Nuacht Litir 1/1/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(1/1/2023)

Lá Coille

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Guíonn an tAthair Seán Ath-Bhliain faoi shéan is faoi mhaisse oraibh

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Nollaig na mBan
Déardaoin –6.30 rn
Dé hAoine—11.30
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Dé hAoine—10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn

Nollaig na mBan 5ú /6ú Eanair
Réidh na nDoirí
Déardaoin – 8:00in
Cill na Martra
Dé hAoine – 11:30rn
Eanáir/January
Cuirfimid fáilte chuig Ath. Proinsias Ó Brádaigh a bheidh linn le haghaidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine I mí Eanáir.
We welcome Fr Frank O Bradaigh who will fill in at weekend Masses in January
Baile Mhuirne
Aifrinntí seachtainiúl leis an Ath. Ó Brádaigh gach Luan, Máirt agus Aoine ó tús Eanáir go 22ú Eanáir. Ní bheidh aon Aifreann seachtainiúl ón 23ú Eanair go an 10ú Feabhra 2023.
Weekday Masses Fr Frank O Bradaigh will be covering weekday Masses on Mondays Tuesdays and Fridays until January 22nd. There will be no weekday Masses in Baile Mhuirne after that date until February 10th.
Cill na Martra
Aifreann seachtainiúl/ Weekday Masses –
Ón gcéad seachtain I mí Eanáir go dtí an 10ú Feabhra fad is a bhfuil an t Ath Seán as láthair ní bheidh ach Aifreann ar siúl, Dé hAoine I gCill na Martra ag a 7in.
From the first week of January until Feb 10th while an t Ath Sean is away there will be one weekday Mass in CIll na Martra on Fridays only at 7pm.

Ár bPapa Benedict XVI: Go ndéana trócaire air

Ár bPapa Benedict XVI: Go ndéana trócaire air


ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Máire Uí Thuama, Cill na Martra
An Pápa Benedict
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Neilí Uí Mhuirithe, Cúil Iarthar
Nora Bn Uí Luasa. An Murnach Beag Cúil Aodha
Seán agus Julia Uí Charthaigh Cuil-Aodha
Denis Free Lynch agus Joan Free Scannell,
Tadgh Ó Críodáin, Barr an Chumadh
Catherine agus Jerome Mac Coitir Cúl Aodha agus an Bhlárnan
Jack Ó Buachalla, Barr d’Ínse
Nellie Uí Charthaigh, Na hUláin Thiar, Baile Mhic Íre
Denny Ó Cróinín. Cathair Céirin Cill na Martra
Maggie ( McCarthy) Twomey. Doire Leathan


 EANAIR  1

SOLLUNTAS MHUIRE BEANNAITHE MATHAIR DÉ

CÉAD LÉACHT             

Sliocht as leabhar Uimreacha           6:22-27
Gairmidis m‘ainm ar chlann Isráél, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.

Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
“Abair le hÁrón agus lena chlann mhac:GODS LOVE
‘Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo:

Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.
Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat.
Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.’

Sin mar atá m’ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.”

Briathar Dé.                       Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm 66
Freagra                            Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn.

1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise,
chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún uile.      Freagra

2. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
treoraíonn tú na náisiún ar talamh.             Freagra

3. Tugann an talamh a thoradh uaidh
óir bheannaigh Dia, ár nDia, sinn.
Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn,
is go dtuga críocha na cruinne urraim dó .  Freagra

DARA LÉACHT                   

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Galataigh             4:4-7
Sheol Dia ar an saol a Mhac a rugadh ó bhean.

Jesus as babyAch nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí, d’fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.

Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus Abba, a Athair” á screadadh aige. Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.

 

Briathar Dé.                    Buíochas le Dia

Alleluia  Véarsa          Eabh 1: 1- 2
Alleluia, Alleluia!
Labhair Dia go minic anallód leis na hAithreacha trí bhíthin na bhfáithe;
ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac.
Alleluia!

SOISCÉAL             

Go raibh an Tiarna libh.                Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás         2:16-21         Glóir duit, a Thiarna.
Fuaireadar Muire agus Iósaef agus an naíonán .. . Nuair a bhí ocht lá caite tugadh Íosa mar ainm air.

CribSanam sin d’imigh na haoirí anonn go Beithil go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d’inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b’ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo.

Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar
a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Leave a Comment