Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(27/11/2022)
An Céad Domhnach den Aidbheint
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cúil Aodha
An Domhnach 10:00
Cill na Martra
Dé Sathairn 8:00
An Domhnach 11:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 8:00
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Fograí Báis
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Helen Ní Chuill, Melbourne (de shliocht Bharr d’Ínse)
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Neansaí, Jehr, Nelius, Síle agus Seán Uí Mhuirithe Doire an Chuilinn, Cúil Aodha
Síle Uí Bhriain Cúm a’Ghadhair.
Diarmuid, Cáit agus Concubhar O Duinnin. Cúil Aodha.
Diarmuid Joey Ó Connaill, Cul na Cathrach agus Cill na Martra
Seán Ó Fionagáin, Doire na Sagart
Dennis J. Ó Loinsigh. Na hUlláin
Nóra de Búrca, Liosbuí Beag, Cill na Martra
Peaití (Muldoon) Ó Buachalla, Cúm Uí Chlúmháin, Cúil-Aodha & Cill Garbháin
Síle Cotter, Cúl na Cathrach
Brian Ó Ríordáin ó Chaol an Phréacháin,
Máire Bn Mhic Suibhne, Gort na Scairte.
Paddy Joe Ó Duinnín. Cuil Aodha agus Corcaigh
James O’Driscoll, Dún Manmhaoí
Eileen Ó Ríordáin, Baile Mhic Íre
Máirín Folan, Na Ceapacha
Paddy Kissane, Sliabh Riach
Jack Shine, Na Flatts, Baile Mhic Íre
Ronnie McShane, Baile Atha Cliath agus Londain.
Danny Hyde, Cill Garbháin
Danny, Julia agus Conor Ó Luasa, Cnoic an Iúir

CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia Fáidh 2:1-5
Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.
Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.
Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air
os cionn na sléibhte,
agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:

“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna
go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite
agus go siúlaimis a bhealaí.”
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,
agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 121: 1-2,4-5,6-9, Rv v.1
Freagra Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom. ‘Téimis i dteach an Tiarna.’
1. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:
‘Téimis i dteach an Tiarna.’
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin
i do dhoirse, a Iarúsailéim. Freagra
2. Rinneadh cathair Iarúsailéim a 
go dlúth is go daingean.
Is chuici a ghabhann na treibheanna suas,
treibheanna an Tiarna. Freagra
3. Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte:
‘Go raibh síocháin ionat!’
Ar son theach an Tiarna, ár nDia,
iarraim do leas. Freagra
An Dara Léacht
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 13:11-14
Is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar.

A bhráithre, nuair a thuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d’fhonn a hainmhianta a shásamh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Versa
Alleluia, Alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 24:37-44 Glóir duit, a Thiarna.
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna. “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb’eol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.
Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
__
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Cuimhneacháin ár Mairbh
Is le omós doimhin, dignit agus geann a thug pobal an paróiste seo a gcuid mairbh chun cuimhne i séipéal Bhaile Mhuirne Dé Luain agus i gCúil Aodha Dé Máirt seo caite. Is comhartha fíor ar an gcreideamh daingean, doimhin i bpobal an paróiste seo, an oiread sin daoine a fhreastal ar aifrinn agus searmanaisí na gcoineal i gcuimhne ár mairbh. Is mian liom buíochas do ghabháil le cách a fhreastal, agus a chabhraigh in aon slí, chun na searmanaisí seo a chruthú chomh fíor dúinn uile.
Remembrance of our Faithful Departed
With deep respect, dignity and affection our Parish community remembered our faithful departed in Ballyvourney Church last Monday evening and again in Cuil Aodha Church on Tuesday evening. It is truly a sign of the strong faith alive in our parish to see such large congregations gathering for the celebration of Mass and participating in the very moving candlelight ceremony to remember our departed relatives and friends. I wish to thank all who attended and to all who assisted in any way to make the ceremonies so meaningful for us all.
An tAthair Seán
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.