Nuacht Litir 26/11/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Sollútas Ár dTiarna Íosa Chíost, Rí na nUile

(26/11/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás le Déanaí


Siobhán Ní Riórdáin Uí Néill. Doirín Aluinn/Londain/Eochail
Maighréad (Peig) Ní Iarfhlaithe Merrigan. Gort na Tiobratan/Gortnakeara Tiobrad Árainn.

A fuair bás an tráth seo bhliana

Nancy Uí Mhuirithe. Doire an Chuilinn Cuil Aodha
Damien Ó Duinnín Doire an Chuilinn Cuil Aodha
Margaret Leonard, Baile an Chollaigh

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Julia agus Jerry O’Leary, Lios Buí Mór
Martina Uí Riordáin, Cathair Céirín
Jack Lehane, Lios Buí Mór
Paddy and Nora Burke, Lios Buí Beag
Diarmuid O’Connell, Lios Buí Mór /Cúl na Cathrach


 

Sollútas Ár dTiarna Íosa Chíost, Rí na nUile

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar,  Ezícéal, Fáidh        34:11-12. 15-17
Maidir libhse, a thréad, a deir an Tiarna Dia: tú gaim breith idir caoirigh agus caoirighMosaic Image of Jesus

Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an treadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Rachaidh mé i gcabhair orthu nuair a theann siad ar séachrán sa cheo agus sa dorchadas.
Beathóidh mise mo chaoirigh agus tabharfaidh mé orthu a scíste a ligean-an Tiarna Dia a labhraíonn. Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh mé ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh mé an t-easlán ina neart. Tabharfaidh mé aire don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaim.

Maidir libhse, a thréad, a deir an Tiarna Dia: tú gaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus gabhair fhirinn.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 34
Freagra                               Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

1. Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí me i móinéar féaruaithne.                                                                                                         Freagra

2. Séolann sé ar imeall an uisce Jesus shep2 mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.                    Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde.
Ungann tú mo cheann Ie hola;mtá mo chupán ag cur thar maoil.  Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                    Freagra            

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh          15:20-26.28
Thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán.

Jesus hands overA bhraithre,  tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.

Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige. Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás. Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin
faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa
Alleluia, alleluia!

Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,  25:31-36               Glóir duit, a Thiarna.
Rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile.

San am sin duirt Íosa lena dheisceabail:Jesus at judgement
Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair.

Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise:
‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m’fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’
Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt:
Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal:
‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m’fheiceáil.’
Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’
Ansin freagróidh sé iad:
Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’ Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Margadh na nollag
Árus Éamon Mac Suibhne Cuil Aodha
10:00 – 1:00 3/12/2023

Bailte Slachtmhara /Tidy Towns

Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.

Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.

Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.

Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Céad Comaonie 2024

 

Leave a Comment