Tuatha na Droman
Paroiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
(18/9/2022)
An Séú Domhnach Fichead Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Tim Ó Ceilleachair, Sliabh Riabhach Baile Mhuirne
Ruth Ó Riada. An Murnach Beag
Jeremiah agus Mary Kelleher Doirín Aluinn
Peig de Búrca, Ráth Úna
Gerard Lyne, Lauragh, Co Ciarraí
Mary Horgan, Daingean na Saileach
Dan, Moll, John, Paddy agus Julia (Ní Choill)
Jackie Dinneen, Baile Mhic Íre Thoir
Michael & Nóra Lucey, Cúm a Ghadhair
Michael & Annie O’Brien, Curra Liath
Gerard & Noreen Mac Suibhne, Oifig an Phoist Baile Mhic Íre
Mrs.Mary Mc Bride, an Mainistir Liath contae an Dúin
Beidh aifreann 6:30 Dé Sathairn i mBaile Mhuirne 24/9/2022 d’anam Tim Ó Céilleachair Sliabh Riach, a fuair bás an tráth bhliana agus é ar oilthireacht an Camino
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Amos, Fáidh 8:4-7
Ina n-aghaidh siúd a dhéanann an bochtán a cheannach le hairgead.
Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú.
Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,
ionas go ndíolfaimid arbhar,
agus leis an tsabóid,
ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,
agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór
trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead
agus an t-ainniseoir le péire cuarán,
agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.
Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche
aon rud dá bhfuil déanta acu.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 112
Freagra Molaigí an Tiarna a ardaíonn an duine dealbh.
Malairt Freagra Alleluia!
1. Alleluia!
Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna,
molaigí ainm an Tiarna.
Moladh le hainm an Tiarna
i láthair na huaire agus choíche. Freagra
2. Tá an Tiarna os cionn na gciníocha,
agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.
Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia
atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde
a chlaonann ó na harda anuas
chun féachaint ar neamh is ar talamh? Freagra
3. Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach,
ardaíonn den charn aoiligh an duine dealbh
a chur ina shui i bhfochair a phrionsaí
ar aon chéim le prionsaí a phobail. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Timóteas 2:1-8
Ba cheart go ndéanfaí urnaithe ar son an uiledhuine chun Dé arb áil leis go slánóai an uile dhuine.
Impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile, le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir. Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom – ceapadh mise i mo bholscaire agus i m’aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.
Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna, cun aird a thabhairt ar bhriathra do Mhic
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 16:1-13 Glóir duit, a Thiarna.
Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.
Dúirt sé lena dheisceabail :
“Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’ Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’
Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’ Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?
Ní féidir le sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
___________________________________________
SOISCÉAL (Gearr)
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 16:10-13 Glóir duit, a Thiarna.
Dúirt Iosa lena dheisceabail,
“An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?
‘Ní féidir le sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir libh Dia a riaradh agus an t-airgead.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.
