Nuacht Litir 19/3/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach den Caraghas (A)

(19/3/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain and Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Domhnach  19 ú – 11.00rn an seachtain seo (Radio na Gaeltachta)
Domhanch 26ú – 11.30rn
Sathairn —6.30in
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9:30rn Adhradh óna 10:00rn go dtí 5:00in
Dé Máirt — 9.30rn
Dé hAoine –9.30rn
Cúil Aodha
Dé Sathairn  25ú de Mháirt
10.30 rn
Domhnach – 10:00rn
Dé hAoine—10:30rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Aifreann i rith na seachtaine
Dé Máirt 10.30rn (don Carghas/for Lent)
Deardaoin 7.00in
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in—7.00in

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Síle Bean Uí Luasa. Na Milíní Cuil Aodha agus Doirín Aluinn

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Mary Ui Mhathúna (Ni Thuama) Doire na Sagart agus Baile Mhic Íre Thoir
Síle Ni Chéilleachair. Doire na Sagart, Baile Mhuirne
An tSiúr Máire Ni Chiosáin, An Cóbh agus Mala
Diarmuid Ó Duinnín Doire an Chuilinn
Síle Mac Suibhne Doire na Sagart
Sean agus Mairead Ni Cheilleachair, Doirin Alainn
Con, Mary agus Fionbarra Ó Ceallaigh, Na Fuithirí
James agus Hannah Uí Chuana, Gort an Éadain, Cill na Martra
Mary O Riordan, Cúil a Chraosaigh, Cluain Droichead,
Willie Healy, Baile Mhic Íre
Billy McCarthy An Trá Mhór
Dan & Minnie Cronin, Ráth Úna
Jermiah Lynch, Na Cillíní
Gobnait. John. John Junior O Donnchú. An Leac Mhór
Marguerite & Timmy O’Sullivan
Johnny Lynch, Cathair Céirín
Kitty Lehane, Doire an Aonaigh
Dan, Nellie & Mary Dineen, Cloch Aidhneach
Denis McCarthy, Ceann Droime
Margaret Lynch, Na hUlláin Thiar
Danny agus Maureen Ring, Cuil a’ Bhuacaigh
Ann Hinchion, Kealfincheon, Cill na Martra
Josephine Twomey
Paddy Buckley, Cúil a’ Bhothair
Dan, Gobnait & Frankie Cronin, An Plantation
Mícheál (Mikey) Ó Tuama. An Crois, Cúil Aodha agus Corcaigh


 

AN CEATHRU DOMHNACH DEN CHARGHAS Blian A

Céad Léacht     

Sliocht as an Leabhar Samuél             16:1. 6-7.10-13
Ungtar Dáivi mar rí ar Isráél.

Dúirt an Tiarna le Samúéil: Líon d’adharc d’ola agus imigh leat. Táim do do chur goDavid -King
Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.” Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.” Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.” Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

D’fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.” Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d’fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d’éirigh sé agus d’imigh go Rámá.

Salm le Freagra           Sm 22
Freagra :                         Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.

I. Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas.             Freagra

2. Séolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú da siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc .
agus tú faram Ie do shlat is do bhachall chun só1ás a thabhairt dom.    Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde;
Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupán ag cur thar maoil.             Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                           Freagra

LightDara Léacht

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh     5:8-14
Eirigh ó na mairbh agus soilseoidh Criost thú.

A bhráithre, mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais – bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. Gach uile ní a nochtar faoinm solas, áfach, éiríonn sé follasach agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:“Dúisigh a chodlatáin!
Éirigh ó na mairbh
agus lonróidh Críost ort.”

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Véarsa                                 Eo 8:12
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna; an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin            9:1-41     Glóir duit, a Thiarna.
D‘imigh sé, nigh é féin agus dfill agus a radharc aige.

San am sin ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. D’fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?” D’fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

clay on eyeFad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;
tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d’aon duine obair a dhéanamh.
An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.”

Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill agus dúirt sé leis: Imigh agus nigh i Linn Siolóam” – is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige.

Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.” Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?” D’fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D’imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.” D’fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine.

blind manD’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé: “Fáidh is ea é.” Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?” D’fhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d’oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d’admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”

Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” D’fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é – níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé I mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé iad: “D’inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?” Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.” D’fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” D’fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?”
Agus chaith siad amach é.

Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?” D’fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” – ar sé leis – “chun go gcreidfinn ann.” Dúirt Íosa leis:
Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó. Dúirt Íosa:
Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”

Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis:
Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
Dúirt Íosa leo:
Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh,
ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

POBAL  AR  AIRE,  BAILE  BHÚIRNE, CÙIL  AODHA, CILL  NA  MARTA &  RÉ  NA  NDOIRÌ.
Beidh  cruinniú  poiblí  ar  siùil   in  Ostán   Ghobnatan,   dé   Céadaoin,  29ù   Màrta  ag   8i.n.
Beidh   Òrla  Doyle  (  garda)  agus   Morgan  Sullivan  (  CPO)   I  láthair.

Eolas i dtaobh baistí
Ó Mí Bealtaine 2023 ar aghaidh, beidh sochrú Báiste mar leannas:
From May 2023, Christenings will be as follows
1ú Sath den mhí i gCluain Drochid
2ra Satharn den mhí I gCill na Martra/Réidh na nDóirí**
3ú Satharn den mhí I mBaile Mhúirne/gCúil Aodha **
Searmanais an Baiste ag a tosnú ag 3.00in
**Pé séipéal atá curtha in áirithe ar dtús beidh an Searmonais an Baiste sa séipéal sin don mhí.
Ní chuireann na socraithe thuasluaite isteach ar scraithe atá déanta cheanna féin.
Whichever Chapel is booked first will be the Church for the Christenings that month.
The above dates do not affect baptisms already booked.

