Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 13ú Meitheamh 2021
|
An t-Aonú Domhnach Déag Saor (Bliain B)
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
A fuair bás le linn na seachtaine
Joan O’Brien (Ní Thuama, Na Ceapacha), Nua Eabhrac
Dan Vaughan, Ceann Dromh, Cill na Martra
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
Concubhar Ó Ceallaigh, Seana Chluain
Dónal Ó Ceallaigh, Gort na Tiobraid
Gerard McSweeney, Oifig a’ Phoist, Baile Mhic Íre
Máire Nic Shuibhne, Gort an Acra
Ned Horgan, Siabh Riach
Denis Dineen, An Muileann
Carmel Lynch, Lios Tuathail
Dan Twomey, Cúil Iarthair
Christy Kelleher, Cúl na Catharach
Máirín Lyons (Ní Thuama) Na Cillíní, Baile Mhic Íre
AIFREANNTAÍ
- Baile Mhúirne Satharn 6.30 i.n.
Domhnach 11.30 r.n.
- Cúil-Aodha Domhnach 10.00 r.n. (Craoladh beo/live link)
Na Ofráiltí éagsúil:- Aifrinn/Earraigh 7rl
Offerings for Masses/Easter/Spring/ Stations etc
Is féidir ofráiltí d’fhágaint i mbosca litreach an Athair Domhnal Ó Briain nó Gerard Ó Loinsigh Cuil Aodha
nó iad a sheoladh ar aghaidh ag úsáid PayPal ar an suíomh seo ansa http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/
Offerings or Easter dues can be left in the Ath Dómhnal’s or Greard Ó Loinsighs’s letterbox
OR they can be payed online here using PayPal http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/
____________________
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Ezícéal , Fáidh. 17:22-24
Tógaim an crann íseal.
Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Ó bharr an chéadrais,
ón ngéag is airde de
gearrfaidh mé maothán
agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.
Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,
agus beidh ina chéadras breá.
Cónóidh gach sórt éin faoi,
lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc
gur mise, an Tiarna,
a leagann an crann ard,
agus a thógann an ceann íseal,
a sheargann an crann glas
agus a bhláthaíonn an ceann críon.
Mise, an Tiarna; a labhair
agus déanfaidh mé beart dá réir.”
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA Sm 91
Freagra Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.
- Is maith an rud é an Tiarna a cheiliúradh
agus canadh do d’ainm ós tú an Té is Airde
chun do bhuanghrá a fhógairt ar maidin
is do dhílse ó oíche go chéile. Freagra - Bláthóidh an fíréan amhail crann pailme,
fásfaidh sé amhail céadras na Liobáine. Freagra - An dream a plandaíodh i dteach an Tiarna,
beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Bhéarfaidh siad toradh fiú agus iad sean,
beidh siad glas agus lán de shú,
chun a fhoilsiú a dhírí atá an Tiarna.
Mo charraig é, nach bhfuil aon urchóid ann. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-10
Bímis inár gcónaí leis an Tiarna nó ar deoraíocht uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh.
A bhráithre, bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb’fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.
Briathar Dé.
ALLELUIA VÉARSA Eo 15: 15.
Alleluia, alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 4:26-34
Ta sé ar an ngráinnIn sí1 is lú ar bith de na síolta, ach fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir.
San am sin dúirt Íosa leis na sluaite: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”
Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d’fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
Soiscéal Dé.
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. AMEN
ÚDARÁS NA GAELTACHTA
SCÉIM PHRÍNTÍSEACHTA / Apprenticeship Scheme.

Beidh ar iarrthóirí Clárú ar-líne ar shuíomh an Údaráis, agus an Foirm léiriú Spéise a líonadh.
Tá gach eolas ar le fáil ar https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/