Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(11/12/2022)
An Tríú Domhnach den Aidbheint
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cúil Aodha
An Domhnach 11:00
Cill na Martra
Dé Sathairn 8:00
An Domhnach 11:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 8:00
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Fógraí Báis
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Damian Ó Duinnín. Doire an Chuilinn
Mary Lynch. An tSráid, Baile Mhic Íre
Breda O Connell Cnoc Sathairn, Cill na martra
Treasa Ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte
Padraig & Síle Uí Liathain Cathair, Beal Atha An Ghaoraidh
Joan (Eugene) Mac Cárthaigh. Cúil Aodha agus Cill Garbháin
John Hoare Claon Ráth
Jimmy Byrne, Goresbridge, Co. Chill Choinnigh
Muintir Ui Uidhir, Carraigín. Sliabh Riabhach
Úna Ní Fhinneadha, Lochán Beag, Indreabhán
Danny agus Kate Hyde, Cill Gharbháin
Pádraig Ó Tuama (BAC agus Cill Gharbháin)
Breeda McGrath The Lough, Corcaigh
Danny & Peggy Kelleher, Gort LeathÁrd Cill Garbháin
Jack, Eilí agus Diarmuid Ó Buachalla Barr d’Ínse
Doncha Lear Ó Duinnín Na Milíní
John Hoare Na Cúla, Cill na Martra
Eileen Ui Mhurachú, (Ni Laocha), An Chaolchoill & Ré na nDoirí.
Denis & Margaret Buckley, Coolavoher
Megan Malone, Ceann Droma
Dan O’Connell, Drom Réidh
Jerry agus Kathleen Lehane, Doire an Aonaigh
Mary Murphy, Cathair Dáithí
Danny & Mary Cronin, Ceann Droma
Connie and Margaret Kelleher, Carriganimma
Eileen Kennedy (Ní Shuibhne) Baile Atha Cliath
Timmie McCarthy, Cloch Aighneach Cill na Martra
Seán Mullane, Túnlán
An tSiúr Enda Kelleher, Daingean Na Saileach agus Port Lairge,
AN TRÍÚ DOMNACH DEN AIDBHINT
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 35:1-6. 10
Is é Dia féin atá ag teacht do bhur slánú.
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir,
bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;
tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch,
déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;
beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne.
Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;
abraigí le lucht an chroí mhearaithe:“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”
Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar; beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.
agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.
Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas,
agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;
tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 145
Freagra Tar, a Thiarna, dár slanú.
Malairt Freagra Alleluia!
I. An té a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois,
is é a thugann bia don ocrach:
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. Freagra
2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthfoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach. Freagra
3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Séamus 5:7-10
Ná biodh drochmhisneach oraibh; is gearr go dtaga an Tiarna.
Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. Bíodh foighne agaibhse chomh maith.
Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia Dé.
Alleluia Vérsa Lc 4: 18
Alleluia, Alleluia!
Tá Spiorad an Tiarna orm. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na bocht.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 11:2-11
An tú an té atá le teacht no an ceart damn bheith ag súil le duine eile?

San am sin chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, á rá leis:
“An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
Dúirt Íosa leo á bhfreagairt:
“Imígí agus insígí d’Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”
Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin:
“Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.
Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’
“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Crann Cuimhneacháin na Mairbh
Séipéal Gobnatan – Cúil Aodha
Más mian leat pictiúir ded’ mhairbh do bheith ar folúin ar Chrann Cuimhneacháin na Mairbh, i séipéal Chúil Aodha, ní gá ach do phictiúr do chur sa bhosca atá ar bharr an harmonium ansúd agus déanfar é chóipéal, an cóip do ghearradh, do chlúdach is do chrochadh ar an gcrann agus cuirfear do phictiúr féin tharnais sa bhosca arís, le bailiú ar do shuaimhneas.
Memorial Christmas Tree
Seipeal Cuil Aodha.
If you wish to have pictures of your deceased loved ones placed on the
Memorial Christmas Tree in Seipeal Cuil Aodha.
Please place a copy of pictures in the box provided on the church organ.
Your pictures will be copied, resized and laminated and placed on the tree.
You may collect your original pictures from the same box after Christmas
