Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cúigiú Domhnach den Caraghas (A)
(26/3/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Domhanch Pailme – 11.30rn
Sathairn —6.30in
Aifreann rith na seachtaine
Dé Máirt —Ní bheidh aon Aifreann
Dé Sathairn – 8:00in
An Domhnach Pailme – 11:30rn
Aifreann i rith na seachtaine
Deardaoin 30ú 7.00in
Dé hAoine 31ú 7.00in
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Connie Ó Ceallacháin, Boston agus Cuil a’ Bhuacaigh
Siobhán Ryan Ni Thuama Inis Carra agus Cuil Aodha
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Sean Mac Suibhne. Doire na Sagart.
Máirin Deasy (Ní Ríordáin) Baile Mhuirne, CaolChoill agus Doirín Aluinn
tSuir Mairead Uí Muirithe (Peggy Murray) Caisleán an Bharraigh agus an Inse Mhór,
Timmy Ó hÉalaithe Cnoic an Iúir, Baile Mhuirne
Caitlín Uí Thuama (Matt) Cúm Uí Chlúmháin
Jeremiah Ó Loinsigh. Na Cillíní, Baile Mhuirne,
Síle Nic Suibhne, Doire na Sagart
Kathleen Uí Thuama, Cúm Uí Chlúmhain.
Mary Uí Ríordáin (Ni Thuama) Corcaigh agus Cum Uí Chlúmháin
Danny Hyde, Eileen Hyde agus Margaret Uí Mhuirithe.
Diarmuid Ó Duinnín, Doire’n Chuillinn
John & Julia Uí Dhuinnín, Caraig an Adhmaid
Jerry agus Hannah Creedon, Na Cipeacha
Jeremiah Lynch, An tSráid. Baile Mhic Íre
Danny & Máirín Ring, Cúil a’ Bhuachaigh
Denis & Kathleen McSweeney, Iomaire, Machromtha
Denis & Mary O’Leary, Dun Dá Radharc
Kitty Hallissey, Cathair Céirín, Cill na Martra
Queenie Mason, Cois Cille, Cill na Martra
Nóirín O’Driscoll, Cnoc Rua
Annie Hinchion, Caol Fuinseann
Dan & Mary Herlihy, Leac
Connie Creedon, Cnoc Sathairn
Kitty Lynch, Doire an Aonaigh
May O’Dea, Baile Uí Bhuaigh
Jeremiah Casey, Doire Finín
Michael Leahy, Drom Réidh
Tadhg, Julia agus Frankie Murphy, Prohus
Paddy agus Cathy Lynch Cluain Cluid
Mary Kilbane, Anthony & Brian Kilbane, Achail
AN CUIGIU DOMHNACH DEN CHARGHAS
CÉAD LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Ezícéal Fáidh. 37:12-14
Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.
Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Féach, a phobal liom,
tá mé chun bhur n-uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n-uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n-uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n-uaigheanna, a phobal liom. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é – an Tiarna a labhraíonn.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 129
Freagra Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.
I. As na doimhní a éim ort, a Thiarna.
A Thiarna, éist le mo ghuth!
Tugadh do chluasa aire
do ghlór m’achainí. Freagra
2. Dá gcoinneofá cuimhne, a Thiarna, ar chionta,
a Thiarna, cé thiocfadh slán?
Ach tugann tú maithiúnas sna peacaí:
agus ar an ábhar sin móraimid thú. Freagra
3. Tá mo dhóchas sa Tiarna agam,
cuireann m’anam a dhóchas ina bhriathar.
Is mó an feitheamh a dhéanann m’anam ar an Tiarna
ná feitheamh lucht faire ar an láchaint.
Ná raibh feitheamh lucht faire ar an láchaint.
níos mó ná feitheamh Isráél ar an Tiarna. Freagra
4. Óir is ag an Tiarna atá trócaire
agus tá fuascailt aige go flúirseach;
agus fuasclóidh séisean Isráél
óna urchóidí go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:8-11
Spiorad an té a thóg losa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh.
