Nuacht Litir 20/11/2022

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(20/11/2022)

SOLLUNTAS CHRIOST RI NA nUILE

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged



Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30

Cúil Aodha
An Domhnach 10:00

Cill na Martra
Dé Sathairn  8:00
An Domhnach 11:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn  8:00

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh  aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or  removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.

Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
John Thomson. MagCromtha
Mrs Celia Dineen Millstreet
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Brian Ó Tuama. Túnlán.
Peigí Bn Uí Loinsigh Cúil Aodha
Mattie Twomey Cluan Droichead
Mícheál Ó Ceallaigh. Doire an Chuilinn agus Brí Chualainn
Neansaí Uí Mhuirithe (Ní Dunne) Doire an Chuilinn agus Cill Chainnigh
Mícheál Ó Buachalla. Ínse na hAmhraí. Cill na Martra
Olan Collins, Cúm na Cloiche.
Eileen Lucey (Ní Bhrosnacháin), Cuimín a’ Bhric & Cill Áirne.
Rachel Bn Uí Thuama Ínse Geimhleach
Séamus Bergin. Mountrath Co Laoise.
Dan O’Brien, Youghal
Peigí Noone (Ní Scannail)
Mary T. Ní Liatháin, Daingean na Saileach
Anne Ó Ríordáin, Cnoic an Iúir agus Árdán Ghobnatan
Síle Free (Ní Loinsigh) Ó Tuama Doire na Sagart agus Sliabh Riach,


(AN DOMHNACH SAOR DEIREANACH)

SOLLUNTAS CHRIOST RI NA nUILE

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara leabhar Samuél        5:1-3
Rinne siad DáivI a ungadh ma rI ar Isráél.

Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón.David anointed
“Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat:
Is tusa a bheidh i d’aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’” Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 121
Freagra                         Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: ‘Téimis i dteach an Tiarna.’

I. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:
‘Téimis i dteach an Tiarna.’
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin
i do dhoirse, a Iarúsailéim.                       Freagra

2. Rinneadh cathair larúsailéim a thógáil
go dlúth is go daingean.
Is chuici a ghabhann na treibheanna suas,
treibheanna an Tiarna.                               Freagra

3. D’fhonn buíochas a ghabháil le hainm an Tiarna
de réir dhlí chlann Israáél.
Is ansiúd atá cathaoir bhreithiúnais
theaghlach Dháiví.                                      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig Colosaigh       1:12-20
Chruthaigh Sé áit dúinn  i ríocht a mhic mhuirnigh.


A bhráithre, gabhaimid buíochais go lúcháireach leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas agus a d’fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus chruthaigh Sé áit dúinn i ríocht a mhic mhuirnigh. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

Is íomhá den Dia dofheicthe é
agus céadghin gach dúile cruthaithe
mar is trídsean a cruthaíodh
a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe,
idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Jesus is LordIs trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uile
agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é,
ceann na hEaglaise.
Is é an tús é,
an chéadghin ó mhairbh
i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Mar is ann ab áil
le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin,
agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Mc 11: 10
Alleluia, Alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

SOISCÉAL 
Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás   23:35-43
A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do riochta.

Christ crucifiedSan am sin d’fhan an pobal ansiúd ag breathnú ar Íosa. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.
Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”

Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá:
Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.” Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”
Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”
Agus dúirt seisean leis: Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

Fógraí

Cuimhneacháin ár Mairbh

Is le omós doimhin, dignit agus geann a thug pobal an paróiste seo a  gcuid mairbh chun cuimhne i séipéal Bhaile Mhuirne Dé Luain agus i gCúil Aodha Dé Máirt seo caite.  Is comhartha fíor ar an gcreideamh daingean, doimhin i bpobal an paróiste seo, an oiread sin daoine a fhreastal ar aifrinn agus searmanaisí na gcoineal i gcuimhne ár mairbh.  Is mian liom buíochas do ghabháil le cách a fhreastal, agus a chabhraigh in aon slí, chun na searmanaisí seo a chruthú chomh fíor dúinn uile.

Remembrance of our Faithful Departed

With deep respect, dignity and affection our Parish community remembered our faithful departed in Ballyvourney Church last Monday evening and again in Cuil Aodha Church on Tuesday evening. It is truly a sign of the strong faith alive in our parish to see such large congregations gathering for the celebration of Mass and participating in the very moving candlelight ceremony to remember our departed relatives and friends. I wish to thank all who attended and to all who assisted in any way to make the ceremonies so meaningful for us all.

An tAthair Seán


Giota staire – Tuath na Dromann.
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.

Leave a Comment