Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Árdú na Croise Naofa
(14/9/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11:00rn
Dé hAoine 11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Seán Ó Luasa (Seánaí Con Bán) Baile Mhic Íre
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Uimhreacha 21:4-9
Nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d’fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.
D’fhág na hIsráélítigh ó Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí. Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach?
Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”
Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás. Tháinig an pobal go Maois agus dúradar:
“Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d’aghaidhse.
Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.”
Ghuigh Maois ar son an phobail. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”
Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í,
agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d’fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 77: 1-2. 34-38. R/v 7
Freagra Na déanaigí dearmad ar oibreacha Dé.
I. Éist, a phobal, le mo theagasc, claonaigí bhur gcluasa chun briathra mo bhéil.
Osclóidh mé mo bhéal chun parabal a insint, labhróidh mé rundiamhra na seanaimsire. Freagra
2. Nuair a bhíodh sé á máru, is ansin a bhídís á iarraidh; thiontaídís agus bhídís ag lorg Dé.
Chuimhnídís ansin gurb é Dia a gcarraig agus gurb é an Dia is Airde a bhfuascailteoir. Freagra
3.Ach mheallaidís é le briathra a mbéil agus d’insídís bréaga dó lena dteanga.
Ní raibh a gcroí go díreach leis, ná ní raibh siad dílis d’a chonradh. Freagra
4.Más ea, toise é bheith trócaireaeh, mhaitheadh sé a gcoir agus ní dhéanadh sé iad a scrios.
Agus is minic a chuir sé srian lena fhearg, agus níor dhoirt sé a chuthach uile orthu. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an Litir Naomh Pól chuig na Filipigh 2:6-11
Lom sé é féin. Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é.
Cé go raibh an nádúr diaga ó bhun in Íosa Críost
níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin.
Agus chuir áir riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d’ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás –
go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 3:13-17 Glóir duit, a Thiarna.
Sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú.
San am sin dúirt Íosa le Nícodémas:
‘Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh,
Mac an Duine [atá ar neamh]. Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a
Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann,
nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196