A bhráithre, na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Eo 11:25, 26
‘Mise an tAiséiri agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna;
‘An te a chreideann ionamsa ní bhfaighidh sé bás choiche.’
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 11:1-45
Mise an tAiséiri agus an Bheatha.
San am sin bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.” Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”
D’fhreagair Íosa:
“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?
Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.
Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.”
Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo:
“Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”
Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.”
Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”
Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach.
Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.”
Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.”
“Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”
Dúirt Íosa léi:
“Mise an t-aiséirí agus an bheatha;
An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche.
An gcreideann tú an méid sin?”
“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”
Arna rá sin di, d’imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” Nuair a chuala sise an méid sin d’éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis:
“A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d’oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.
Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.”
Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” D’aistrigh siad an líog ansin agus d’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:
“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí;
ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall,
a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!”
Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe.
Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Eolas i dtaobh baistí
Ó Mí Bealtaine 2023 ar aghaidh, beidh sochrú Baiste mar seo leanas:
From May 2023, Christenings will be as follows
1ú Sath den mhí i gCluain Drochid
2ra Satharn den mhí I gCill na Martra/Réidh na nDóirí**
3ú Satharn den mhí I mBaile Mhúirne/gCúil Aodha **
Searmanais an Baiste ag a tosnú ag 3.00in
**Pé séipéal atá curtha in áirithe ar dtús beidh an Searmonais an Baiste sa séipéal sin don mhí.
Ní chuireann na socraithe thuasluaite isteach ar scraithe atá déanta cheanna féin.
Whichever Chapel is booked first will be the Church for the Christenings that month.
The above dates do not affect baptisms already booked.
Comhairle Thréadach an Paróíste
Táim ag suil le Comhairle Thréadach an Paróíste Baile Mhuirne/Cúil Aodha do bhunú sul I bhfad. Má tá suim agat bheith mar pháirt den gcomhairle glaoigh orm ag 085 878 3823 más é do thoil é.
Parish Pastoral Council (PPC)
I hope to set up a Parish Pastoral Council for Baile Bhuirne/Cuil Aodha shortly. If you are interested in being part of the PPC you might contact me please at : 085 878 3823—
An t-Ath Seán
Coiste Scrín Ghobnatan
Beidh ‘Rith Tarracóir’ i gcuimhne iar bhaill Diarmuid Mac Cárthaigh agus Breandán Ó Ceallacháin ar Domhnach an 2ú Aibreán. Clárú óna 9.00 ar maidin ag Ostán Ghobnatan agus ag tosnú ag 12.00 meán lae. Iontráil €25, ticéad cranchur ar fáil go háitiúil. Tuilleadh eolas le fáil ó 087 2686 986
St Gobnaits Shrine Committee – Car / Tractor / Bike Run in memory of past officers Diarmuid McCarthy & Brendan O’Callaghan (and all deceased members) will take place on Sunday April 2nd. Registration from 09:00am at The Abbey Hotel and leaving from 12 noon. Entry €25. Raffle tickets available locally. Contact 087 2686 986
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Cluain Umha/ Cloyne Pilgrimage to Lourdes
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Cluain Umhna ó 2ra Meitheamh go 7ú Meitheamh. Tuilleadh eolas le fáil ó www.joewalshtours.ie nó 01-2410800.
The Cloyne Pilgrimage to Lourdes takes place from June 2nd to June 7th. Booking information from www.joewalshtours.ie or by phoning 01-2410800.
Stáisiúin an Charaghaís /Lenten Stations
CÚIL AODHA
Dé Sathairn 25ú de Mháirt 10.30 rn
Cill na Martra
Teacht an Easpag: Is cuis áthais dúinn go léir go mbeidh an tEasbog Liam Crean inár measc chun Aifreann an Domhnaigh an fiche séú Márta a cheiliuradh linn ar a 11:30,
Seo ócaid gliondarach mar a gceiliuraimid 1400 bliain ó teahcht Naomh Laichtín. Is é an Msgr Éamon Goold a thabharfaigh an seanamóin, Beidh míle fáilte roim cách.