Maidin Caife / Coffee morning  Óstan Ghobnatan/Abbey Hotel

Lá Lús a Chrom Cinn ar son Cumann Ailse na hÉíreann
Daffodil Day In aid of Irish Cancer Society

De hAoine 24ú de Máirt 9.30 –12.30
Fáilte roimh cách

Comhairle Thréadach an Paróíste
Táim ag suil le Comhairle Thréadach an Paróíste Baile Mhuirne/Cúil Aodha do bhunú sul I bhfad. Má tá suim agat bheith mar pháirt den gcomhairle glaoigh orm ag 085 878 3823 más é do thoil é.
Parish Pastoral Council (PPC)
I hope to set up a Parish Pastoral Council for Baile Bhuirne/Cuil Aodha shortly. If you are interested in  being part of the PPC you might contact me please at : 085 878 3823—

an t Ath Seán

Stáisiúin an Charaghaís /Lenten Stations
CÚIL AODHA
Dé Sathairn  18ú de Mháirt
10.30 rn

Cill na Martra
Teacht an Easboig: Is cuis áthais dúinn go léir go mbeidh an tEasbog Liam Crean inár measc chun Aifreann an Domhnaigh an fiche séú Márta a cheiliuradh linn ar a 11:30,
Seo ócaid gliondarach mar a gceiliuraimid 1400 bliain ó teahcht Naomh Laichtín. Is é an Msgr Éamon Goold a thabharfaigh an seanamóin, Beidh míle fáilte roim cách.
We look forward to the visit of Bishop Crean who will celebrate Mass in Cill na Martra on Sunday March 26th at 11.30. This is to mark the occasion of the 1400th anniversary of Naomh Lachtain. Msgr Eamon Goold will preach All welcome
Cill na Martra
Friothálaithe Altórach: Is cuis áthais duinn go bhfuil seachtar friotháiaithe nua dá dtraéneáil I Réidh na nDoirí agus tosnaíonn siad a seirbhís an deire seachtaine seo.  Tá na foirmeacha uilig maidir le cosaint agus cead tuismeathoirí leannaí sínithe agus i dtreo.
Má tá suim ag aon clann sa churmam, is fédiir linn tosnú ath-uair ar friothálaithe altórach a ullamhú do shéipéal Chill na Martra leis. Tá na foirmeacha cuí san Éadamh ansúd nó in oifig an Paróiste.
We are happy to have 7 new altar servers trained in Réidh na nDoirí who begin serving this weekend. All the necessary child safeguarding forms regarding parental consent have been completed. If any family is interested we can also now resume altar servers in Cill na Martra church. Application forms are available in sacristy or parish office
Cill na Martra
Bláthanna: Tá cúnamh ag teastáil uainn do chóiriú bláthanna séipéil. Más féidir leat cabhrú linn, dein teangbháil led’ thoil, le oifig an Paróiste. Mí sa bhliain a bheadh i gceist.
Flower arrangers needed. Please contact parish office if you are willing to cover a month of the year in rotation
Baile Mhuirne
Comhairle Paróiste: Mo mhíle buíochas le cách a fhreastal ar ár gcuinniú eolais faoi Comhairle Paróiste an deire seachtaine seo caite. Táim ag súil go dtosnóigh Comhairle nua sa Pharóiste.
Thanks to all who attended our Parish Pastoral council information meeting last weekend.  It is my hope to begin a new Council soon in the parish

Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht – Director of Vocations to the Priesthood
Le déanaí tá an tEaspag Liam tar éis mé a cheapadh mar Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht don Deoise Cluain Umhna. Bheinn an bhuíoch as bhúr bpaidreacha fad is a bhfuil mé i bhfeighil ar anbhfreagracht seo.
Bliain speisialta do Ghairmeacha don Sagartóireacht a bheidh ann ó mí Aibreáin 2023. Coiméadfaidh mé gach éinne suas chun dáta mar gheall air.

Bishop Crean has appointed me as Vocations Director of the Diocese. I will appreciate your prayers as I undertake this new post of responsibility.
From April 2023, there will be a special year of prayer for the vocations to the Diocesan Priesthood. I will keep you up to date.

Ath. Seán

Trócaire

Tá boscaí Trócaire ar fáíl ar chúl an tSéipéal, tóg ceann leat le do thóil.

Trócaire boxes are available at the back of the church, please take one with you.

Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council

A Chairde,

Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)

Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.

Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.

Dear parishioners

I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)

Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock

Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910

Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—

Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910

Freastalaí Altóra/Altar Servers

Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.

Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.

Stáisiún an Carghas—Lenten Stations

Tá na clúdach litreach do Stáisiún an Carghas ar fáil ag doirse an Séipéal. Míle buíochas as bhúr bhflaithiúlacht chuig ioncam ár Sagairt Paróiste.

The envelopes for the Lenten Stations are now availa- ble at the doors of the church. Thank you for you generosity towards the income of our Parish Priests.

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Déardaoin roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
Anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Thursday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sympathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in Cúil Aodha church before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Suggested offering is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó i ndiaidh Aifreann  agus san oifig Dé Luain nó Dé Máirt idir 10rn agus -1.00in.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or parish office.

Leave a Comment