Nuacht Litir 18/12/2022

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(18/12/2022)

An Ceathrú Domhnach den Aidbheint

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhuirne

An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain 9:30
Adhradh idir 10rn agus 5 in
Dé hAoine – 9:30rn
Cúil Aodha
An Domhnach 10:00
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Dé Máirt—9:00rn
Réidh na nDoirí


Dé Sathairn 8:00

Aifreanntí na Nollag
Oíche Nollag 24ú Nollag

Carraig an Ime— 6.00in
Baile Mhúirne — 6.30in
Cluain Droichead— 7.30in
Réidh na nDóirí—9.00in
Cuil Aodha  9:00 Séirbhis Fáiltiú an Linbh Íosa agus Comaoine

Lá Nollag 25ú Nollag
Cluain Droichead 9.30rn
Cúil Aodha— 10.00rn
Baile Mhúirne—11.30rn
Cill na Martra—11.30rn
Faoistín/Confessions na Nollag

Séipéal Lachtaín Cill na Martra   Dé hAoine 16ú @ 7.30in
Séipéal Ghobnatan Baile Mhúirne Déardaoin 22ú @ 7.30in
Dé Sath 24ú @ 11.30—12.30
Séipéal Naomh Cólmáin, Maigh Chromtha Dé Máirt 20ú @ 7.30in Dé Sath 24ú @ 12—3in

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh  aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or  removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Anne McCarthy, Cluan Droichead
John Lucey, Cnoc Satharn, Cill na Martra
Gobnait Ní Thuama Béal Átha an Ghaorthaigh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Siobhán (Párthalán) Ni Dhuinnín
Breandán Ó Ceallacháin. Baile Mhuirne.
Betty (Ní Thuama) & Alan Freer, Cúl na Cathrach
Séamus & Síle Ui Laoire, Gort na gCross
Mícheál Ó Tuama Na hUlláin
Lyle De Gordún Barr d’Inse
Peigí Ní Loinsigh. Baile Mhic Íre
Bríd Uí Chonaill, Cill na Martra
Pats & Seán Finnegan, Doire na Sagart
Jack Burke, Ráth Úna
Mattie Ó hÉalaithe, Cúil a’ Bhuachaigh
Diarmuid Matt Twomey, Flatts, Baile Mhic Íre
Patrick D & Mary T Lehane, Daingean na Saileach
Johnny & Kathleen Horgan, Árdán Ghobnatan
Con Lyons An Chúil Iarthach.
Pádraig Ó Cróinín, Béal Átha’n Ghaorthaidh

Féach Fógraí ag deire san Nuacht Litir


AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT, Blian 1

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Íseáia         7:10-14
Ta an óghbhean ag iompar.

Labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:
Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.” D’fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”
Ansin dúirt sé:

Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,
an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine
go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.
Seo, tá an ógbhean ag iompar
agus ar tí mac a shaolú,
agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
is é sin, “tá Dia-linn.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 23
Freagra                        Tagadh an Tiarna isteach! Is e Rí na glóire é.

I.  Leis an Tiarna an chruinne agus a bhfuil inti:
an domhan go léir agus a maireann ann.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é,
agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.   Freagra

2. Cé a rachaidh suas ar chnoc an Tiarna?
Cé a bheidh ina sheasamh ar a láthair naofa?
An té a bhfuil lámha gan smál agus croí glan aige,
an té ar beag air nithe gan tairbhe.                            Freagra

3.  Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin
agus luach saothair ó Dhia a shlánaitheoir.
A leithéid siúd a bhíonn á lorg,
a bhíonn ar thóir Dhia Iácób.                                     Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh          1:1-7
Íosa Críost, de shliocht Dháivi, Mac Dé.

Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé. An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa,

is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví: ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh. Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost. Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia.

Alleluia!                       Mth 1:23
Alleluia, Alleluia!
Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh si mac agus bhéarfar Emmanúél mar ainm air
-ainm a chiallaionn ‘tá-Dia-linn’.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha        1:18-24
Seasfaidh flaitheas Dháivi go daingean i la’thair an Tiarna.

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú.
Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do I mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí macJoe and mary
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air”– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Fógra ón Ath Seán

Beidh mé ag tógaint roinnt am saor i mí Eanáir. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an that Frank Ó Brádaigh a bheidh ag cabhrú i mo as láithreachas. Beidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine mar is gnáth le linn an tréimhse seo. Afách, beidh roinnt athraithe le Aifreann laethúil. Tuilleadh eolas le teacht.

Aon ceisteanna mar gheall ar Aifrinntí a cur in áirithe do mí Eanáir cur glaoch ar Oifig an Paróiste.Beidh an oifig ar oscailt Dé Luain & Dé Máirt 10—1 in gach seachtain ach beidh sé dúnta ar an 26ú & 27ú Nollag agus an 2ú Eanáir.

I will be taking some annual leave in January. I thank Fr. Frank Ó Brádaigh who will fill in for me in my ab- sence. Normal weekend Mass schedule apples. There will be some changes to the weekday schedule in my absence. More details to follow.

Please contact the Parish Office for all queries for Mass bookings in January. The Parish Office will be open on Monday and Tuesday each week from 10-1 pm but will be closed on Dec 26th & 27th and the 2nd of January.

Ath. Seán



Beidh Pageant na Nollag ar siúl 19ú ag 7:30 i Séipéal Ghobnatan Baile Mhuirne. Seo innsint ar Scéal na Nollag le roinnt Carúil. Baileofar airgead ann agus tabharfar é seo go léir don Cumann Naomh Uinseann de Pól.
A Christmas Pageant will take place on the 19th at 7:30 in Séipéal Ghobnatan Baile Mhuirne. A collection will be taken up at the event and passed ontop the St Vincent de Paul Society


Tá ana áthas orainn go bhfuil Dip na Nollag thar nais i mbliaina. Bígí linn maidin na Nollag taréis Aifreann Cúil Aodha ag an linn snámh. Má tá suim agat an dip a dhéanamh tá cartaí urraíochta ar fáil ó Siobhán 087 9274671/ Isla 087 9653205
We are delighted that Dip na Nollag is back this year. Join us on Christmas Day after Coolea Mass at the pool. If you would like to do the dip, sponsorship card are available from Siobhán 087 9274671/ Isla 0879653205

Crann Cuimhneacháin na Mairbh  – Séipéal Gobnatan – Cúil Aodha
Más mian leat pictiúir ded’ mhairbh do bheith ar folúin ar Chrann Cuimhneacháin na Mairbh, i séipéal Chúil Aodha, ní gá ach do phictiúr do chur sa bhosca atá ar bharr an harmonium ansúd agus déanfar é chóipéal, an cóip do ghearradh, do chlúdach is do chrochadh ar an gcrann agus cuirfear do phictiúr féin tharnais sa bhosca arís, le bailiú ar do shuaimhneas.

Memorial Christmas Tree – Séipeal Cuil Aodha.
If you wish to have  pictures of your deceased loved ones placed on the
Memorial Christmas Tree in Seipeal Cuil Aodha.
Please place a copy of  pictures in the box provided on the church organ.
Your pictures will be copied, resized and laminated and placed on the tree.
You may collect your original pictures from the same box after Christmas

Leave a Comment