Nuacht Litir 15/1/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Saor (A)

(15/1/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Beidh an tAthair Franc Ó Brádaigh linn an fhaid is atá an tAthair Seán san Astráil i rith Mí Eanair

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Nollaig na mBan
Déardaoin –6.30 rn
Dé hAoine—11.30
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Dé hAoine—10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn


ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Dan agus Jane O’Brien, Curraleigh, Cluan Droichead
Sheila Desmond, Baile Átha Cliaith,
Michael Kelly. Wilmington Delaware agus Doire ’n Chuilinn
Austin Ó Tuama Na h-Ulláin
Danny Ó Coill, Barr d’Ínse
Máire Lucey, Inse Gheimhleach
Diarmuid, Cáit agus Con Ó Duinnín. Cúil Aodha
Bridget Lynch, Na hUlláin
Nellie McSweeney, Claon Ráth
Éamonn Ryan, Béal Átha’n Ghaorthaigh & Corcaigh
Jerh Ó Tuama, Doire Finnín, Réidh na nDoirí
Jerry Manning Moulnahorna Carraig an Ime.
Máire Uí Luasa. Ínse Geimhleach


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia         49:3.5-6
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.

Dúirt an Tiarna lio,

 “Is tú mo ghiolla Iosrael trína saothróidh mé glóir dom féin.”
Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart.light-of-the-ntions
Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,
an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,
le go mbailínn Iacób ar ais chuige,
le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam
chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,
chun ar slánaíodh d’Iosrael a thabhairt ar ais.
Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,
chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm39
Freagra                           Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh

1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna,
agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal,
amhrán molta dár nDia.                                Freagra

2. Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú cluasa dom.
loseadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’    Freagra

3.  ‘I rolla an leabhair tá scríofa i mo thaobh:
is ail liom do thoil a dhéanamh, a Dhia,
agus tá do dhlí go domhain i mo chroí.’    Freagra

4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantaeht sa mhórdhail.
Feach, níor chuir mé cosc le mo bheola:
is eol duitse é, a Thiarna.                             Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh           1:1-3
An té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eoin: 1:14. 12
Alleluia, Alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         1:29-34        Glóir duit, a Thiarna.
Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

San am sin chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé:Jesus lamb of God
Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’ Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun, go nochtfaí d’Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.” Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom:

An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’
Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Bailiúchán do bhláthanna na séipéal (Altar Flower Collection)

Is do chostaisí bláthanna altórach, don bhliain seo romhainn amach 2023, atá an dara bailiúchán in séipéil Chúil Aodha is Bhaile Mhuirne an deire seachtaine 22/23ú Eanair. Ós rud é nách raibh bailiúchán chuige seo ó 2019, iartar oraibh bheith flathúil leis an gciste seo. Tá an t-adh linn sa pharoiste seo, go dtugann an dá fhoireann deonach seo, a n-am is cumas cruthaíoch, go flathúil chun cur go spleodrach le áileacht ár séipéil. Is mian liom aitheantas do thabhairt don saothar iontach bliana a dheineann an bhuíon uile deonach seo.
The second collection at all Masses in Ballyvourney and Cuil Aodha on the weekend of 21st – 22nd January will go towards the cost of altar flowers for the coming year. As there has been no collection to cover these costs since 2019 you are asked to contribute generously to this fund. Our parish is very blessed that so many volunteers give their time so generously to enhance the beauty of both churches with their talents in flower arranging. I would like to acknowledge the wonderful work this group of volunteers do throughout the year. It is greatly appreciated.
Ath. Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Fógra ón Ath Seán

Beidh mé ag tógaint roinnt am saor i mí Eanáir. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an that Frank Ó Brádaigh a bheidh ag cabhrú i mo as láithreachas. Beidh na Aifrinntí ag an deireadh seachtaine mar is gnáth le linn an tréimhse seo. Afách, beidh roinnt athraithe le Aifreann laethúil. Tuilleadh eolas le teacht.

Aon ceisteanna mar gheall ar Aifrinntí a cur in áirithe do mí Eanáir cur glaoch ar Oifig an Paróiste.Beidh an oifig ar oscailt Dé Luain & Dé Máirt 10—1 in gach seachtain ach beidh sé dúnta ar an 26ú & 27ú Nollag agus an 2ú Eanáir.

I will be taking some annual leave in January. I thank Fr. Frank Ó Brádaigh who will fill in for me in my ab- sence. Normal weekend Mass schedule apples. There will be some changes to the weekday schedule in my absence. More details to follow.

Please contact the Parish Office for all queries for Mass bookings in January. The Parish Office will be open on Monday and Tuesday each week from 10-1 pm but will be closed on Dec 26th & 27th and the 2nd of January.

Ath. Seán

Leave a Comment