Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Tríú Domhnach den Caraghas (A)
(12/3/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne as seo amach Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Domhnach – 11.30rn
Sathairn —6.30in
Aifreann rith na seachtaine Dé Luain – 9:30rn Adhradh óna 10:00rn go dtí 5:00in
Dé Máirt — 9.30rn Dé hAoine –9.30rn
Domhnach – 10:00rn
Dé hAoine—10:30rn
Dé Sathairn – 8:00in
An Domhnach – 11:30rn
Aifreann i rith na seachtaine Dé Máirt 10.30rn (don Carghas/for Lent)
Deardaoin 7.00in
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in—7.00in
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Seán Ó Muirithe Cnoc Buí agus Baile Mhuirne
Diarmuid Ó Buachalla, Barr d’Ínse
Dooncha Ó Duinnín (Denny Larr), Na Milliní
Joe King (Londain agus Cúil Aodha)
Murt Ó Buachalla, Barr d’Ínse
Sheila Cronin, Carraig an Ime
Paddy Buckley. Cúil a’ Mhothair
Josephine Twomey. Ceatharlach
Sheila Murphy, Árdán Ghobnatan
Margaret Lynch, Na hUlláin
Michael O’ Sullivan, Daingean na Sailleach
Dan Cronin, Carraig an Adhmaid
Sean Kelleher, Daingean na SailleachP
Mary Ó Riordain. An Carraig Dubh (Ní Thuama (Matt) Cúm Uí Clumháin
Terence Mc Sweeney, An Mhuileann
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Exodus 17:3-7
Tabhair dúinn uisce le hól.
Bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois.
“Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d’fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?”
Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”
Agus dúirt an Tiarna le Maois:
“Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.”
Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá:
“An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:
‘Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masá san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:1-2. 5-8
Tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn
Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Comhghair an tSoisceil Eo 4:42, 15
A Thiarna, is tú dáiríre Slánaitheoir an tsaoil;
tabhair dom on t-uisce beo i dtreo nach mbeidh tart orm choíche.
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 4:5-42
Tobar uisce ag brúchtail chun na beatha síoraí.
San am sin tháinig Íosa mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce.
Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
D’fhreagair Íosa:
“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:
‘ Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain.
Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair
Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
D’fhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air.
Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe.
Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Dúirt an bhean leis:
“A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.”
D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,”
Dúirt Íosa léi:
“Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”
Dúirt Íosa léi:
“Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht
nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha
is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” – is é sin le rá an Críost – “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”
Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”
Dúirt Íosa leo
“Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’?
Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,
i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ‘ Cuireann duine, baineann duine eile.’ Sheol mise sibhse uaim
chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.
Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Eolas i dtaobh baistí
Ó Mí Bealtaine 2023 ar aghaidh, beidh sochrú Báiste mar leannas:
From May 2023, Christenings will be as follows
1ú Sath den mhí i gCluain Drochid
2ra Satharn den mhí I gCill na Martra/Réidh na nDóirí**
3ú Satharn den mhí I mBaile Mhúirne/gCúil Aodha **
Searmanais an Baiste ag a tosnú ag 3.00in
**Pé séipéal atá curtha in áirithe ar dtús beidh an Searmonais an Baiste sa séipéal sin don mhí.
Ní chuireann na socraithe thuasluaite isteach ar scraithe atá déanta cheanna féin.
Whichever Chapel is booked first will be the Church for the Christenings that month.
The above dates do not affect baptisms already booked.
Maidin Caife / Coffee morning Óstan Ghobnatan/Abbey Hotel
Lá Lús a Chrom Cinn ar son Cumann Ailse na hÉíreann
Daffodil Day In aid of Irish Cancer Society
De hAoine 24ú de Máirt 9.30 –12.30
Fáilte roimh cách
Comhairle Thréadach an Paróíste
Táim ag suil le Comhairle Thréadach an Paróíste Baile Mhuirne/Cúil Aodha do bhunú sul I bhfad. Má tá suim agat bheith mar pháirt den gcomhairle glaoigh orm ag 085 878 3823 más é do thoil é.
Parish Pastoral Council (PPC)
I hope to set up a Parish Pastoral Council for Baile Bhuirne/Cuil Aodha shortly. If you are interested in being part of the PPC you might contact me please at : 085 878 3823—
an t Ath Seán
Stáisiúin an Charaghaís /Lenten Stations
CÚIL AODHA
Dé Sathairn 18ú de Mháirt
10.30 rn
Cill na Martra
Teacht an Easboig: Is cuis áthais dúinn go léir go mbeidh an tEasbog Liam Crean inár measc chun Aifreann an Domhnaigh an fiche séú Márta a cheiliuradh linn ar a 11:30,
Seo ócaid gliondarach mar a gceiliuraimid 1400 bliain ó teahcht Naomh Laichtín. Is é an Msgr Éamon Goold a thabharfaigh an seanamóin, Beidh míle fáilte roim cách.
