Nuacht litir 21/11/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 21ú Samhain 2021

Solúntas Chriost Rí na nUile

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited up to Friday evening.


Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish

Féach Nuachtlitir míosúil do laetheanta speisialta as seo go Nodhlaig

See monthly newsletter to see arrangements from now to December

Baile Mhuirne
      

Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @10:00


IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

 

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Seán Ó Loingsigh, An Tóchar
Olan Collins, Cúm na Cloiche.
Eileen Lucey (Ní Bhrosnacháin), Cuimín a’ Bhric & Cill Áirne.
Rachel Bn Uí Thuama Ínse Geimhleach
Peigí Bn Uí Loinsigh Cúil Aodha
Séamus Bergin. Mountrath Co Laoise.
Dan O’Brien, Youghal
Peigí Noone (Ní Scannail)
Mary T. Ní Liatháin, Daingean na Saileach
Anne Ó Ríordáin, Cnoic an Iúir agus Árdán Ghobnatan
Síle Free (Ní Loinsigh) Ó Tuama Doire na Sagart agus Sliabh Riach,


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Dhainéil , Fáidh.         7:13-14
Tiarnas síoral a thiarnas

Jesus coming on cloudsChonaic mé i bhfíseanna oíche.
Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,
amhail mac an duine.
Thainig sé chun Sinsir na Laethanta,
agus cuireadh os a chomhair é.
Dó síud tugadh tiarnas,
glóir is ardfhlaitheas,
go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.
Tiarnas síoral a thiarnas,
nach rachaidh ar ceal,
ná ní scriosfar a ríocht.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia  

Salm le Freagra                Sm 92
Freagra                                Tá an Tiarna ina Rí: tá sé gléasta le maorgacht.

1. Tá an Tiarna ina Rí: tá sé gléasta le maorgacht;
chlúdaigh sé é féin le neart,
chrioslaigh sé é féin le cumhacht.            Freagra

2. Bhunaigh tú an domhan go dobhogtha;
tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta.
Ón tSíoraíocht atá tusa ann, a Thiarna.  Freagra

3. Is dearfa go deimhin do reachtanna.
Is do do theachsa is cuí an naofacht,
a Thiarna, go brách an breithe.                Freagra

DARA LÉACHT         

Sliocht as  Leabhar Apacailipsis       1:5-8
Rialtóir ríthe an domhain… rinne sé ríocht agus sagairt dá Dhia agus da Athair dínn.

Jesus 2nd comingIs é Íosa Críost an finné dflis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus da Athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen. Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen. ‘Mise an tAlfa agus an tÓmega,‘ a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, Rialtóir an Uile.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Mc 11: 10
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.                Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         18:33-37         Glóir duit, a Thiarna.
De réir mar a deir tú, is rí me.

San am sin dúirt Pioláit Ie hÍosa:
‘An tusa Rí na nGiúdach?’

D’fhreagair Íosa:

‘An uait féin a deir tú Kingdom of God an meid sin, nó an daoine eile a dúirt leat e mar gheall orm?
D‘fhreagair Pioláit: ‘An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom thú. Cad tá déanta agat?’
D‘fhreagair Íosa:
‘Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.’

Dúirt Pioláit leis: ‘Ach is rí thú ámh?’
D‘fhreagair Íosa:
‘De réir mar a deir tú, is rí me. Is é fáth ar rugadh mé agus ar tháinig mé ar an saol, chun fianaise. a thabhairt ar an bhfirinne. Gach aon duine ar den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.’

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 


Fógraí

Sabhálatacht Leannaí agus Oibreathóirí Deonacha

I láthair na huaire, táim ag déanamh athnuachtaint ar churaimí sábháltachta leannaí sa Pharóiste. Tá sé ráite ag Coiste na Deoise liom go bhfuilid chun iniúchadha a dhéanamh orainn chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil ár gcuramaí uilig déanta i gceart agus i gcóir againn, do réir polasaí na Deoise.
Mar sin, agus ar mhaithe leis na coinniallacha Deoise seo, caithfighmíd go léir, atá ag obair i séipéil an Paróiste, an Foirm Ráitis do Oibrí Deonach do líonadh isteach. Sé sin daoine sna córacha, ag bailiú airigid, na Léitheóirí, Ministéirí na hUcaraiste, Glantóirí 7rl. Ní hé seo an grinnfhiosrúchán gárdaí (Garda vetting form). Ní mór domsa clárú do dhéanamh ar na oibnreoirí deonacha go léir.
Bheinn fíor bhuíoch do gach éinne dá líonfaidís isteach na foirmeacha sna laethanta romhain.
Fágfad na foirmeacha sa phóirse ag cúl an tséipéil agus is féidir libh iad do chaitheamh isteach chughamsa, líonta amach, san Éardamh taréis Aifrinn aon lá. Má tá ceisteanna agat, táim breá sásta labhairt leat futhu.
Go raibh maith agaibh
An tAtahir Seán

I am currently updating all of our Child Safeguarding requirements in the parish
The diocesan safeguarding committee – following the diocesan policy – have advised me of an upcoming audit to ensure that all policies are being implemented and adhered to.
The Diocese requires at this time that all volunteers in the parish church – including choir members, readers, collectors, Ministers of the Eucharist, cleaners- fill in a Volunteer Declaration Form.This is not a Garda Vetting form. The diocese requires that I have a complete register of all volunteers.
I would be grateful if you could fill it in in the coming days.
I will leave copies of the form in the sacristy porch for you to fill in. You can drop your completed form in to me at the sacristy after any Mass on a weekday or at the weekend
If on receipt of the form you have any questions for me I will be happy to chat after any Mass

An Sacred Heart Messenger 2022
Má tá suim agat anMessenger a fháil don bhliain 2022, cuir glaoch ar Tessie Uí Aileasa 087 9642696 / 026 45418
Anyone interested in getting the Messenger ofr 2022, please contact Tessie Hallisey 087 9642696 / 026 45418 – you Local Promoter

Cumann Naomh Uinsean de Pól
Comhdháil Ghobnatan
Fearann an comhdháil fáilte roim aon clann nó duine ar mian leo cúnamh, Comhairle nó tacaíocht do lorg. Bíodh Fhios ag gach duine go bhfuil gach éileamh agus ceist faoi rún go h-iomlán. Is féidir teacht ar an gcComhdháil ag 086/2400574 or 021/ 4270444.

St Gobnait’s Conference.
St Vincent de Paul Society.
The conference invites any family or individual who wishes to avail of the support or advicethe Society may be able to assist with to do so knowing that all queries or requests will be treated in strictest confidence.
The Society may be contacted by telephoning
086/2400574 or 021/ 4270444.

Leave a Comment