Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Dara Domhnach den Caraghas (A)
(5/3/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne as seo amach Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Domhnach – 11.30rn
Sathairn —6.30in
Aifreann rith na seachtaine Dé Luain – 9:30rn Adhradh óna 10:00rn go dtí 5:00in
Dé Máirt — 9.30rn Dé hAoine –9.30rn
Domhnach – 10:00rn
Dé hAoine—10:30rn
Dé Sathairn – 8:00in
An Domhnach – 11:30rn
Aifreann i rith na seachtaine Dé Máirt 10.30rn (don Carghas/for Lent)
Deardaoin 7.00in
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in—7.00in
Ár Mairbh
Mary ( Mike Hugh ) Finucane ó Doire Leathan agus Baile Dheasúna
Nora Ni Shíocháin Cill Áirne agus Ínse Mhór
Moira Ni Loingsigh Cuil Aodha agus Baile Mhic Ire
Michael Matt Ó Tuama, Na Cilíní, Baile Mhic Íre agus Cum Ui Clumháin
Ellen Kelleher, Seana Chluain
Eugene Buckley, Carraig an Adhmaid
Dónal Kelleher, Na Cillíní
Paddy Creedon, Gort Uí Rathaille
Betty Ó Suilleahbáin
Peter Ó Cróinín, Screathan
Míchael Matt Ó Tuama Cúm Uí Chlumháin agus Baile Mhic Íre
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas 12:1-4
Glaoch Abráhám, athair Phobal Dé.
Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.
Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.
Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile
An domhain iad féin a bheannú.”
D’imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 32
Freagra Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
I. Óir is dílis é briathar an Tiarna,
agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 1:8-10
Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn.
Bhráthair: fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr on ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin.
Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa.
Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Mt 17:5
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 17:1-9 Glóir duit, a Thiarna.
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine.
San am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar:
“A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.”
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “
Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh:
“Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht – Director of Vocations to the Priesthood
Le déanaí tá an tEaspag Liam tar éis mé a cheapadh mar Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht don Deoise Cluain Umhna. Bheinn an bhuíoch as bhúr bpaidreacha fad is a bhfuil mé i bhfeighil ar anbhfreagracht seo.
Bliain speisialta do Ghairmeacha don Sagartóireacht a bheidh ann ó mí Aibreáin 2023. Coiméadfaidh mé gach éinne suas chun dáta mar gheall air.
Bishop Crean has appointed me as Vocations Director of the Diocese. I will appreciate your prayers as I un- dertake this new post of responsibility.
From April 2023, there will be a special year of prayer for the vocations to the Diocesan Priesthood. I will keep you up to date.
Ath. Seán
Trócaire
Tá boscaí Trócaire ar fáíl ar chúl an tSéipéal, tóg ceann leat le do thóil.
Trócaire boxes are available at the back of the church, please take one with you.
Ceardlann/Workshop
Ceardlainne ar déantús Ciseáin sean traidisiúnta le Rosemary Kavanagh. Traditional basket weaving workshops 6 weeks. Free of charge. Déardaoin 23ú Feabhra. 6 – 8pm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne. Cláraigh anois/ register now: eolas@ionadculturtha.ie 026 45733
Ranganna Ealaíne/ Art Classes
‘Tacaios’ Seanóirí: Cois Coille, Cill na Martra 11 – 1 gach Luain & Ionad Lae Baile Mhúirne gach Céadaoin 10 – 1pm. (026 45559). Saor in aisce/free of charge.
Aifreann Bliantúil Deoise Cluain Umha
Beidh an tAifreann Bliantúil do Lá Breoiteacht Domhanda 2023 & Lá Fhéile ár Mhuire Lourdes ar siúl Dé hAoine 10ú Feabhra i Séipléal Naomh Pádraig Mainistir Fhear Mhaí ag 7.30.
Annual Cloyne mass celebrating the World Day of the Sick & the Feast Day of Our Lady of Lourdes will take place Friday 10th February at 7.30pm in St. Patrick’s Church Fermoy.
Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council
A Chairde,
Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)
Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.
Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.
Dear parishioners
I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)
To that end Fr John Ryan CC Midleton is giving a presentation on the topic of the purpose of the Pasto- ral Council at the Abbey Hotel from 11am to 1 pm on Saturday the 25th of February.
Please inform the parish office if you would like to attend so that we can gauge numbers in attendance.
Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock
Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910
Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—
Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910
Freastalaí Altóra/Altar Servers
Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.
Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.
Stáisiún an Carghas—Lenten Stations
Tá na clúdach litreach do Stáisiún an Carghas ar fáil ag doirse an Séipéal. Míle buíochas as bhúr bhflaithiúlacht chuig ioncam ár Sagairt Paróiste.
The envelopes for the Lenten Stations are now availa- ble at the doors of the church. Thank you for you generosity towards the income of our Parish Priests.
Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings
A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán
Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023. Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir. Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
· Téacs go uimhir guthán an Paróiste 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00 i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.
Anniversary list in remembrance of Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
· Parish Mobile By Text: 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.
Cártaí Aifrinn/Mass Cards
Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.
Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.
Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.
Baiste
Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.
Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.