We look forward to the visit of Bishop Crean who will celebrate Mass in Cill na Martra on Sunday March 26th at 11.30. This is to mark the occasion of the 1400th anniversary of Naomh Lachtain. Msgr Eamon Goold will preach All welcome
Cill na Martra
Friothálaithe Altórach: Is cuis áthais duinn go bhfuil seachtar friotháiaithe nua dá dtraéneáil I Réidh na nDoirí agus tosnaíonn siad a seirbhís an deire seachtaine seo. Tá na foirmeacha uilig maidir le cosaint agus cead tuismeathoirí leannaí sínithe agus i dtreo.
Má tá suim ag aon clann sa churmam, is fédiir linn tosnú ath-uair ar friothálaithe altórach a ullamhú do shéipéal Chill na Martra leis. Tá na foirmeacha cuí san Éadamh ansúd nó in oifig an Paróiste.
We are happy to have 7 new altar servers trained in Réidh na nDoirí who begin serving this weekend. All the necessary child safeguarding forms regarding parental consent have been completed. If any family is interested we can also now resume altar servers in Cill na Martra church. Application forms are available in sacristy or parish office
Cill na Martra
Bláthanna: Tá cúnamh ag teastáil uainn do chóiriú bláthanna séipéil. Más féidir leat cabhrú linn, dein teangbháil led’ thoil, le oifig an Paróiste. Mí sa bhliain a bheadh i gceist.
Flower arrangers needed. Please contact parish office if you are willing to cover a month of the year in rotation
Baile Mhuirne
Comhairle Paróiste: Mo mhíle buíochas le cách a fhreastal ar ár gcuinniú eolais faoi Comhairle Paróiste an deire seachtaine seo caite. Táim ag súil go dtosnóigh Comhairle nua sa Pharóiste.
Thanks to all who attended our Parish Pastoral council information meeting last weekend. It is my hope to begin a new Council soon in the parish
Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht – Director of Vocations to the Priesthood
Le déanaí tá an tEaspag Liam tar éis mé a cheapadh mar Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht don Deoise Cluain Umhna. Bheinn an bhuíoch as bhúr bpaidreacha fad is a bhfuil mé i bhfeighil ar anbhfreagracht seo.
Bliain speisialta do Ghairmeacha don Sagartóireacht a bheidh ann ó mí Aibreáin 2023. Coiméadfaidh mé gach éinne suas chun dáta mar gheall air.
Bishop Crean has appointed me as Vocations Director of the Diocese. I will appreciate your prayers as I un- dertake this new post of responsibility.
From April 2023, there will be a special year of prayer for the vocations to the Diocesan Priesthood. I will keep you up to date.
Ath. Seán
Trócaire
Tá boscaí Trócaire ar fáíl ar chúl an tSéipéal, tóg ceann leat le do thóil.
Trócaire boxes are available at the back of the church, please take one with you.
Ceardlann/Workshop
Ceardlainne ar déantús Ciseáin sean traidisiúnta le Rosemary Kavanagh. Traditional basket weaving workshops 6 weeks. Free of charge. Déardaoin 23ú Feabhra. 6 – 8pm Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne. Cláraigh anois/ register now: eolas@ionadculturtha.ie 026 45733
Ranganna Ealaíne/ Art Classes
‘Tacaios’ Seanóirí: Cois Coille, Cill na Martra 11 – 1 gach Luain & Ionad Lae Baile Mhúirne gach Céadaoin 10 – 1pm. (026 45559). Saor in aisce/free of charge.
Aifreann Bliantúil Deoise Cluain Umha
Beidh an tAifreann Bliantúil do Lá Breoiteacht Domhanda 2023 & Lá Fhéile ár Mhuire Lourdes ar siúl Dé hAoine 10ú Feabhra i Séipléal Naomh Pádraig Mainistir Fhear Mhaí ag 7.30.
Annual Cloyne mass celebrating the World Day of the Sick & the Feast Day of Our Lady of Lourdes will take place Friday 10th February at 7.30pm in St. Patrick’s Church Fermoy.
Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council
A Chairde,
Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)
Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.
Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.
Dear parishioners
I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)
To that end Fr John Ryan CC Midleton is giving a presentation on the topic of the purpose of the Pasto- ral Council at the Abbey Hotel from 11am to 1 pm on Saturday the 25th of February.
Please inform the parish office if you would like to attend so that we can gauge numbers in attendance.
Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock
Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910
Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—
Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910
Freastalaí Altóra/Altar Servers
Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.
Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.
Stáisiún an Carghas—Lenten Stations
Tá na clúdach litreach do Stáisiún an Carghas ar fáil ag doirse an Séipéal. Míle buíochas as bhúr bhflaithiúlacht chuig ioncam ár Sagairt Paróiste.
The envelopes for the Lenten Stations are now availa- ble at the doors of the church. Thank you for you generosity towards the income of our Parish Priests.
Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings
A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán
Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023. Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir. Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
· Téacs go uimhir guthán an Paróiste 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00 i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.
Anniversary list in remembrance of Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
· Parish Mobile By Text: 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.
Cártaí Aifrinn/Mass Cards
Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.
Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.
Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.
Baiste
Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.
Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.