Nuacht Litir 25/12/2022

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(25/12/2022)

An Nollaig

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Guíonn an tAthair Seán Nodhlaig faoi shéan is faoi mhaisse oraibh

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhuirne

An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain 9:30
Adhradh idir 10rn agus 5 in
Dé hAoine – 9:30rn
Cúil Aodha
An Domhnach 10:00
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Dé Máirt—9:00rn
Réidh na nDoirí


Dé Sathairn 8:00

Aifreanntí na Nollag
Oíche Nollag 24ú Nollag

Carraig an Ime— 6.00in
Baile Mhúirne — 6.30in
Cluain Droichead— 7.30in
Réidh na nDóirí—9.00in
Cuil Aodha  9:00 Séirbhis Fáiltiú an Linbh Íosa agus Comaoine

Lá Nollag 25ú Nollag
Cluain Droichead 9.30rn
Cúil Aodha— 10.00rn
Baile Mhúirne—11.30rn
Cill na Martra—11.30rn

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh  aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or  removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Daithí Mac Suibhne. Cathair Daithí, Cill na Martra
Máire Uí Thuama, Cill na Martra

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Pádraig Ó Fionnagáin, Doire na Sagart
Julia Nic Chárthaigh, Cúil Aodha
Caitlin & Donnacha Ó Laoire, Cnoc An Iùir, Baile Mhic Ìre
Patrick D. Ó Liatháin, Daingean na Saileach
Seán Mac Gearailt, Sléibhín Thoir, Maghchromtha
George Hennessy Cill Chiannaigh is Londain (Céile Joan Kelly Na Fuithrí)
Denny Murphy, Carraig an Ime
Donal agus Tadhg Twomey
Gobnait Uí Shuibhne Dent, Cúl a’Bhuachaigh

 

Féach Fógraí ag deire san Nuacht Litir


An Nollaig

Xmas church

1. Aifreann an Tráthnóna 

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Fáidh Íseáia        62:1-5
Óir lig an Tiarna a rún leat.

Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,
agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,
nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan
agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.

Is ann a fheicfidh na ciníocha d’fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir;
agus tabharfar ainm nua ort,God's works ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,
i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta,
ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche.
Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin”
agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche.
Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.

Díreach mar a phósann ógfhear cailín,
is é an Saor féin a phósfaidh thusa;
agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 88
Freagra                             Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

I. Cheangail mé conradh le m’fhear tofa.
Dhearbhaigh mé do Dháiví, mo sheirbhíseach:
‘Socróidh mé do shliocht ar feadh na síoraíochta,
agus bunóidh me do ríchathaoir go síoraí:                    Freagra

2. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh thú a mholadh,
a shiúlann faoi sholas do ghúise, a Thiarna,
a dhéanann lúcháir i d’ainm de shíor,
a ardaítear le d’fhíréantacht.                                            Freagra

3. Déarfaidh sé liom: ‘Is tú m’athair,
is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
Coinneoidh me mo bhuanghrá dó go síoraí,
agus seasfaidh mo chonradh leis go daingean.            Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Gníomhartha     13:16-17. 22-25
Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d’Iosrael de réir mar a bhí geallta aige – is é sin Íosa.

Tháinig Pól go dtí Aintíoc na Pisidia. D’éirigh sé ina sheasamh sa tsionaóg, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibhse a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom. Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe.

Ansin d’ardaigh sé Dáivi ina rí dóibh, agus rinne sé fianaise dósan, agus dúirt: Fuair mé Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’ Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d’Iosrael de réir mar a bhí geallta aige – is é sin Íosa. Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’

Briathar an Tiarna                         Buíochas le Dia

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha      1:1-25      Glóir duit, a Thiarna.
Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.

Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.

Ghin Abrahám Íosác;
ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;
ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár;
ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;
ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon;
ghin Náiseon Salmón; ghin Salmón Boaz ó Ráchab;
ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; ghin Iseái Dáiví rí.

iJesu famly treeGhin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;
ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf;
ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias;
ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias;
ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;
ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.

Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;
ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;
ghin Azór Sadóc;ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;
ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;
ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt:
A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”nativity

Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

********************************************

SOISCÉAL Gearr :

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,    1:18-25        Glóir duit, a Thiarna.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú.

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt:

A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna
bpeacaí.”

Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd
an bhfáidh:

Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”    – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

************************************

Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh

Cad a mhúineann na h’aoirí dúinn

Nuair a chuala na haoirí teachtaireacht na n’aingeal, dúirt siad lena chéile, “Imímís go mBeitheal chun féachaint are an rud íontach seo dúinn féin.” Is turas fhionnachtana é an saol Críostaí, chun rudaí nua a fháil amach. Is é atá i gceist againn teacht ar an fhírinne dúinn féin. Tar éis an bhunús a fuaireamar ón ár dtuismitheoirí, múinteoirí nó teagasg na heaglaise; ní mór dúinn ár n’aithne ar Dhia a fháil amach dúinn féin. Caithfidh gach éinne an droichead sin a thrasnú: Ní mór dom féachaint ar mo shon féin. Creidim go bhfuil teachtaireacht an soiscéal inniú idir dhá abairt: “Tagaigí chun féachaint libh féin,” agus ar deireadh, “Imigí chun insint le daoine eile”?

 Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus,   Átha Cliath.

********************************************

2. Aifreann na mean Oíche 

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Fáidh Íseáia        9:1-7
Tugadh mac dúinn

An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.

Chuir tú go mór lena n-áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil,
tá siad loiscthe,tá siad dóite le tine.

NativityÓir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn;
tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm atá air:
Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,
Athair síoraí”, “Prionsa na Síochána”.
Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin
ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht,
ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.
– Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 95
Freagra                          Rugadh slánaitheoir duinn inniú: is e Críost an Tiarna é.

