.
Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.

2nd comingSan am sin nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt Íosa:
A bhfuil le feiceáil ansin agaibh – tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.
D’fhiafraigh siad de ansin:
Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”

Dúirt sé:
“Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh
ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m’ainmse. Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m’ainmse; ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear.

Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.’

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

Fógraí

Giota staire – Tuath na Dromann.
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.

Leave a Comment