Nuacht Litir 17/3/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Free shamrock celtic nature vector

Lá Féile Phádraig

(17/3/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


Blian B  2024

Patrick

NaomhPádraig, easpag
Príomhearlamh na hÉireann
Blian B

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh.               1 :4-9
Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú.

Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:
Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;St Patrick's prayer
sular rugadh thú choisric mé thú;
d’ordaigh mé thú i d’fháidh do na ciníocha.”

Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” Ach
dúirt an Tiarna liom:

“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,
agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,
is é an Tiarna a labhraíonn.” Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm Loinneogaeh       Salm 116 Mc 16:15
Loinneog                        Imígí faoin domhan uile; fógraígí an dea-scéal.

1 Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile;
moladh na náisiúin go léir é.               Loinneog

2 Óir is daingean é go deimhin, a bhuanghrá dúinn;
maireann a dhílseacht go brách.        Loinneog

DARA LÉACHT

Slíocht as Iitir Naomh Pól chuig na Romhcinaigh       10:9-18
Is ó theagasc a thagann creideamh, trí bhriathar Chríost.

Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. Agus deir an scrioptúr:
“Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” Mar níl aon dealú idir
Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann
sé go flaithiúil lena nglaonn air, “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”

Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te
nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?
Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar
atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”
Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia:
“A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht
Chríost a thagann an teagasc féin. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala?
Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain goléir agus a mbriathra go himill na cruinne
.”

Briathar an Tiarna                      Buíochas le Dia

Comhgháir an tSoiscéil         Mth 28:19-20
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

Imígí, déanaigí deisceabail de na naisiúin uile, a deir an Tiarna.
Féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dt.i deireadh an tsaoil.
GIóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mharcais  16:15-20          Glóir duit, a Thiarna.

Sliocht as an Soisceal naofa de réir Mharcais       16:15-20
D’imigh siad lea agus chraobhscaoil siad an dea-scéal i ngach áit.

Agus dúirt Íosa leo:
Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.
An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach

gcreidfidh, daorfar é.

Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain
amach i m’ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”

Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus
chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196