1. Canaigí amhrán nua don Tiarna,
canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm.    Freagra

2. Fógraígí a shlánu ó lá go lá.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile.                Freagrapraise the lord1

3. Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;
tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór;
bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;
tógadh crainn uile na coille gártha áthais
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht.            Freagra

4. Tá sé ag teacht a rialú na cruinne
chun an domhan a rialú go cothrom
agus fíorbhreith a thabhairt ar na daoine. Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig  Títas          2:11-14trust Jesus1
Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine.

Tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia                          Lc 2: 10-11
Alleluia, Alleluia!
Tá dea-scéala agam daoibh: rugadh slánaitheoir dúinn inniu: is é Críost an Tiarna é.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.    Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Lúcás          2:1-14           Glóir duit, a Thiarna 
Rugadh slánaitheoir daoibh inniu.

CribTharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san óstan.

Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo:
Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.
Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:
“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

***********************************

3. Aifreann an Lae 

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Fáidh Íseáia          52:7-10
Feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis,
síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,
fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:jesus is coming “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”

Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglóir, ag liúireach le háthas in éineacht,
óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón.
Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim!
mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.

Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa
os comhair súile na gciníocha go léir,
agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia.  

Salm le Freagra        Sm 97
Freagra                       Chonaic críocha uile na cruinne slanú ár nDé.

1. Canaigí amhrán nua don Tiarna
óir rinne sé éachtaí.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa
rug sé bua dó fein.                                     FreagragOD'S SALVATION

2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú.
Nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá
do theaghlach Isráél.                                Freagra

3. Chonaic críocha uile na cruinne
slanú ár nDé.
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nochtaigí bhur n-áthas dó.             Freagra

4. Canaigí sailm don Tiarna leis an gcruit
agus le fuaim na cláirsí
Tugaigí gartha le fuaim stoic is adhairce
don Tiarna ár rí.                                         Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir  chuig na hEabhraigh        1:1-6
Labhair Dia linn trína Mhac.

good shep1Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.

Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh:
Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís:
“Beidh mé i m’Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”?
Agus arís
eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis:
Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Alleluia                      Lc 2: 14
Alleluia, Alleluia!
Glóir do Dhia in uachtar neimhe.agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi.
Alleluia 

SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 1:1-18
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc.

Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia. Rinneadh an uile ní tríd agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.

Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin ab ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

Nativity

An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir leis.
Ach an uile dhuine a ghlac leis, thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,
agus chonaiceamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.

Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha:
“É seo an té a ndúirt mé faoi:
‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,
tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’”

Nativity

Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta.
Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,
ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
Ní fhaca aon duine riamh Dia.
An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d’aithris.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

*********************************************

SOISCÉAL gearr   

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin      1:1-5, 9-14
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc.

Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha.

Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é.
Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin ab ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

Soiscéal an Tiarna.                          Moladh duit, a Chriost

************************************


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

 


Fógraí

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Fógra ón Ath Seán

Beidh mé ag tógaint roinnt am saor i mí Eanáir. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an that Frank Ó Brádaigh a bheidh ag cabhrú i mo as láithreachas. Beidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine mar is gnáth le linn an tréimhse seo. Afách, beidh roinnt athraithe le Aifreann laethúil. Tuilleadh eolas le teacht.

Aon ceisteanna mar gheall ar Aifrinntí a cur in áirithe do mí Eanáir cur glaoch ar Oifig an Paróiste.Beidh an oifig ar oscailt Dé Luain & Dé Máirt 10—1 in gach seachtain ach beidh sé dúnta ar an 26ú & 27ú Nollag agus an 2ú Eanáir.

I will be taking some annual leave in January. I thank Fr. Frank Ó Brádaigh who will fill in for me in my ab- sence. Normal weekend Mass schedule apples. There will be some changes to the weekday schedule in my absence. More details to follow.

Please contact the Parish Office for all queries for Mass bookings in January. The Parish Office will be open on Monday and Tuesday each week from 10-1 pm but will be closed on Dec 26th & 27th and the 2nd of January.

Ath. Seán


Tá ana áthas orainn go bhfuil Dip na Nollag thar nais i mbliaina. Bígí linn maidin na Nollag taréis Aifreann Cúil Aodha ag an linn snámh. Má tá suim agat an dip a dhéanamh tá cartaí urraíochta ar fáil ó Siobhán 087 9274671/ Isla 087 9653205
We are delighted that Dip na Nollag is back this year. Join us on Christmas Day after Coolea Mass at the pool. If you would like to do the dip, sponsorship card are available from Siobhán 087 9274671/ Isla 0879653205

Crann Cuimhneacháin na Mairbh  – Séipéal Gobnatan – Cúil Aodha
Más mian leat pictiúir ded’ mhairbh do bheith ar folúin ar Chrann Cuimhneacháin na Mairbh, i séipéal Chúil Aodha, ní gá ach do phictiúr do chur sa bhosca atá ar bharr an harmonium ansúd agus déanfar é chóipéal, an cóip do ghearradh, do chlúdach is do chrochadh ar an gcrann agus cuirfear do phictiúr féin tharnais sa bhosca arís, le bailiú ar do shuaimhneas.

Memorial Christmas Tree – Séipeal Cuil Aodha.
If you wish to have  pictures of your deceased loved ones placed on the
Memorial Christmas Tree in Seipeal Cuil Aodha.
Please place a copy of  pictures in the box provided on the church organ.
Your pictures will be copied, resized and laminated and placed on the tree.
You may collect your original pictures from the same box after Christmas

Leave a Comment