Nuacht Litir 19/20-6-2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 13ú Meitheamh 2021

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

An Dara Domhnach Déag Saor -Bliain B

Comhgháirdeachas ó chroí is ó chách don Athair Domhnal Ó Briain

atá 50 bliain ina shagart an seachtain seo.

 

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

A fuair bás le linn na seachtaine

Timmy Ó Céileachair Gort an Imill
Noel Browne. Cluan Meala agus MagCromtha

A fuair bas ag an taca seo den bhliain

Ellen Scannell, Oifig an Phoist Baile Mhuirne
Con O Donoghue, Baile Mhic Íre Thoir
Ned Horgan Sliabh Riach
Peter Kelleher, Na Ceapacha

AIFREANNTAÍ

  • Baile Mhúirne        Satharn      6.30 i.n.

                                          Domhnach     11.30 r.n.

Na Ofráiltí éagsúil:-  Aifrinn/Earraigh 7rl

Offerings for Masses/Easter/Spring/ Stations etc

Is féidir ofráiltí d’fhágaint i mbosca litreach an Athair Domhnal Ó Briain nó Gerard Ó Loinsigh Cuil Aodha
nó iad a sheoladh ar aghaidh ag úsáid PayPal ar an suíomh seo ansa  http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/

Offerings or Easter dues can be left in the Ath Dómhnal’s or Gerard Ó Loinsighs’s letterbox
OR they can be payed online here using PayPal  http://paroistebailemhuirne.ie/ofrailti-offerings/


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Iób, Fáidh.       38:1. 8-11
Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.

D’fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:God to job
Cé a d’iaigh an mhuir isteach le comhlaí,
Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,
Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
Chuir mé teorainn léi,
Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.
Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo;
Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

Briathar Dé

Salm le Freagra         Sm 106
Freagra                         Ceiliúraigí an Tiarna óir maireann a ghrá go síorai.
Malairt Freagra       Alleluia!

I. An mhuintir a sheol an mhuir i longa
a dhéanamh tráchtála ar an aigéan ollmhór,
chonaic siad oibreacha an Tiarna
agus a iontais san fharraige.                             Freagra

2. Labhair seisean agus mhúscail gaoth na doininne,
thóg tonnta na mara suas go hard.
D’éirigh siad chun na spéartha is thit chun an duibheagáin;
bhí a n-anam á shnoí sa ghátar.                      Freagra

3. Agus scread siad ar an Tiarna ina n-anacair,
agus sheol sé as a dtrioblóidí amach iad.
Chiúnaigh sé an t-anfa go raibh ina leoithne,
agus thit tonnta na mara ina dtost.                 Freagra

4. Bhí lúcháir orthu toisc iad a bheith ciúin;
agus threoraigh sé iad chun cuain a méine.
Gabhaidís buíochas leis .an Tiarna as ucht a ghrá
agus as ucht a iontas do chlann na ndaoine.     Freagra

 

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh     5:14-17
Tá gach rud cruthaithe as an nua.

new clothes in christ A bhráithre, tá grá do Chríost dár dtiomáint ón uair a d’aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis. Agus fuair sé bás ar son cách d’fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d’aiséirigh ó mhairbh. As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh. Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa                        Lc 7: 16
Alleluia, alleluia!
Tá fáidh mór éirithe inar measc”;
Rinne Dia a phobal a fhiosrú.
Alleluia!

SOISCÉAL

Sliocht as Soiscéal de réir Naomh Mhatha          4:35-41
Cé hé an duine seo a rá go ndéanann gaoth agus farraigí rud air?

Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt Íosa lena dheisceabail :Christ and the StormGiorgio de Chirico, 1914 “Téimis trasna anonn.” Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan. D’éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”

Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?” Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”

Soiscéal Dé

 

AN CHRÉ.  Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.          AMEN

Maidir le Srutháil Aifrinn i gCúil Aodha/ Re live streaming of Cúil Aodha Mass

Ní bheidh éinne sna cuideanna glas deon séipéal le feiscint/The green areas of the church will not be seen online

Leave a Comment