Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(4/12/2022)
An Dara Domhnach den Aidbheint
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cúil Aodha
An Domhnach 11:00
Cill na Martra
Dé Sathairn 8:00
An Domhnach 11:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 8:00
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Fógraí Báis
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Diarmuid Ó Suilleabháin, Dún Chaoin agus Cúil Aodha
Damian Ó Duinnín Cúil Aodha Theas
Jer agus Noiní Corkery Túnlán
Péig agus Dan Uí Luasa, Carraigín na Caráiste
Seán Ó Caochluí, Inse Geimhleach
Ken Rafferty, Túnnlán, Baile Mhic Íre.
Nell, Flurie agus Denis Ó Suilleabháin, Cúil Aodha
Eileen Kennedy (Nic Suibhne) Cill a Mhantáin
Máire Ní Laoghaire, Doire n’ Chuilinn
Mary Lynch, Baile Mhic Íre
Denis J Lynch, Na hUlláin
Máire Twomey, Cúl na Catharach & Leicester
Mary McCarthy, Seana Chluain
Jimmy Moloney Gleann Draoi, Co an Cláir
Kevin McNamara, Fortane, Tullach, Co an Cláir.
Danny agus Judy Lucey Cnoic an Iúir, Baile Mhic Íre
AN DARA DOMHNACH DEN AIDBHINT
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Faidh Is 11:1-10
Tugann sé breithiúnas cothrom i leith na ndearóile.
Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
agus gas ag teacht óna fhréamh;
tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,
spiorad na heagna agus na tuisceana,
spiorad na comhairle agus na cumhachta,
spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.
(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)
Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,
ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha
agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.
Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine,
agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.
Is í an chóir bréid cheangail a choime,
agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.
Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,
an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;
tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht
agus gasúr óg á mbuachailleacht.
Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,
agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;
tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.
Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,
ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.
Díth ná dochar ní dhéantar níos mó
ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,
óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama
mar a líonann an fharraige leis an lán mara.
Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise
ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.
Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín
agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 71
Freagra Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.
1. Tabhair do bhreithiúnas, a Dhia, don rí
agus d’fhíréantacht do mhac an rí.
Go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a 
agus cothrom do na bochta. Freagra
2. Bláthóidh síocháin agus fhíréantacht lena
nó go meathfaidh an ghealach.
Beidh a réimeas ó mhuir go muir,
ón Abhainn Mór go críoch na cruinne. Freagra
3. Óir saorfaidh sé na bochta nuair a ghlaofaidh siad air
agus na hainniseoirí gan chúnamh.
Glacfaidh sé trua don duine lag
agus sábhálfaidh sé an duine dealbh. Freagra
4. Go moltar a ainm go brách
an fad a bheidh an ghrian ann.
Is tríd a bheannófar gach treibh;
beidh gach cine á mholadh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 15:4-9
SlánaIonn Críost gach aon duine.
Abhráithre, gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa 6 ar shlí go mbeidh sibh d’aontoil agus d’aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atáscríofa: “Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,
agus canfaidh mé do d’ainm le duan.”
Briathar Dé.
Alleluia Vearsa Lc 3:4, 6
Alleluia, Alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna, déanaigi díreach a chosáin. Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 3:1-12 Glóir duit, a Thiarna.
Déanaigí aithrí mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.
Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.” Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh san fhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chasáin.’”
Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d’Abrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.