Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(16/1/2022)
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach @10:0o
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Michael Kelly. Wilmington Delaware (Ceallaigh Doire ’n Chuilinn)
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Austin Ó Tuama Na h-Ulláin
Danny Ó Coill, Barr d’Ínse
Máire Lucey, Inse Gheimhleach
Diarmuid, Cáit agus Con Ó Duinnín. Cúil Aodha
Bridget Lynch, Na hUlláin
Nellie McSweeney, Claon Ráth
Éamonn Ryan, Béal Átha’n Ghaorthaigh & Corcaigh
Jerh Ó Tuama, Doire Finnín, Réidh na nDoirí
Jerry Manning Moulnahorna Carraig an Ime.
Máire Uí Luasa. Ínse Geimhleach
AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Ísáia 62:1-5
Mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,
agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,
nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan
agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.Is ann a fheicfidh na ciníocha d’fhíréantach
agus na ríthe uile do ghlóir;
agus tabharfar ainm nua ort,
ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,
i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.Ní déarfaidh siad ‘Uaigneach‘ leat feasta,
ná ní ghairfear ‘Fásach‘ do do dhúiche.
Ach is é ainm a bheidh ort féin ‘Bean mo rúin’
agus ‘an Céile’ a bheidh ar do dhúiche.
Óir lig an Tiarna a rún leat
agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.Díreach mar a phósann ógfhear cailín,
is é an Saor féin a phósfaidh thusa;
agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta,
beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 95
Freagra Fógragí éachtaí an Tiarna do na náisiúin uile.
1. Canaigí amhrán nua don Tiarna;
Canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm. Freagra
2. Fógraígí a shlánú ó lá go lá.
insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile. Freagra
3. Luaigí leis an Tiarna, a chlanna na gciníocha,
luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht,
luaigí leis an Tiarna glóir a ainm. Freagra
4. Tugaigí adhradh don Tiarna ina theampall.
Bí ar crith ina láthair, a thalamh.
Fógraígí do na ciníocha: ‘Tá an Tiarna ina Rí’
Tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na daoine. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 12:4-11
Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin
A bhráithre, tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; tá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é. Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gachm duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar.
Déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Iocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 2:1-11 Glóir duit, a Thiarna.
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl
San am sin bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: “Níl aon fhíon acu.” Dúirt Íosa léi:
“Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m’uairse tagtha fós.”
Dúirt a mháthair leis an lucht freastail:
“Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”
Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo:
“Líonaigí na soithí suas le huisce.”
Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo:
“Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”
Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis:
“Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann. Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d’fhan siad ann beagán laethanta.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Maidir le Covid
Mar is eoil díbh tá an tAthair Séan ag clutharú le Covid faoi láthair agus beidh tharnais taréis seachtain eile. Is é an Conónach Dónal Roberts agus tAthair Risteárd De Brún a bheidh ag léamh aifreanntaí an Paróiste an deire seachtaine seo. Gabhannmíd buíochas leo beirt.
Tá an Covid anois ana thógálach, Ní mór duínn bheith curamach faoi puicíni agus glanadh lámha 7rl. Má tá Covid sa Tig agat tá sé tabhachtach daoine a chur ar an eolas faoi. Ní rún é. Ní éinne faoi ndearadh é. Ach níl sé faireálta ar daoine eile gan a rá leo go bhfuil sé sa Tig nuair a thagann siad ar cuairt ach go háirithe banaltraí, home-helps agus daoine eile ar cuaird oibre nó cabhrach. Isdocha gur beag duine ná beidh sé acu taréis tamall. Níl aon náire ann ach caithfighmíd aire a thabhairt do chéíle sa pharóiste.
About Covid
As you know an Ath. Seán is isolating at present with Covid but he will be back on duty in a week’s time. Canon Donal Roberts and Fr Dick Browne will say this weekend’s masses in the parish. We thank them. Covid is extremely contagious at present. We must be very careful and wear our masks and sanitise properly. If you have Covid in your household, it is important not to hide it but inform people visiting you especially nurses, home-helps, people calling to work or help etc. ~This Covid is not a secret. No fault or blame is attached to it. But it is only fair to warn people when it is around. ~ It looks like we will all get it in some form eventually. But we can mitigate its effect if we mind and help each other. Go raibh maith agaibh.
Léitheoirí do shéipéal Bhaile Mhuirne
Tá liosta nua agus tráthchlár nua á chur le chéile, i láthair na huaire, i gcomhair Léitheoirí an pharóiste don bhliain 2022. Dá mbeadh suim agat na léachtaí a dhéanamh ag Aifreann 11.30r.n. i mBaile Bhúirne, seol d’ainm go dtí an tAthair Seán ar 086 8212101 nó athsean@paroistebailemhuirne.ie led’ thoil. Ní bheadh ach uair gach dhá mhí nó mar sin i gceist.