We look forward to the visit of Bishop Crean who will celebrate Mass in Cill na Martra on Sunday March 26th at 11.30. This is to mark the occasion of the 1400th anniversary of Naomh Lachtain. Msgr Eamon Goold will preach All welcome
Cill na Martra
Friothálaithe Altórach: Is cuis áthais duinn go bhfuil seachtar friotháiaithe nua dá dtraéneáil I Réidh na nDoirí agus tosnaíonn siad a seirbhís an deire seachtaine seo. Tá na foirmeacha uilig maidir le cosaint agus cead tuismeathoirí leannaí sínithe agus i dtreo.
Má tá suim ag aon clann sa churmam, is fédiir linn tosnú ath-uair ar friothálaithe altórach a ullamhú do shéipéal Chill na Martra leis. Tá na foirmeacha cuí san Éadamh ansúd nó in oifig an Paróiste.
We are happy to have 7 new altar servers trained in Réidh na nDoirí who begin serving this weekend. All the necessary child safeguarding forms regarding parental consent have been completed. If any family is interested we can also now resume altar servers in Cill na Martra church. Application forms are available in sacristy or parish office
Cill na Martra
Bláthanna: Tá cúnamh ag teastáil uainn do chóiriú bláthanna séipéil. Más féidir leat cabhrú linn, dein teangbháil led’ thoil, le oifig an Paróiste. Mí sa bhliain a bheadh i gceist.
Flower arrangers needed. Please contact parish office if you are willing to cover a month of the year in rotation
Baile Mhuirne
Comhairle Paróiste: Mo mhíle buíochas le cách a fhreastal ar ár gcuinniú eolais faoi Comhairle Paróiste an deire seachtaine seo caite. Táim ag súil go dtosnóigh Comhairle nua sa Pharóiste.
Thanks to all who attended our Parish Pastoral council information meeting last weekend. It is my hope to begin a new Council soon in the parish
Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht – Director of Vocations to the Priesthood
Le déanaí tá an tEaspag Liam tar éis mé a cheapadh mar Stiúrthóir na Ghairmeacha don Sagartóireacht don Deoise Cluain Umhna. Bheinn an bhuíoch as bhúr bpaidreacha fad is a bhfuil mé i bhfeighil ar anbhfreagracht seo.
Bliain speisialta do Ghairmeacha don Sagartóireacht a bheidh ann ó mí Aibreáin 2023. Coiméadfaidh mé gach éinne suas chun dáta mar gheall air.
Bishop Crean has appointed me as Vocations Director of the Diocese. I will appreciate your prayers as I undertake this new post of responsibility.
From April 2023, there will be a special year of prayer for the vocations to the Diocesan Priesthood. I will keep you up to date.
Ath. Seán
Trócaire
Tá boscaí Trócaire ar fáíl ar chúl an tSéipéal, tóg ceann leat le do thóil.
Trócaire boxes are available at the back of the church, please take one with you.
Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council
A Chairde,
Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)
Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.
Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.
Dear parishioners
I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)
Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock
Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910
Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—
Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910
Freastalaí Altóra/Altar Servers
Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.
Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.
Stáisiún an Carghas—Lenten Stations
Tá na clúdach litreach do Stáisiún an Carghas ar fáil ag doirse an Séipéal. Míle buíochas as bhúr bhflaithiúlacht chuig ioncam ár Sagairt Paróiste.
The envelopes for the Lenten Stations are now availa- ble at the doors of the church. Thank you for you generosity towards the income of our Parish Priests.
Airigead /Ofráiltí Aifrinn/Mass Offerings
A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán
Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin ár Mairbh.
Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Déardaoin roimis foilsiú an Nuachtlitir. Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
· Téacs go uimhir guthán an Paróiste 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00 i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.
Anniversary list in remembrance of Our faithful departed
Anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Thursday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
· Parish Mobile By Text: 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.
Cártaí Aifrinn/Mass Cards
Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.
Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sympathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in Cúil Aodha church before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Suggested offering is €12.
Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.
Baiste
Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó i ndiaidh Aifreann agus san oifig Dé Luain nó Dé Máirt idir 10rn agus -1.00in.
Applications for baptism—forms are available in both sacristies or parish office.