Nuacht Litir 26/2/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Céad Domhnach den Caraghaios (A)

(26/2/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  as seo amach  Dé Luain and Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Domhnach – 11.30rn
Sathairn —6.30in
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9:30rn Adhradh óna 10:00rn go dtí 5:00in
Dé Máirt — 9.30rn
Dé hAoine –9.30rn
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Dé hAoine—10:30rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Aifreann i rith na seachtaine
Dé Máirt 10.30rn (don Carghas/for Lent)
Deardaoin 7.00in
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in—7.00in

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Donailín John Ó Suilleabháin, MagCromtha agus Na Millíní (Aif. Cuimhneacháin)
John (Máire Connie). Julia agus Donal Twomey Baile Mhic Íre
Treasa Ní Ríordáin Uí Bhriain, Cill Ia (Killeagh) agus Doirín Áluinn
Paddy Ó Tuama Sean Chluan, Baile Mhic Íre
Donncha agus Nellie Uí Bhuachalla. Cúil Iarthair.
Jimmy agus Kitty O’Mahony. Cill Chróchain.
Ciara Bn Uí Dhuinnín Corcaigh agus Cluan Droichead/Cúil Aodha
Dónal agus Mary Uí Scannail. Cúil Aodha agus Baile Mhuirne
John agus Mary Weir, Baile Mhic Íre
Kathleen O’Keeffe
Seán Murray, Cnoc Buí agus Bóthar Abán
Fionnbarra O Ceallaigh Na Foithri
Aindrias O Scanaill Cúil Aodha
Gobnait (Ní Scanaill) Dempsey, Cúil Aodha & Clonbullogue
Jerry Dineen Lios Buí Beag, Cill na Martra
Máire Kelly Cronin, Doire an Chuilinn agus Watergrasshill
John Matt Ó Tuama, Cúm Uí Chlúmháin/ Cúil Aodha
Seán Ó Riordáin, Baile Mhuirne agus Inis Cara
Bernadette Bowden Droicheadh Atha
Hansie McKenna, Baile Mhic Íre agus Corcaigh
Catherine O’Leary. Bothar an Choimín, Corcaigh
Michael P. O’Sullivan. Baile Uí Bhuaigh
Ned Healy, An Greyhound Bar, MagCromtha
Dan Cronin, An tSráid
Matt Twomey, Rath Luirc agus Cúil a’Bhuacaigh
Johnny Doyle, Crois Naíon Ceatharlach
John Kelleher, Portlaoise
Danny Buckley, Doireach
Michael O’Riordan, Eanach Áille
Margaret O’Sullivan, Baile Uí Bhuaigh
Michael J Buckley Cnoc Amhráin


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Genesis               2:7-9, 3:1-7
Cruthtú agus peaca an tsinsir.


C
hum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

Adam & EveBa ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean:
“An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?
Dúirt an bhean leis an nathair nimhe:
Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.”
Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean:
“Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.”

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d’ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d’ith sé é. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d’fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 50
Freagra                                 Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.

I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá;
de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m’urchóid díom go hiomlán
agus glan díom mo pheaca.                                   Freagra

2. Óir aithním mo chionta go maith
agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
I do choinnese amháin a pheacaigh mé,
agus an ní is olc i d’fhianaise is é a rinne mé.    Freagra

3. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia,
agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,
agus do spiorad naofa ná bain díom.                   Freagra

4. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe
agus tabhair spiorad na díograise dom mar thaca.
A Thiarna, oscail mo bheola
agus foilseoidh mo bhéal do mholadh.               Freagra

DARA LÉACHT  

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh            5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.


A
bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.

Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.

Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Véarsa                                       Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       4: 1-11    Glóir duit, a Thiarna.
Déanann Iosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú air.


S
an am sin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt:Jesus fasted Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.
Dúirt sé á fhreagairt: Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”

Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis:
Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”

Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:  “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m’adhradh.”
Dúirt Íosa leis ansin: Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”

Ansin d’fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht – Director of Vocations to the Priesthood
Le déanaí tá an tEaspag Liam tar éis mé a cheapadh mar Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht don Deoise Cluain Umhna. Bheinn an bhuíoch as bhúr bpaidreacha fad is a bhfuil mé i bhfeighil ar anbhfreagracht seo.
Bliain speisialta do Ghairmeacha don Sagartóireacht a bheidh ann ó mí Aibreáin 2023. Coiméadfaidh mé gach éinne suas chun dáta mar gheall air.

Bishop Crean has appointed me as Vocations Director of the Diocese. I will appreciate your prayers as I un- dertake this new post of responsibility.
From April 2023, there will be a special year of prayer for the vocations to the Diocesan Priesthood. I will keep you up to date.

Ath. Seán

Trócaire

Tá boscaí Trócaire ar fáíl ar chúl an tSéipéal, tóg ceann leat le do thóil.

Trócaire boxes are available at the back of the church, please take one with you.

Ceardlann/Workshop

Ceardlainne ar déantús Ciseáin sean traidisiúnta le Rosemary Kavanagh. Traditional basket weaving workshops 6 weeks. Free of charge. Déardaoin 23ú Feabhra. 6 – 8pm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne. Cláraigh anois/ register now: eolas@ionadculturtha.ie 026 45733

Ranganna Ealaíne/ Art Classes

‘Tacaios’ Seanóirí: Cois Coille, Cill na Martra 11 – 1 gach Luain & Ionad Lae Baile Mhúirne gach Céadaoin 10 – 1pm. (026 45559). Saor in aisce/free of charge.

Aifreann Bliantúil Deoise Cluain Umha

Beidh an tAifreann Bliantúil do Lá Breoiteacht Domhanda 2023 & Lá Fhéile ár Mhuire Lourdes ar siúl Dé hAoine 10ú Feabhra i Séipléal Naomh Pádraig Mainistir Fhear Mhaí ag 7.30.

Annual Cloyne mass celebrating the World Day of the Sick & the Feast Day of Our Lady of Lourdes will take place Friday 10th February at 7.30pm in St. Patrick’s Church Fermoy.

Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council

A Chairde,

Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)

Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.

Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.

Dear parishioners

I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)

To that end Fr John Ryan CC Midleton is giving a presentation on the topic of the purpose of the Pasto- ral Council at the Abbey Hotel from 11am to 1 pm on Saturday the 25th of February.

Please inform the parish office if you would like to attend so that we can gauge numbers in attendance.

Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock

Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910

Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—

Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910

Freastalaí Altóra/Altar Servers

Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.

Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.

Stáisiún an Carghas—Lenten Stations

Tá na clúdach litreach do Stáisiún an Carghas ar fáil ag doirse an Séipéal. Míle buíochas as bhúr bhflaithiúlacht chuig ioncam ár Sagairt Paróiste.

The envelopes for the Lenten Stations are now availa- ble at the doors of the church. Thank you for you generosity towards the income of our Parish Priests.

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.


Leave a Comment